Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe 2026


Bumblebee: Bord Cumarsáide don Léiriú Neamhbhriathartha 

Bhain triúr scoláirí dara leibhéal — Mikayla Ryan, Reece Morey, agus Alex McKee — aitheantas náisiúnta amach lena dtionscadal Bumblebee: Bord Cumarsáide don Léiriú Neamhbhriathartha. Bronnadh Dhua na nGnólachtaí ó Oifig an Ombudsman do Leanaí agus an Duais Sláinte agus Folláine orthu ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe na bliana seo. 
Spreag taithí phearsanta bhall foirne amháin, a bhfuil siblín neamhbhriathartha aici, an smaoineamh don Bhumblebee. Ba é a sprioc uirlis ísealchostais, idirghníomhach a chruthú chun cabhrú le daoine óga le huathachas neamhbhriathartha nó ADHD iad féin a chur in iúl trí shiombailí, dath, agus uigeacht. 
Tar éis míonna d’fhorbairt agus de thástáil, chruthaigh siad dhá leagan: cinn mhór le húsáid i seomraí ranga nó teiripe, agus samhail bheag phortáileach le stóráil do bhreagáin céadfacha. Úsáideadh ábhair ísealchostais chun a chinntiú go mbeadh an dearadh inrochtana do theaghlaigh agus do scoileanna. 
Forbraíodh an tionscadal le tacaíocht a múinteoirí agus le comhairle tionscnaimh “Barr na Gcnoc” in Ollscoil Chorcaí, a thacaíonn le nuálaíocht óige sa réigiún. D’eascair as an bpróiseas bord cumarsáide tadhlach, bunaithe ar chluiche, a éascaíonn féinléiriú agus rannpháirtíocht do dhaoine óga neamhbhriathartha. 
Is léiriú cumhachtach é Bumblebee ar an gcineál nuálaíochta a spreagann trua agus comhbhá — tionscadal a d’athraigh dúshlán pearsanta ina réiteach praiticiúil ar son na cuimsithe.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr