Nuacht

Brainwaves pléite ar @10Things_ToKnow ar RTÉ 1

17 DFómh 2022
An tOllamh Marcel Jansen agus Kathriona Devereux ag gáire agus ag déanamh cuideachta roimh an taifeadadh!

Bhí lúcháir orainn fáilte a chur roimh Kathriona Devereux, craoltóir a bhfuil gradaim buaite aici, tráchtaire eolaíochta agus colúnaí, agus roimh a criú ceamara ó RTÉ go dtí ár saoráidí taighde i Scoil na nEolaíochtaí Bitheacha, na nDomhaneolaíochtaí agus na nEolaíochtaí Comhshaoil, UCC, le déanaí.

Tháinig Kathriona agus a foireann anseo chun ábhar a scannánú don tsraith is deireanaí de 10 Things to Know About, clár teilifíse eolaíochtdírithe an-spéisiúil a chraoltar ar RTÉ 1 tráthnóna Dé Luain. Agus í ag iniúchadh na sárfhorbairtí a rinneadh i dtaighde eolaíoch na hÉireann le déanaí, labhair Kathriona leis an Ollamh Marcel Jansen faoi chórais leasúcháin fuíolluisce a fhorbairt trí ros lachan dúchasach a úsáid, faoi na húsáidí a d’fhéadfaí a bhaint as bithmhais ros lachan agus faoin dóigh a gcuireann an taighde seo leis an mórghluaiseacht i dtreo próisis gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt in Éirinn.

Caith súil ar an taifeadadh anseo, agus sinn á bplé ó 4.25 nóiméad ar aghaidh. 

 

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr