GA1121: Introduction to Modern Irish/Intermediate
Achoimre ar an gCúrsa
An bhéim a cuireadh ar an teanga labhartha in GA1120 Introduction to Modern Irish, leantar di agus cuirtear léi in GA1121. Beidh rang cultúrtha amháin in aghaidh na seachtaine ar fáil leis an gcúrsa seo chomh maith.
Cúrsa 12 sheachtain is ea GA1121. Deintear ceithre huaire an chloig teagaisc sa tseachtain agus bíonn roinnt obair bhaile le déanamh. Tosnaíonn an cúrsa féin sa dara seimeastar.
Sonraí an Chúrsa - Earrach 2024.
Socrófar na hamanta go mbeidh na ranganna seo ar siúl i mí Eanáir 2024.
Beidh an cúrsa seo ag brath ar dhóthain éilimh a bheith air.
Táille
Tá an cúrsa seo saor in aisce ach tá táille €50 ann do scoláirí nach bhfuil creidúintí á lorg acu.
Cláraigh
Cuirfear foirm iarratais ar fáil do lucht GA1120: Introduction to Modern Irish nuair a bheidh an cúrsa ag teacht chun deiridh. Muna bhfuil tú cláraithe don gcúrsa seo, seol ríomhphost chuig n.deburca@ucc.ie chun teacht ar an bhfoirm iarratais.
Sonraí Teagmhála
Nuala de Búrca
Riarthóir an Chúrsa
R: n.deburca@ucc.ie