Nuacht

Fáiltiú do Mark Drakeford, Céad-Aire na Breataine Bige, agus do Lesley Griffiths, Aire Gnóthaí Tuaithe na Breataine Bige, ar champas UCC

14 Samh 2022
Foireann Brainwaves ag cur fáilte roimh Lesley Griffiths, Aire Gnóthaí Tuaithe na Breataine Bige, ag UCC

Bhíomar sásta dul i bpáirt le déanaí lenár gcomhghleacaithe ar thionscadal na hÉireann-na Breataine Bige atá lonnaithe ag UCC chun freastal ar fháiltiú do Mark Drakeford, Céad-Aire na Breataine Bige, agus do Lesley Griffiths, Aire Gnóthaí Tuaithe na Breataine Bige, ar champas UCC. 

B’iontach an rud é saibhreas an Chomhair idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag a léiriú tríd an tionscadal atá ar bun againn chun ros lachan agus fuíolluisce a luachshocrú. Comhroinneadh díospóireacht spéisiúil le Lesley Griffiths, Aire Gnóthaí Tuaithe na Breataine Bige, maidir leis an tionscadal agus léiríodh mórdhíograis ina leith. 

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr