Nuacht agus Imeachtaí | News and Events
Comhdháil Lae in Ómós don Ollamh Seán Ó Coileáin
Tionólfar Comhdháil Lae in Ómós don Ollamh Seán Ó Coileáin ar an 31 Deireadh Fómhair 2025 i Seomra Seimineár Choláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta, Áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
A Conference in Honour of Professor Seán Ó Coileáin will be held on 31 October 2025 in the Seminar Room of the College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences, O’Rahilly Building, University College Cork.
Saorchead isteach ach ní mór clárú roimh ré.
Cláraigh: NuaGhaeilge@ucc.ie
I measc na gcainteoirí ag an gcomhdháil seo, beidh iar-chomhleacaithe agus scoláirí a chaith tréimhsí ag staidéar i Roinn na Nua-Ghaeilge. Cuireann réimse na dtopaicí a phléifear ag an ócáid seo i gcuimhne dúinn gur scoláire ildánach é an tOllamh Ó Coileáin a bhfuil taighde tathagach déanta aige ar mhórán gnéithe de Léann na Gaeilge.
Among the speakers are former colleagues and scholars who have spent time studying in the Department of Modern Irish. The wide range of topics on the programme bring to mind Professor Ó Coileáin’s substantial contributions to numerous areas of study within the field of Irish Learning.
10 am Oscailt
10:15-10:45
An tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail
Cointinn na mbard ar bhás Thaidhg ‘Rábaigh’ Mhic Cárthaigh, Easpag Caitliceach Chorcaí agus Chluana, († 1747).
10:45-11:15
An Dr Liam P. Ó Murchú
Meas na bhfilí ar Mhurchadh Ó Briain an Séú Barún agus an Chéad Iarla Innse Uí Chuinn, 1614-1674.
11:15-12:00 Briseadh
12:00-12:30
An tOllamh Caoimhín Ó Muirigh
Béalaireacht agus litearthacht in Acallam na Senórach.
12:30-1:00
An Dr Mary Harris
Eoin MacNéill agus oidhreacht na nGael: Físeanna agus comhthéacsanna.
1:00-2:15 Briseadh
2:15-2:45
An Dr Seán Ua Súilleabháin
Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne: Insint Amhlaoibh Í Luínse.
2:45-3:15
An Dr Gearóidín de Buitléir
Clann Chraith i mBuitilérachaibh.
3:15-3:45
An Dr Deirdre Nic Mhathúna
Lorg na hiasachta ar fhriotal agus ar choincheapa in 'Mo thraochadh is mo shaoth lém ló thu'.
3:45-4:30 Briseadh
4:30-5:00
An Dr Pádraigín Riggs
Pádraic Ó Conaire, Seosamh Ó hÉanaí, The Dubliners - agus scéal ón mbéaloideas.
5:00-5:30
An Dr Stiofán Ó Cadhla
‘Ni teid nech cin dan i Temruig’: Aestéitiú an tseanchais.
5:30-6:00
An tOllamh Pádraig Ó Macháin
'Cait'
Saorchead isteach ach ní mór clárú roimh ré.
Cláraigh: NuaGhaeilge@ucc.ie