Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Laochra: comhoibriú iontach idir Barr na gCnoc agus an Kabin Studio

1 Márta 2026

Foilsíodh an t-amhrán agus na hacmhainní foghlama gaolmhara ag TG4 Foghlaim mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

For more on this story contact:

Cruthaíodh rap agus físeán ceoil úrnua eile ag scoláirí an Kabin Studio agus Barr na gCnoc. Scríobhadh Laochra den chéad uair ag an gcéad Champa Ghael- Rap de chuid an Kabin i mí Iúil 2024, agus tugadh beocht nua dó i mí an Mhárta 2026 chun ceiliúradh a dhéanamh ar Seachtain na Gaeilge. 

Le Heidi, Sophia agus Aaron mar phríomhthaibheoirí, dhírigh na scoláirí ar thábhacht na Gaeilge sa ghnáthshaol, ag roinnt na hinspioráide a thagann ó rapáil ina dteanga náisiúnta féin, agus ar an gcaoi gur féidir leat a bheith i do “laoch” i do scéal féin trí í a úsáid. Leanann an tionscadal seo traidisiún an Kabin Studio de hip-hop a úsáid mar uirlis chruthaitheach chun cumhacht a thabhairt do dhaoine óga agus chun an Ghaeilge a cheiliúradh. Foilsíodh an t- amhrán agus na hacmhainní foghlama gaolmhara ag TG4 Foghlaim mar chuid de Sheachtain na Gaeilge

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr