GA1120: Introduction to Modern Irish

Achoimre ar an gCúrsa

Réamhchúrsa Gaeilge is ea é seo. Is ar mhic léinn nach bhfuil aon chleachtadh ná taithí acu cheana a fhreastalaíonn sé agus is ar an dteanga labhartha a leagtar an bhéim. 

Cúrsa 10 seachtaine atá ann ina ndeintear trí huaire an chloig teagaisc in aghaidh na seachtaine chomh maith le pé obair bhaile a thugtar.

Sonraí an Chúrsa - Earrach 2024

Tosnóidh an cúrsa seo ar an Luan, 22 Eanáir 2024.
Seolfar ríomhphost chugat le sonraí an ranga a bheidh agat sula gcuirtear tús leis an gcúrsa.

Táille

Tá an cúrsa seo saor in aisce. (€50 dóibh siúd nach bhfuil creidiúintí á lorg acu. Baileofar an t-airgead seo sa chéad rang).

Sonraí Teagmhála

Isobel Ní Riain
Riarthóir an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr