TypeError: Cannot read property "0" from null

Barr na gCnoc

Maoiniú de Luach €1m Buaite ag Tionscnamh Gaelscolaíochta de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh

25 MFómh 2023
Grianghraf (ó chlé go deas): Neil Creedon, Leasphríomhoide Coláiste Phobail Thraolaigh Mhic Shuibhne; Phil O'Flynn, Príomhoide Gaelcholáiste Mhic Shuibhne; agus An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Lahartha.

Bhí tionscnamh Gaelscolaíochta de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh, ar na cúig buaiteoirí faoin Mhaoiniú Feidhmiúil de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas 2023 a fógraíodh ag ócáid in Ollscoil Teicneolaíochta an Oir-Dheiscirt i gCeatharlach.

Faoi cheannas an Ollaimh Phádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Lahartha COC, atá na tionscnamh seo. Sa bhliain 2017 chuaigh COC i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne i gCnoc an Chuilinn, Cnoc na hAoine, i dtuaisceart chathair Chorcaí, chun tacaíocht a thabhairt dóibh i mbunú Aonaid Lán-Ghaeilge sa scoil, mar a ndéanfaí gach ábhar a theagasc tré Ghaeilge, ón gcéad bhliain ar aghaidh go dtí an Ard-Teistiméireacht. Freagra ar éileamh ón bpobal féin ab ea é seo, go gcuirfí rogha sa mheánoideachas ar fáil dá bpáistí i gceantar ina mbraitheann go leor daoine go bhfuil siad fágtha i leataoibh ag an saol. Tugadh cuireadh do COC páirt a ghlacadh sa togra seo, agus ba dá thoradh sin a bunaíodh an tionscnamh dár teideal Barr na gCnoc.

Comhpáirtíocht phobail is ea Barr na gCnoc. Páirtíocht is ea é idir Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne, pobal Chnoc na hAoine, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, agus an Bord Oideachais agus Oiliúna.

Bhain an tacaíocht a sholáthraigh COC don scoil nua le réimsí éagsúla. Cuireadh ragana barr feabhais ar fáil do na múinteoirí sa scoil Bhéarla i dtreo go bhféadfaidís aistriú go dtí an tAonad Lán-Gaeilge. Faoi urraíocht na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a eagraíodh na ranganna sin. Cuireadh scoláiríochtaí ar fáil do na daltaí nua agus eagraíodh turasanna ar an nGaeltacht dóibh. Bhí i gceist leis an dtacaíocht chomh maith gur ghlac ionadaithe ó COC páirt i gcruinnithe poiblí a bhain le bunú an aonaid. Eagraíodh ranganna Gaeilge chomh maith do na tuismitheoirí.

Príomh-thoradh Barr na gCnoc, tar éis gur bunaíodh an tAonad Lán-Ghaeilge, ná go bhfacthas gur fheidhmigh an t-oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar bocht seo mar fhuascailteóir oideachasúil agus sóisialta do na daltaí. Bhí cruthú feabhsaithe acadúil le tabhairt faoi deara iontu, agus dearcadh nua ina measc i leith rudaí dob fhéidir leo a bhaint amach i gcúrsaí oideachais san am athá le teacht. Bhí i gceist chomh maith, cumasú pobail, rud nárbh ionadh ós ón bpobal féin a d’eascair an togra chéadlá. Na torthaí suaithinseacha seo go léir a dheimhngh gur thogra é Barr na gCnoc dob fhiú tógaint air agus a fhairsingiú.

Is de bharr a rathmhaire is a bhí an tionscnamh seo a fuair Barr na gCnoc aitheantas i bhfoirm mhaoinithe ón Údarás um Ard-Oideachas. Cuirfidh an maoiniú mór seo an tionscnamh i gcumas ar leathnú amach go scoileanna eile agus tacaíocht sa Ghaeilge a sholáthar dóibh sna trí bliana athá romhainn.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr