Ócáid in Ómós do Phádraig Tyers
Mar chomóradh céad bliain ar an lá ar rugadh Pádraig Tyers, reáchtáil Ionad na Gaeilge Labhartha, ócáid sa tSeomra Caidrimh, ar an 20 Deireadh Fómhair 2025. Deineadh plaic a nochtadh in ómós don bhfathach fir seo i saol na Gaeilge.
Comhdháil ar an bhFeasacht Teanga
D'eagraigh Ionad na Gaeilge Labhartha comhdháil ar an bhfeasacht teanga in ar an 11 Meitheamh 2026. Comhdháil ilteangach a bhí ann agus cuirfeadh aistriúchán comhuaineach go Béarla ar fáil le haghaidh na bpáipéar nach raibh sa teanga sin. Rinneadh scagadh sa chomhdháil seo ar na deisenna agus na dúshláin a bhaineann lenár gcuid feasachta ar an nGaeilge agus ar theangacha eile nach í sa tsochaí ilteangach ina mairimidne.
Thug An Coimisinéir Teanga an chéad pháipéar agus fuaireamar léargas ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (as TCÉ) chomh maith le peirspictíochtaí idirnaisiúnta ar theangacha neamhfhorleathana i gcomhar le UNIC. An tOllamh Mary Phelan (DCU) a chuir críoch leis an lá le páipéar dar teideal ‘The FGM case: an 'isolated case' or a symptom of a systemic problem?’
Is féidir brú anseo chun teacht ar chlár iomlán na comhdhála.