Tusa

by Nuala Ní Dhomhnaill

 

Le tusa, pé thú féin,

an fíréan

a thabharfadh cluais le héisteacht,

b’fhéidir, do bhean inste scéil

a thug na cosa léi, ar éigean,

ó láthair an chatha.

 

Níor thugamair féin an samhradh linn

ná an geimhreadh.

Níor thriallamair ar bord loinge

go Meiriceá ná ag lorg ár bhfortúin

le chéile i slí ar bith

ins na tíortha teo thar lear.

 

Níor ghaibheamair de bharr na gcnoc

ar chapall láidir álainn dubh.

Níor luíomair faoi chrann caorthainn

is an oíche ag cur cuisne.

Ní lú ná mar a bhí tinte cnámh

is an adharc á séideadh ar thaobh na gréine.

 

Eadrainn bhí an fharraige mhór

atá brónach. Eadrainn

bhí na cnoic is na sléibhte

ná casann ar a chéile.

 

Quarryman

Top