Foclóireacht agus Frásaíocht na Gaeilge 2026
Reáchtálfaidh Roinn na Nua-Ghaeilge, UCC comhdháil lae dírithe ar fhoclóireacht agus ar fhrásaíocht na Gaeilge ar an 27ú Bealtaine 2026
Comhdháil lae ar fhoclóireacht agus ar fhrásaíocht na Gaeilge
Ba mhór ag Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh tú a bheith i láthair ag an gcomhdháil lae, Foclóireacht agus Frásaíocht na Gaeilge 2026, a bheidh ar siúl ar an 27ú Bealtaine 2026.
Aoi-léacht na Comhdhála:
Pádraig Ó Mianáin, Cormac Breathnach (Rannóg na Foclóireachta, Foras na Gaeilge)
‘Ó fhocail gan áireamh go focail san áireamh: roghnú agus rangú an ábhair i bhfoclóirí nua Gaeilge Fhoras na Gaeilge’
Tuilleadh eolais: Dr Katie Ní Loingsigh
Saorchead isteach ach ní mór clárú roimh ré
Le tacaíocht ó Roinn na Nua-Ghaeilge agus Ciste Taighde, CACSSS, UCC.
Gairm ar Phaipéir:
School of Irish Learning
Scoil Léann na Gaeilge
Contact us
Bloc A, Urlár na Talún, Áras Uí Rathaille / Block A, Ground Floor, O'Rahilly Building, UCC, Cork,