- an tAonad um Chur Chun Cinn Cáilíochta
- Bord na Gaeilge
- Cláir Acadúla agus Riaracháin
- Coiste Bithshábháilteacht
- Coiste um Fheabhsú agus um Fhorbairt Ghairmiúil Foirne
- Comhairleoir agus Ombudsman do Mhic Léinn
- Comhairliú agus Forbairt na Mic Léinn,
- Crèche Cois Laoi
- Foirgneamh agus Eastáit
- IGNITE
- Ionad na Gaeilge Labhartha
- Meitheal an Estáit Digitach
- Oifig Cosanta Radaíochta
- Oifig Iniúchta Inmheánaigh
- Oifig um Ghnóthaí Corparáideacha agus Dleathach
- Ollstór sonraí
- Pleanáil Straitéiseach agus Polasaí
- Polasaithe agus Nósanna Imeachta
- Seirbhís Sláinte na Mic Léinn
- Tairseach CORE
Nuacht
Rapairí agus Splanc na Gaeilge: Ceardlanna Rapcheoil sa Ghaeilge i gCnoc na hAoine, Cathair Chorcaí
-1.jpg)
Campa cúig lá a bhí ann idir 1-5 Iúil.
Tháinig Kabin Studios – a chruthaigh an sárfhíseán ‘The Spark’ – agus Barr na gCnoc (tionscnamh de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh) le chéile le déanaí chun sraith de cheardlanna rapcheoil a eagrú i gCnoc na hAoine i dtuaisceart chathair Chorcaí.
Campa Samhraidh ab ea é seo a thug deis don aos óg teacht i dtír ar an nGaeilge tré chruthaitheacht ealaíne agus tríd an gceol go háirithe. Campa cúig lá a bhí ann idir 1-5 Iúil.
Comhpháirtíocht is ea Barr na gCnoc idir an Ollscoil agus Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine, Faoi cheannas an Ollaimh Pádraig Ó Macháin atá, agus é i gcomhairle le Phil O’Flynn, Príomhoide na scoile.
Is é is cuspóir leis ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar áisitheoir oideachasúil agus sóisialta i gceantar agus i bpobal atá faoi mhíbhuntáiste. Chabhraigh an Ollscoil le hAonad Lán-Ghaeilge a chur ar bun sa Phobalscoil in 2019. Ag éirí as sin, bhronn an tÚdarás um Ard-Oideachas duais de luach €1m ar an Ollscoil chun tógaint ar an obair sin.
Daltaí scoile an cheantair a d’fhreastail ar an gCampa Samhraidh. Agus iad i mbéal an phobail de bharr ‘The Spark’, chuir Kabin Studios a gcuid saineolais ar fáil don gCampa, faoi stiúir Garry McCarthy (GMC Beats) agus an Dr Séamus Barra Ó Súilleabháin (UCC), agus faoi urraíocht Bharr na gCnoc. Ina theannta sin bhí buíon mhac léinn ón Ollscoil ina dteagascóirí sa Champa in éineacht le teagascóirí rapcheoil an Stiúideo féin.
“Thaispeáin na ceardlanna rapcheoil do na daltaí gur teanga bheo bheathach í an Ghaelainn.” a dúirt Alannah, duine de na teagascóirí ón Ollscoil. “Bhain siad ana-taitneamh go deo as an gcampa samhraidh, agus tháinig feabhas ollmhór ar a scileanna cumarsáide sa teanga.” Bhí aiseolais na ndaltaí thar a bheith dearfach leis, agus iad ar fad ag iarraidh páirt a ghlacadh sa champa samhraidh arís.
“Braithim gur rud nuálach ceannródaíoch é seo,” arsa an tOllamh Ó Macháin. “Táimíd d’iarraidh síol agus spioraid na Gaeilge a neadú go nádúrtha i measc an aosa óig, ina gcuid imeachtaí agus ina saol sóisialta. Ní ceantar talmhaíochta ná iascaigh é seo, ach ceantar cathrach a phléann le saol atá lonnaithe i bhfad Éireann ó shaol na dtéacsleabhar. Pribhléid is ea é bheith páirteach ann.”
For more on this story contact:
Adel Coleman
Bainisteoir Tionscnaimh, Barr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha