Nuacht

Buail lenár mac léinn ar socrúchán ag Ollscoil Aberystwyth: Laurie Stevenson Uas.

21 Samh 2022
Laurie, agus í gnóthach sa tsaotharlann agus ag baint taitneamh as an ngné phraiticiúil den socrúchán.

Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Laurie Stevenson go foireann Brainwaves. Thángamar le chéile léi le déanaí chun cluinstin uaithi faoina cuid staidéir agus faoi conas a fuair sí ról sa tionscadal.

Táim ag déanamh céim i gCaomhnú Fiadhúlra ag Ollscoil Aberystwyth agus ba trí sheans a fuair mé an socrúchán seo. D’fhreastail mé ar choláiste talmhaíochta, áit ar aimsigh mé an spéis atá agam san éiceolaíocht. Le linn mo chéime ansin, ghnóthaigh mé spéis ar leith i dtalmhaíocht inbhuanaithe agus i nuálaíochtaí a bhaineann le bia a tháirgeadh do dhaonra a bhíonn ag fás, nuálaíochtaí amhail feirmeoireacht ingearach agus córais fáis hidreaponaigh.

Nuair a bhí mé ag pleanáil mo thráchtais, sheol mé ríomhphost chuig Dylan Gwynn-Jones chun a fháil amach cén obair a bhí ar bun aige. Thairg sé deis dom ansin mo chéim a athrú ina céim ceithre bliana agus socrúchán aon bhliana a dhéanamh ar thionscadal BRAINWAVES. Táim ag obair go cianda ar an socrúchán le beagán os cionn dhá mhí anuas, agus mé ag tabhairt faoi obair dheascbhunaithe amhail athbhreithniú a chur le chéile ar na páipéir is deireanaí ar na nithe difriúla a scrúdaítear i dtaighde ar ros lachan. D’fhéach mé go sonrach ansin ar an taighde ar ros lachan agus ar an tionchar a imríonn córais éagsúla solais ar fhás agus ar thógáil cothaitheach. Táim ag tabhairt faoi obair i bpearsa sna saotharlanna le mí anuas, agus bím ag baint taitneamh as an ngné phraiticiúil den socrúchán.  

Táim ag tnúth leis an gcuid eile de mo shocrúchán agus le deis a fháil, b’fhéidir, chun cuairt a thabhairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, chun breathnú ar an taighde atá ar bun ann. Táim ag smaoineamh anois faoin tionscadal a dhéanfaidh mé mar chuid de mo shocrúchán. San am i láthair, táim ag smaoineamh faoi rud éigin amhail an méid próitéine atá i ros lachan a thomhas agus a ionramháil d’fhonn an phróitéin sin a úsáid i mbeatha beostoic. Mar aon le deis a thabhairt dom rannchuidiú le taighde eolaíoch gníomhach agus le cuma an-mhaith a bheith air ar mo CV, tá súil agam go léireoidh an socrúchán seo dom cad ba mhaith liom a dhéanamh tar éis céim a bhaint amach agus go dtabharfaidh sé léargas dom ar ghairm thaighde.  

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr