TypeError: Cannot read property "0" from null

Barr na gCnoc

Gaeilge for the Terrified

10 Aib 2024
Mic Léinn COC is iad i mbun teagaisc (ar chlé) agus mic léinn agus cuid d'fhoireann Bharr na gCnoc

Reachtáladh "Gaeilge for the Terrified" mar chuid de Sheachtain na Foghlama Saoil.

Ócáid ab ea í seo inar tugadh cuireadh don bpobal teacht go Gaelcholáiste Mhic Shuibhne agus rang beag bunGhaeilge a dhéanamh, duine ar dhuine, le teagascóirí deonacha. Ar na teagascóirí seo bhí ochtar fochéimithe de chuid COC, a thug an mhaidin i mbun teagaisc agus léirmhínithe do dhaoine a bhí dall ar an dteanga roimhe sin. 

Bhí éileamh ollmhór ar an ócáid. Tháinig tuismitheoirí agus baill eile den bpobal i láthair - cuid mhaith tuismitheorí ón Úcráin ina measc - agus cuireadh lón ar fáil do gach aoinne ina dhiaidh.

Táthar ag súil lena leithéid d'ócáid a eagrú arís amach anseo.

 

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr