Faigheann mic léinn na chéad bhliana a scoláireachtaí
Gaelcholáiste Mhic Shuibhne
Cumasc idir dualgas COC i leith na páirtíochta pobail agus an dualgas um thaighde agus teagasc is ea Barr na gCnoc. Cuireann an tionscnamh seo acmhainní acadúla, daonna agus praiticiúla sa Ghaeilge ar fáil ar mhaithe leis an bpobal. Sa bhliain 2017 chuaigh COC i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne i gCnoc an Chuilinn, Cnoc na hAoine, chun tacaíocht a thabhairt dóibh i mbunú Aonaid Lán-Ghaeilge sa scoil, mar a ndéanfaí gach ábhar a theagasc tré Ghaeilge, ón gcéad bhliain ar aghaidh go dtí an Ard-Teistiméireacht. Freagra ar éileamh ón bpobal féin ab ea é seo, go gcuirfí rogha sa mheánoideachas ar fáil dá bpáistí i gceantar ina mbraitheann go leor daoine go bhfuil siad fágtha i leataoibh ag an saol. Tugadh cuireadh do COC páirt a ghlacadh sa togra seo, agus ba dá thoradh sin a bunaíodh Barr na gCnoc faoi cheannas an Ollaimh Phádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha. Osclaíodh an t-aonad (Gaelcholáiste Mhic Shuibhne) i 2019, agus tá tacaíocht COC ag leanúint ar aghaidh ó shin. Bhí tionscnamh Barr na gCnoc de chuid, ar na cúig buaiteoirí faoin Mhaoiniú Feidhmiúil de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas 2023.
Is mór an onóir dom ár gcoláiste agus forbairt spreagúil an aonaid Gaeilge i 2019 a chur in aithne duit. Tá rogha oideachais uathúil ag mic léinn agus a dteaghlaigh anois ar an Taobh Thuaidh de chathair Chorcaí. Cuireann na roghanna ábhair atá ar fáil, caighdeán ard áiseanna agus teagaisc, agus úsáid chomhtháite na teicneolaíochta san oideachas deis ar fáil do mhic léinn a gcuid staidéir a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacs oideachais comhaimseartha agus dinimiciúil.
Tá Coláiste Pobail Terence MacSwiney chun tosaigh maidir le cláir nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar fhreagairt ar riachtanais áitiúla. I nGaelcholáiste Mhic Shuibhne, tá an teanga agus an cultúr Gaelach lárnach i ngach gné de shaol an choláiste mar a léirítear í tríd an teanga, an ceol agus an spórt.
Tá suim mhór againn cloisteáil uait féin agus ó do pháistí. Mar thoradh ar ár dtiomantas cruthaithe do Ghuth an Mhic Léinn agus don phobal áitiúil, beidh fíor-thionchar agat féin agus ag do pháistí ar chruth agus ar fhorbairt an Choláiste seo.
Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht atá faighte againn go dtí seo. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil ach go háirithe, leis an Ollamh Pádraig Ó Macháin, a bhfuil a theachtaireacht tacaíochta le fáil inár Réamheolaire Coláiste. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár mbord féin as tacú lenár bplean agus le bainistíocht shinsearach BOO Chorcaí.
An Príomhoide Phil O'Flynn
Táimid an-bhródúil i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne as ár dteanga, ár scoláirí agus an éiteas scoile atá againn. Is cuid lárnach í an Ghaeilge de shaol na scoile agus chomh maith leis sin, cothaítear folláine gach dalta. Cuirtear béim ar an bhfoghlaim ‘s ar an bhforbairt i dtimpeallacht foghlama dhearfach, chuimsitheach.
Bhain mé céim amach sa mhúinteoireacht Corpoideachas agus Gaeilge ó COC i 2025. Táim ag obair mar mhúinteoir Gaeilge agus Cúntóir Teangan i nGaelcholáiste Mhic Shuibhe, Cnoc na hAoine. Cabhraím le daltaí a scileanna teangan a fhorbairt agus comhordaím diancheachtanna do na daltaí. Tá gliondar chroí orm an grá atá agam don Gaeilge a roinnt le na daltaí!
Bord Bainistíochta
Is mór ag an mBord Bainistíochta an chabhair a thugann Coláiste na hOllscoile Corcaigh don scoil seo againne agus an feachtas spleodrach Barr na gCnoc á chur i bhfeidhm sa phobal. Léiríonn dea-thoil an choláiste go soiléir go bhfuil ról lárnach ag an gcóras tríú leibhéal chun cur go mór le forbairt an oideachais ar an dtaobh ó thuaidh den gcathair. De bharr na féile agus na flaithiúlachta seo tá athrú suntasach tagtha ar chúrsaí oideachais agus is cúis áthais dúinn uile go bhfuil ról lárnach ag Gaelcholáiste Mhic Shuibhne sna hathruithe sin. Tá fuinneamh sa bhreis le brath anois agus is fuirist tionchar dearfach na Gaeilge a fheiscint ar fud na scoile. Tá an teanga agus an stair i lár an aonaigh agus tuigtear go soiléir d’aos óg na scoile a thábhachtaí is atá siad araon.
Ár Misean
An aidhm atá againn ná caighdeán ard foghlama a sholáthar agus ár ndaltaí a threorú ‘s a thacú i dtimpeallacht foghlama shábháilte, chuimsitheach, i gcomhar leis an bpobal scoile ‘s an pobal áitiúil. Tugann Gaelcholáiste Mhic Shuibhne deis do dhaltaí a bhfuil meas acu ar ár dteanga ‘s ár gcultúr, a gcumas acadúil a bhaint amach ina gceantar féin.
I measc na ngnéithe suntasacha tacaíochta laistigh de Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne tá:
Abhcóideacht trí rannpháirtíocht le tuismitheoirí agus le geallsealbhóirí tábhachtacha ag cruinnithe poiblí agus ag fóraim eile, agus i gcomhar le Barr na gCnoc, cuairteanna tuismitheoirí agus daltaí ar champas UCC a óstáil.
Tá an príomhoide, múinteoirí, foireann tacaíochta, SNAanna, ionadaithe ón gClár Críochnaithe Scoile agus ó Fhoróige, agus páirtithe leasmhara go léir mar chuid den Fhoireann Tacaíochta Daltaí (SST) de chuid GMS. Is é an fheidhm atá acu ná monatóireacht a dhéanamh ar dhaltaí a bhféadfadh tacaíocht bhreise a bheith de dhíth orthu le linn tréimhsí den bhliain scoile agus cabhrú leo.
Is cuid dhílis dár misean i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne ná an Cúram Tréadach agus tá sé fite fuaite le gach gné de shaol na scoile. Tá ár bprionsabail Cúraim Thréadaigh bunaithe ar ár Ráiteas Misin ina ndéanaimid ár ndícheall ár ndaltaí go léir a threorú agus a chothú i dtimpeallacht chúramach.
I nGaelcholáiste Mhic Shuibhne, éascaímid forbairt gach ball dár bpobal scoile agus cothaímid caidreamh bunaithe ar mheas ina bhfuil luach ar gach duine aonair in atmaisféar atá comhbhách agus dearfach.
I gcroílár ár gcreat oibre tá na róil oibre Tréadach, agus cuireann gach ceann acu le nádúr cúraim Tréadach phobal na scoile. Cé go bhfuil gné oibre ag gach ball foirne ina ról, aithnímid go gcomhlíonann daoine áirithe róil thábhachtacha sa réimse seo. Áirítear leo seo an Príomhoide, an Leas-Phríomhoide, Comhordaitheoirí na Sraithe Sinsearaí agus Sóisearaí, Ceannairí Bliana, Múinteoirí Ranga, an Séiplíneach, Comhordaitheoir Idirchaidrimh Baile-Scoile, Foireann Chríochnaithe Scoile Le Chéile, Múinteoirí um Iompair don Fhoghlaim, an Fhoireann Chúraim, Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus an Comhairleoir Treorach.
Tá réimse polasaithe agus clár mar bhonn agus mar threoir don chúram oibre sa scoil, lena n-áirítear:
Plean Deis
Cód Iompair
Polasaí Frithbhulaíochta
Polasaí Teagmhais Chriticiúla
Polasaí Sláinte & Sábháilteachta
Tionscnamh Iompair Dearfach
Clár Ionduchtaithe do bhaill fhoirne na chéad bhliana agus do bhaill fhoirne nua
Clár Oideachais Shóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
Tacú le daltaí tré
scoláireachtaí a sholáthar do dhaltaí céad bhliana an aonaid. Tarlaíonn bronnadh na scoláireachtaí seo ag ócáid bhliantúil san Ollscoil.
urraíocht a dhéanamh ar sheal foghlama sa Ghaeltacht do na daltaí i gcampas seachtrach COC, i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.
urraíocht a dhéanamh ar obair dheonach ag mic léinn COC le daltaí an aonaid (imeachtaí agus clubanna obair bhaile).
Tacú le múinteoirí tré ranganna feabhais sa Ghaeilge a sholáthar sa phobalscoil Bhéarla chun éascú a dhéanamh ar aistriú na múinteoirí go dtí an t-aonad nuair is gá sin, agus tré leanúint leis na ranganna sin laistigh den aonad chomh maith. Is iad An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a dheineann urraíocht ar na ranganna seo.
Tacú le tuismitheoirí tré pháirt a ghlacadh in oícheanta faisnéise, agus tré ranganna Gaeilge a chur ar fáil dóibh um thráthnóna.
Áirítear Cnoc na hAoine ar cheann de sé cinn de Comharsanachtaí Foghlama i gCathair Chorcaí. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Foghlama Saoil, d’eagraigh Barr na gCnoc trí ócáid i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne chun teanga agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
Cuireadh ‘Irish for the Terrified’ ar siúl Dé Céadaoin an 10ú Aibreán. Ócáid uair a’ chloig ab ea í seo d’aoinne a raibh ceann fé air nó uirthi i leith na teangan. An tOllamh Pádraig Ó Macháin agus ochtar mac léinn de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a chabhraigh san ócáid seo agus a thacaigh le tuismitheoirí agus leis an bpobal áitiúil dóthaint Ghaeilge a shealbhú is a chuirfeadh ar a gcumas lón a ordú. Bhí lón ar fáil do gach aoinne ina dhiaidh sin, rud a thug deis dosna foghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh.
Dé hAoine an 12 Aibreán chas an pobal ar an nGaelcholáiste arís chun Céilí Mór Bharr na gCnoc a bhlaiseadh. Chuaigh foireann teagaisc na scoile i bpáirt leo. Agus Banna mór Céilí ag seimnt, thapaíodar an deis chun feabhas a chur ar a gcumas rince,
Tharla an tríú ócáid an Luan dár gcionn nuair a bhí deis ag an bpobal triail a bhaint as buille a bhualadh ar chraiceann gabhair, ceol a bhaint as an mbodhrán agus an teaspach a bhaint díobh féin.
Barr na gCnoc
Agus an tionscnamh seo ag dul chun cinn, tharraing Barr na gCnoc ar thaighde idirnáisiúnta ó Ollscoil Phennsylvania (Netter Center for Community Partnerships) chun múnla a chruthú don bhfeabhsú oideachais a bhí bunaithe ar theoiric agus ar phraitic. B’é bun agus barr an taighde sin ná go dtairbhíonn daltaí scoile go mór de theacht a bheith acu ar fhoghlaim oiriúnach teanga, de roghanna éagsúla oideachasúla, d’acmhainní uileghabhálacha pobail, agus de dheiseanna cothroma a bheith ar fáil dóibh.
Tá an togra seo bunaithe go hiomlán ar chaidreamh leis an bpobal ónar tháinig an t-éileamh seo chéad uair. Baineann sé leas as bun-shonraíocht náisiúnta um scoileanna DEIS maidir le míbhuntáiste oideachais. Tá comhpháirtíocht torthúil cruthaithe ag Barr na gCnoc a théann chun tairbhe an dá pháirtí. Tá feabhas á chur ar chaighdeán na beatha agus na foghlama sa scoil agus sa phobal, agus an pobal féin á chumasú anuas air sin. Tá tiomantas COC i leith an chaidrimh phobail curtha chun cinn chomh maith. Ar thionchair an togra go dtí seo tá:
B’iad an chéad díorma de dhaltaí 2019-2020 an chéad bhuíon riamh de dhaltaí Chnoc na hAoine a dhein scrúduithe stáit tré mheán na Gaeilge. Bhí a dtorthaí i dTeastas Sóisearach 2022 ar chomhchéim le torthaí scoileanna nach scoileanna DEIS iad, rud nach nós le scoileanna DEIS de ghnáth a mbíonn a dtorthaí níos ísle de ghnáth (S.M. Nelis et al., Beyond achievement (2021); E. Smyth et al. Learning from the Evaluation of DEIS (2015).
Bhí páirt nár bheag ag an bpobal i mbunú agus i bhfás an aonaid, arbh é éileamh na dtuismitheoirí ar rogha san oideachas mar cheart daonna a bhunús. D’eascair feabhas suaithinseach ar an gcapatal sóisialta – an pobal ag cur le chéíle chun leasa an uile dhuine – as seo, agus é le feiscint sa chur le chéile ag gach aon chéim den dtogra.
Toradh neamhchoitianta a bhaineann le Barr na gCnoc ná an t-athrú atá tagtha ar an tslí ina mbreithníonn na daltaí agus a dtuismitheoirí ar an ard-oideachas anois. Roimhe seo ní ritheadh an t-ard-oideachas leo mar sprioc réalaíoch, ach anois áirítear ina fhéidearthacht inrochtana réasúnta é. Do réir staidéir a deineadh ar an dtogra:
"Parents and pupils of this new Irish-medium school, without exception, expressed the view that third-level education, and specifically UCC, had now become an aspiration of parents/guardians and an ambition of all pupils . . . It seems clear that one of the reasons for this remarkable shift in attitude is the presence of University College Cork . . . throughout the establishment process of this new school, and their continued presence and involvement as the school develops".
Is mó rud atá bainte amach ag Barr na gCnoc ar féidir a thoradh a thomhas ar na duaiseanna atá buaite ag Gaelcholáiste Mhic Shuibhne:
Duais Gaisce an Uachtaráin
Gaelbhratach Fhoras na Gaeilge
Duais Euroscola, Parlaimint na hEorpa (i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne) 2023
Sa bhliain 2026, bhuaigh mic léinn ó GMS agus TMS dhá ghradam ag Taispeántas Eolaithe Óige Stripe.
Tharla an barr bua go luath mí na Bealtaine 2023 nuair a bhuagh na daltaí an ‘Virgin Digital Innovators Award’ i searmanas i bPáirc an Chrócaigh, as leabhar dátheangach Códú 4 U a scríobh agus aip a chumadh a ghabhann leis.
Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe
Bhain triúr scoláirí dara leibhéal — Mikayla Ryan, Reece Morey, agus Alex McKee — aitheantas náisiúnta amach lena dtionscadal Bumblebee: Bord Cumarsáide don Léiriú Neamhbhriathartha. Bronnadh Dhua na nGnólachtaí ó Oifig an Ombudsman do Leanaí agus an Duais Sláinte agus Folláine orthu ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta Stripe na bliana seo.
Bronnadh Gradam Nuálaithe Digiteacha de chuid Virgin Media ar ghrúpa daltaí ó Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne agus Choláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne mar aitheantas ar thionscnamh dá gcuid dár teideal ‘Class Connections’. Dhein na daltaí fréamhshamhail d’aip a a dhearadh agus a fhorbairt chun teagmháil a choimeád le daltaí nach raibh ar a gcumas freastal ar an scoil ach go hannamh. Trí naisc le cairde, múinteoirí agus foireann na scoile a éascú, tá sé mar aidhm ag an aip maolú a dhéanamh ar na mothúcháin aonraithe agus imní a bhaineann le filleadh ar an scoil tar éis do dhuine bheith tamall as láthair.
Scéim Chónaitheach sa Ghaeltacht
Le linn a thréimhse scoile, bíonn an deis ag gach dalta ó Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne freastal ar sheachtain fhoghlama sa Ghaeltacht, i nGaeltacht Corca Dhuibhne agus Gaeltacht na nDéise. Is é an aidhm leis an Seal Gaeltachta seo ná díograis i leith úsáid laethúil na teanga a spreagadh i measc na ndaltaí agus béim a leagan ar thábhacht an bhróid agus na féiniúlachta. Tá na gníomhaíochtaí seo ar fad mar chuid de thionscnamh Barr na gCnoc. Tá na gníomhaíochtaí Gaeltachta seo mar chroílár an philéir ‘Tacú le daltaí’ den tionscnamh.
Cost Action COC
I gcomhar le Cost Action MultiLiLiTrans agus Barr na gCnoc, ghlac daltaí Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne páirt i bpainéal plé in UCC. Phléigh cúigear daltaí ó bhliain a haon go bliain a cúig ról na Gaeilge ina saol, tábhacht an teanga san oideachas agus an chaoi ar thug úsáid na Gaeilge ina gceol agus ina bhfilíocht beocht don teanga agus conas ar spreag sé a bpaisean don fhoghlaim.
Cuireann Gaelcholáiste Mhic Shuibhne réimse leathan ábhar ar fáil don tSraith Shóisearach. Déantar staidéar ar na hábhair seo a leanas: Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Fraincis, Tíreolaíocht, Adhmadóireacht, Ceol, Eolaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, OSSP, OSPS, Corpoideachas, Oideachas Reiligiúnach, Treoir, Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha agus Códú. Tá cúrsa Folláine ar fáil do dhaltaí atá mar chuspóir aige gur saoránaigh gníomhacha, ainteacha, feasacha agus achmhainneacha a bheidh inár ndaltaí sa todhchaí. Bronnfar Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) ar dhaltaí freisin a aithneoidh a rannpháirtíocht i réimse leathan foghlama eile.
Is scoil ‘Apple iPad’ í Gaelcholáiste Mhic Shuibhne le háiseanna teicneolaíochta den scoth ar fáil do chách. Baineann daltaí agus múinteoirí úsáid as an iPad ar bhonn laethúil. Creidimid go gcuireann an teicneolaíocht le taithí foghlama na ndaltaí agus go n-ullmhaíonn sé do shaol an lae inniu iad. Is slí nuálach agus suimiúil í a bheith ag foghlaim leis an raon mór aipeanna atá ar fáil agus spreagann sí cumas theicniúil na ndaltaí ag an am céanna. Cuireann an cur chuige chomhtháite atá againn le féin-mhuinín agus neamhspleáchas na ndaltaí.
Roghnaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an scoil seo chun gearrchúrsa Chódaithe a sholáthar don tSraith Shóisearach ar bhonn píolótach. Tá an cúrsa seo curtha ar fáil i gcomhar le comhlacht ilnáisiúnta teicneolaíochta áitiúil.
Cuireann Gaelcholáiste Mhic Shuibhne an Teastas Ardteistiméireachta Bunaithe (ATB) agus an Teastas Ardteistiméireachta Fheidhmeach (ATF) ar fáil. Cúrsaí a dhéantar staidéar orthu le linn na 5ú agus na 6ú bliana.
Teastas Ardteistiméireachta Bunaithe (ATB)
Ní mór do mhic léinn staidéar a dhéanamh ar na sé ábhar éigeantacha agus trí cinn a roghnú ón liosta ábhar roghnach.
Is Teastas Ardteistiméireachta dhá bhliain é an Teastas Ardteistiméireachta Fheidhmeach atá ar fáil do mhic léinn ar mian leo clár praiticiúil a leanúint le béim láidir ar chleachtas praiticiúil agus ar scileanna gairmiúla.
Bíonn lá amháin taithí oibre sa tseachtain i gceist leis an gcúrsa. Ina theannta sin, roghnaíonn mic léinn dhá speisialtacht ghairmiúil.
Déanann mic léinn i dTraolach MacSuibhne staidéar ar na hábhair seo a leanas: Gaeilge, Béarla & Cumarsáid, Feidhmeanna Matamaiticiúla, Teicneolaíocht, Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, Oideachas Sóisialta, Lónadóireacht Óstáin & Turasóireacht, Fóillíocht agus Áineas, Ealaín Amhairc.
