TypeError: Cannot read property "0" from null Skip to main content

Nuacht

Seoladh an Chláir um Fhadú na Gaeilge

27 MFómh 2024
Grianghraf: Max Bell

hAoine an 27 Meán Fómhair cheiliúraigh Barr na gCnoc seoladh an Chláir um Fhadú na Gaeilge (Gaeilge Stretch)

Chun cur lena gcumas Gaeilge, tabharfaidh daltaí bunscoile Chnoc na Sú Talún agus Scoil Mhuire ar Chnoc na hAoine uair sa tseachtain go ceann sé seachtaine i bpáirt le daltaí chéad bhliana agus dara bliana Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne. San uair sa tseachtain sin is ea a tharlaíonn teagasc na Gaeilge sa Chlár seo agus é de chuspóir leis misneach a thabhairt do na daltaí spraoi a bhaint as an dteanga.   

Tá de sprioc leis an gClár droichead a thógáil idir teagasc na Gaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Neadaithe sa chár tá príomhchumais fhoghlaim na teangan agus príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí, a bhfuil gaol gairid acu le chéile. Tugtar spreagadh do na daltaí na scileanna seo a shealbhú agus a fhorbairt ag stáisiúin fhoghlama éagsúla mar a dtugtann siad faoi chúraim áirithe a chur i gcrích go cruthaitheach, ina n-aonar agus i bpáirt le daltaí eile. Tugtar láimhleabhar ar leithligh do gach dalta in aghaidh na seachtaine, ina mbíonn téamaí áirithe á bplé. Bíonn deis ag na daltaí feabhas a chur ar a gcumas scríte agus labhartha agus ar a líofacht digiteach sa Ghaeilge.  

Hilary O’Connor, Scoil an Oideachais UCC, a cheap an cúrsa, agus is iad Hilary agus a comhghleacaí Seán Ó Broin, i bpáirt le Sean Ó Freaghaile ó Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne, na ceannairí. Bíonn deichniúr mac léinn de chuid UCC ag obair leo chun na t-ábhar a ullmhú agus a theagasc do thart ar cheithre fichead daltaí maidin Aoine. Bíonn an-tábhacht leis na mic léinn tríú leibhéal seo maidir le misneach a thabhairt do na daltaí scoile.  

Is mór ag Barr na gCnoc an tacaíocht leanúnach a thugann Príomhoide Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne, Phil O’Flynn, chomh maith le Maura Fennessy (Príomhoide Scoil Mhuire) agus Liz Hogan (Príomhoide Scoil Chnoc na Sú Talún) don gClár seo. 

For more on this story contact:

Adel Coleman, Bainisteoir Tionscnaimh: adel.coleman@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr