Nuacht agus Imeachtaí | News and Events
Meamram Comhthuisceana / Memorandum of Understanding

Tá síneadh cúig bliana curtha lena Meamram Comhthuisceana ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Coláiste na Rinne.
UCC and Coláiste na Rinne have extended their Memorandum of Understanding for a further five years.
Tá síneadh cúig bliana curtha lena Meamram Comhthuisceana ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Coláiste na Rinne. Tá an Meamram seo tar éis bonn a chur fé imeachtaí mac léinn UCC i nGaeltacht na nDéise le tamall de bhlianta, fochéimithe, iarchéimithe agus mic léinn idirnáisiúnta. Tá sa phictiúr ag ócáid an 5ú Feabhra, na sínitheoirí (ó chlé): Aonghus Ó hEocha (Cathaoirleach, Bord Stiúrtha Choláiste na Rinne), Críostóir Ó Faoláin (Bainisteoir), an tOllamh Stephen Byrne (Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir, UCC) agus an tOll. Pádraig Ó Macháin (Ollamh le Nua-Ghaeilge). Baill foirne eile ó UCC a bhí i láthair ná an Dr Síle Ní Mhurchú, an Dr Ríona Ní Churtáin agus an Dr Máire Ní Iceadha (Roinn na Nua-Ghaeilge), an Dr Caitríona Breathnach (Ionad na Gaeilge Labhartha) agus an Dr Ciarán Ó Gealbháin (Roinn an Bhéaloidis).
UCC and Coláiste na Rinne have extended their Memorandum of Understanding for a further five years. This MOU has supported extensive student activity in Gaeltacht na nDéise for undergraduates, postgraduates and visiting students of UCC. Pictured at the signing event on the 5th of February were the signatories (l-r): Aonghus Ó hEocha (Cathaoirleach, Bord Stiúrtha Choláiste na Rinne), Críostóir Ó Faoláin (Bainisteoir), Prof. Stephen Byrne (Deputy President and Registrar, UCC) and Prof. Pádraig Ó Macháin (Professor of Modern Irish). Other UCC representatives in attendance were Dr Síle Ní Mhurchú, Dr Ríona Ní Churtáin and Dr Máire Ní Iceadha (Dept. of Modern Irish), Dr Caitríona Breathnach (Ionad na Gaeilge Labhartha) and Dr Ciarán Ó Gealbháin (Dept of Folklore).