Déanann na mic léinn staidéar freisin ar Speisialtachtaí i gCeardaíocht agus Dearadh, Staidéir Fóillíochta Gníomhaí, Riarachán Oifige agus Cúram Custaiméirí.
Is rogha é clár na hIdirbhliana. Ní mór do mhic léinn ar mian leo an Idirbhliain a dhéanamh iarratas a dhéanamh don chlár agus cuirtear agallamh orthu. Is cuspóir tábhachtach de chuid na hIdirbhliana scileanna riachtanacha a fhorbairt do mhic léinn atá ag dul isteach sa tSraith Shinsearach agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.
Seo a leanas cuid de na scileanna sin:
Scileanna Taighde
Scileanna Cur i Láthair & Cumarsáide: litearthacht labhartha agus muinín a fhorbairt. Is féidir le mic léinn obair a chur i láthair trí iMovie/Keynote do thuismitheoirí ag a searmanas céime.
Scileanna Teicniúla: is féidir leis na mic léinn Idirbhliana físeán agus/nó grianghraif dá dturas Idirbhliana a thaifead, a stiúradh, a chur in eagar agus a léiriú. Is féidir leo na scileanna seo a úsáid freisin chun físeán/grianghrafadóireacht a dhéanamh den seó Nollag Idirbhliana, ag taispeáint an obair ar stáitse agus taobh thiar de na radhairc.
Meantóireacht: Nuair a bheidh na scileanna sin foghlamtha ag na hIdirbhliana, is féidir leo meantóireacht a dhéanamh ar an rang Idirbhliana atá ag teacht isteach agus an méid atá foghlamtha acu a roinnt.
Freastalaíonn mic léinn ar Chlár Cónaitheachta sa Ghaeltacht ar feadh seachtaine le Barr na gCnoc, UCC
Gné spreagúil den chlár is ea na buntáistí do mhic léinn a bhaineann le rannphártíocht Terence MacSwiney i dTionscadal Scoileanna Apple Chorcaí.
Déanfaidh foireann Apple meantóireacht ar dhaltaí na hIdirbhliana maidir le scileanna a fhorbairt le haghaidh taithí oibre: réiteach fadhbanna, cur i láthair féinig, cumarsáid agus féinfheasacht.
Forbróidh an fhoireann clár intéirneachta/taithí oibre do dhaltaí le Apple freisin.
SPÓRT
Is cuid lárnach é an spórt i saol Gaelcholáiste Mhic Shuibhne. Cothaíonn sé forbairt shóisialta, mheabhrach agus mhothúchánach i measc na ndaltaí. Cuirfear béim faoi leith ar na cluichí Gaelacha ; iománaíocht, peil agus camógaíocht. Tá foireann lúthchleasaíochta rathúil againn freisin. Is í Inion Ní Éalaithe, múinteoir Corpoideachais agus lúthchleasaí idirnáisiúnta, cóitseálaí na foirne.
CEOL
Tá an ceol anthábhachtach i gcultúr na scoile. Tugtar deis do dhaltaí páirt a ghlacadh in imeachtaí ceoil éagsúla chun bua an cheoil a chur chun cinn i measc na ndaltaí. Cuireann Music Generation agus Music Mash Up ranganna ceoil ar fáil do dhaltaí ina gceantar féin.
Gach bliain, léirímid ceoldráma in Áras Ceoldráma Chorcaí. Déanann TOMAR urraíocht ar an dtogra seo. Is é Ciarán Birmingham, an t-aisteoir aitheanta atá ina stiúrthóir ar an gceoldráma. Ghlac Ciarán páirt i Game of Thrones agus The Young Offenders. Bíonn se páirteach go rialta freisin i bpaintimím na Nollag san amharclann Everyman. Spreagtar daltaí le bheith páirteach sa cheoldráma.
CÓRAS TACAÍOCHTA SCOLÁIRÍ
Tá córas tréadchúraim éifeachtach i bhfeidhm sa Choláiste agus tá réimse leathan tacaíochtaí bhreise ar fáil do scoláirí chomh maith go dátheangach ar nós:
Tacaíocht iompair
Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (TBSP)