Sa Mhír Seo
- an tAonad um Chur Chun Cinn Cáilíochta
- Bord na Gaeilge
- Cláir Acadúla agus Riaracháin
- Coiste Bithshábháilteacht
- Coiste um Fheabhsú agus um Fhorbairt Ghairmiúil Foirne
- Comhairleoir agus Ombudsman do Mhic Léinn
- Comhairliú agus Forbairt na Mic Léinn,
- Crèche Cois Laoi
- IGNITE
- Ionad na Gaeilge Labhartha
- Meitheal an Estáit Digitach
- Oifig Cosanta Radaíochta
- Oifig Iniúchta Inmheánaigh
- Oifig um Ghnóthaí Corparáideacha agus Dleathach
- Ollstór sonraí
- Pleanáil Straitéiseach agus Polasaí
- Polasaithe agus Nósanna Imeachta
- Seirbhís Sláinte na Mic Léinn
- Tairseach CORE
Gael Rap ó dTuaisceart na Cathrach
Bhi ócáid iontach againn in Aula Maxima.
Bhí ócáid iontach againn in Aula Maxima, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Déardaoin an 19ú Márta chun deireadh a chur lenár gceiliúradh ar Seachtain na Gaeilge. Tháinig Barr na gCnoc agus an Kabin Studio le chéile arís chun na hamhráin Ghael-Rap a cruthaíodh sa Kabin Studio le dhá bhliain anuas a cheiliúradh.
Bhí an léiriú seo mar dheis chun grá nua na scoláirí don Ghaeilge a léiriú, chomh maith lena spéis sa teanga a roinnt le daoine eile agus an chaoi gur féidir an Ghaeilge a úsáid mar uirlis shóisialta a chruthaíonn áthas sa ghnáthshaol. Chan na scoláirí breis agus fiche amhrán, ina ngrúpaí agus ina n-aonair, le paisean agus fuinneamh dochreidte. Bhí os cionn 120 duine sa lucht féachana agus d’éirigh leo an slua ar fad a chur ar a gcosa do na hamhráin dheireanacha den oíche.
Bhí léiriúcháin de Is Linne Í, Fáilte go Knocka, agus go háirithe an t-amhrán nua Laochra ar chuid de bhuaicphointí na hoíche.
Roimh an léiriú, bhí taispeántas speisialta ann de Gealtra, scannán leis an Ealaíontóir Scannánaíochta Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, Brendan Canty. Is stiúrthóir iomráiteach agus ildámhachtanach é Brendan. Déanann an scannán álainn seo iniúchadh ar áit na Gaeilge sa Kabin Studio agus ar an tionchar atá ag an Kabin agus ag an teanga ar na daoine óga atá páirteach ann. Is fíorshaothar ealaíne é an scannán agus bhuaigh sé gradam don Ghné-Scannán Nua Éireannach is Fearr ag Cork International Film Festival le déanaí.
Gach Aoine, bíonn clár iarscoile comhoibríoch idir Barr na gCnoc agus an Kabin Studio ar siúil sa Kabin, áit a dtagann scoláirí le chéile chun rapanna Gaeilge a chumadh agus iad féin a chur in iúl trí cheol. Tá réimse leathan ábhar sna hamhráin - óna spéis sa Ghaeilge, go turais chuig an nGaeltacht, agus an mhuinín atá faighte acu trí ealaín a chruthú trí mheán na Gaeilge. Ba mhór an t-áthas é iad a fheiceáil ar an stáitse ag léiriú a gcuid saothar.
Bhí an taispeántas san Aula thar a bheith speisialta, agus táim fíorbhuíoch as an deis a bheith agam obair leis na daoine óga seo le dhá bhliain anuas agus an tionchar atá ag a gcuid Gaeilge agus Ghael-Rap ar an Taobh Thuaidh, ar fud na tíre, agus go hidirnáisiúnta a fheiceáil go díreach.
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh