Sa Mhír Seo
- an tAonad um Chur Chun Cinn Cáilíochta
- Bord na Gaeilge
- Cláir Acadúla agus Riaracháin
- Coiste Bithshábháilteacht
- Coiste um Fheabhsú agus um Fhorbairt Ghairmiúil Foirne
- Comhairleoir agus Ombudsman do Mhic Léinn
- Comhairliú agus Forbairt na Mic Léinn,
- Crèche Cois Laoi
- IGNITE
- Ionad na Gaeilge Labhartha
- Meitheal an Estáit Digitach
- Oifig Cosanta Radaíochta
- Oifig Iniúchta Inmheánaigh
- Oifig um Ghnóthaí Corparáideacha agus Dleathach
- Ollstór sonraí
- Pleanáil Straitéiseach agus Polasaí
- Polasaithe agus Nósanna Imeachta
- Seirbhís Sláinte na Mic Léinn
- Tairseach CORE
Cuairt an Uachtaráin
Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, go Gaelcholáiste Mhic Shuibhne.
Thug an Uachtarán cuairt ar an scoil chuna an obair dhian atá idir láimhe ag teagascóirí, agus daltaí bunscoileanna áitiúla le Gaeilge Stretch, agus daltaí an Aonaid a fheiceáil.
D'fhreastail an Uachtarán ar taispeántas Gaeilge Stretch i leabharlann GMS. Bhuail an Uachtarán le daltaí agus múinteoirí na scoileanna a oibríonn in éineacht linn. Bhain na daltaí an-taitneamh as agus rinneadar gaisce agus iad i mbun oibre os comhair an Uachtaráin.
Lean an Uachtarán ar aghaidh go dtí an tAonad Lán Gaeilge. Bhuail sí le daltaí an Aonaid agus phléigh sí cúrsaí scoile leo. Bhuail an Uachtarán le Comhairle na nDaltaí, comhairle a thugann guth do na daltaí in imeachtaí na scoile.
Bhuail an Uachtarán ansin leis na Eolaí Óg a bhuaigh an corn “Ombudsman do Leanaí” agus a bhuaigh ina gcatagóir. Bhí an suim aici sa tionscnamh agus labhair sí go hard faoi na daltaí agus a dtionscnamh.
Lean an Uachtarán ar aghaidh chun féachaint ar mhórthaispeántas tionscnaimh adhmadóireachta a dheineadh sa scoil. Léirigh sí féin agus a fear céile, Brian, an- suim sna tionscnaimh. Mhol sí go hard iad.
Chríochnaigh cuairt an Uachtaráin sa halla tionóil, áit a raibh taispeántas ceoil le múinteoirí agus daltaí na scoile. Chan na daltaí Gael-Rap a chruthaíodar ag campa samhraidh a bhí ar bun ag Brr na gCnoc.
Ba mhór an onóir dúinn gur thugan Uachtarán cuairt orainn. Spreag sí na ndaltaí agus mhol sí go hard iad. Labhair sí faoin scoil, agus dúirt sí gur “teach solas” é an scoil don daonra i dtuaisceart na cathrach.
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh