Skip to main content

Cuairt ar Ollscoil Leipzig agus ar áras cónaithe Ambasadóir na hÉireann i mBeirlín

19 Dec 2025

Thug an Dr Katie Ní Loingsigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, cuairt ar Ollscoil Leipzig agus ar áras cónaithe Ambasadóir na hÉireann i mBeirlín faoin scéim Erasmus+ le linn mhí na Nollag.

Chaith an Dr Katie Ní Loingsigh tréimhse ag teagasc in Ollscoil Leipzig i dtosach mhí na Nollag. Mhúin sí ranganna ar an nGaeilge agus ar chúrsaí frásaíochta. Thug sí léacht phoiblí mar chuid de shraith sheiminéar taighde na hollscoile. Ina theannta sin, d'fhreastail sí ar ócáid na Nollag in áras cónaithe Ambasadóir na hÉireann i mBeirlín.

School of Irish Learning

Scoil Léann na Gaeilge

Contact us

Bloc A, Urlár na Talún, Áras Uí Rathaille / Block A, Ground Floor, O'Rahilly Building, UCC, Cork,

Connect with us

Top