Skip to main content

Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar | Forging Connections

26 Feb 2026

Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar   Sraith Imeachtaí Liteartha

Forging Connections   A Reading Series of Irish-language writers and the Wider World

Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar - Forging Connections

A bhuí le tacaíocht ó Choláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta

Tuilleadh eolais ó Ailbhe.nighearbhuigh@ucc.ie

 

 

Éire agus an Airgintín

Déardaoin 26 Feabhra, 18.30-20.00:

Léifidh an file Áine Uí Fhoghlú dánta óna leabhar nua Scéala ó Charolina (Éabhlóid). Beidh an t-aistritheoir Aigintíneach, Jorge Fondebrider, ina teannta agus cuid d’aistritheoirí an Bhéarla chomh maith. Ócáid cheiliúrtha thrí-theangacha bheidh ann i Seomra Coiteann na Foirne i gCearnóg na hOllscoile. 

Éire agus Albain

Dé Céadaoin 4 Márta, 17.00-18.00:

Beidh Pádraig MacAoidh/Peter Mackay, File Náisiúnta (Makar) na hAlban agus Ollamh le Litríocht in Ollscoil Naomh Aindriú, ag léamh a shaothair (i nGàidhlig na hAlban agus i mBéarla) i Seomra Seimineáir CACSSS in Áras Uí Rathaille.

Éire agus an Eoraip

Dé Máirt 24 Márta, 17.00-18.30:

Labhróidh an Dr Diarmuid Johnson faoina shaothar, Deoch an Tobair (Leabhar Breac). Scríbhneoir ilteangach agus fear léinn é Diarmuid atá ag cur faoi ar an mór-roinn le fada. Beidh an cur i láthair seo ar siúl i Seomra Seimineáir CACSSS in Áras Uí Rathaille mar chuid dá mhionchónaitheacht i Scoil Léann na Gaeilge.

 

Ireland and Argentina

Thursday 26 February, 18.30-20.00

Poet Áine Uí Fhoghlú will read from her new book, Scéala ó Charolina (Éabhlóid). Joining her will be the Argentinian translator, Jorge Fondebrider, as well as some English translators of her poems. This celebratory tri-lingual event will be held in the Staff Common Room at UCC.

Ireland and Scotland

Wednesday 4 March, 17.00-18.00

The National Poet (Makar) of Scotland, Professor Peter Mackay, will give a bilingual reading from his work in Scottish Gaelic and English. This event will take place in the CACSSS Seminar Room in the O’Rahilly Building.

Ireland and Europe

Tuesday 24 March, 17.00-18.30

Dr Diarmuid Johnson is a multilingual author, scholar, translator and musician who has been living on the continent for many years. A prolific writer, he will speak about his recent book, Deoch an Tobair (Leabhar Breac). This Irish-language presentation is one of a number of events he will undertake as part of a micro-residency in the School of Irish Learning.

 

These events are kindly funded by the College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences

 For more information, please contact Ailbhe.nighearbhuigh@ucc.ie

School of Irish Learning

Scoil Léann na Gaeilge

Contact us

Bloc A, Urlár na Talún, Áras Uí Rathaille / Block A, Ground Floor, O'Rahilly Building, UCC, Cork,

Connect with us

Top