Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Bronnadh Scoláireachtaí Bharr na gCnoc ar dhaltaí Ghaelcholáiste Mhic Shuibhne

1 DFómh 2026

Ar an 1ú Deireadh Fómhair 2026 bhronn Barr na gCnoc naoi scoláireacht ar daltaí nua na chéad bhliana de chuid Gaelcholáiste Mhic Shuibhne, Cnoc na hAoine, Corcaigh.

Ócáid bhliantúil í seo agus cúis mhór mhórtais do Bharr na gCnoc ab ea é aitheantas foirmiúil a thabhairt do na daltaí seo agus iad ag tosnú amach ar oideachas dara leibhéal tré Ghaeilge. Ráiteas cumhachtach féin-aitheantais is ea é ó na daltaí agus ón bpobal dár de iad i gCnoc na hAoine agus  i gCnoc an Chuilinn an cinneadh seo oiliúint tré Ghaeilge a roghnú.

Fearadh na tuartha fáilte roimh na daltaí céidbhliana san ócáid speisialta a eagraíodh in Aula Maxima na hOllscoile. Tháinig a muintir agus a múinteoirí leo. An tOllamh Stiofán Ó Broin, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir na hOllscoile, a bhronn na scoláireachtaí ar na daltaí. Tar éis bhronnadh na scoláireachtaí, cuireadh turas Ollscoile tré Ghaeilge ar fáil do na cuairteoirí. 

Gabhaimid ár mbuíochas leis na daltaí go léir, lena muintir agus lena múinteoirí, as teacht chughainn. Tá buíochas tuillte leis ag na ceoltóirí a bhí linn, agus ag gach éinne a chabhraigh linn ar an lá tábhachtach seo. 

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr