An Ghaeilge i Lár an Aonaigh san Aontas Eorpach

Le blianta beaga anuas tá borradh fés na deiseanna fostaíochta do dhaoine le Gaeilge ar an Mór-Roinn, mar a mhíníonn Feena Tóibín.

5 MIN READ
22 Jun 2023

Is ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) í Éire ó 1973 amach, ach ní go dtí tosach na bliana 2022 a bronnadh lánstádas ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas céanna, caoga bliain i ndiaidh shíniú an Chonartha Aontachais. Dá bhrí sin, is í an Ghaeilge an 24ú teanga oifigiúil agus oibre san Aontas, agus í ar chomhchéim le gach teanga oifigiúil eile ann anois.

Nuair a bhain an tír seo amach ballraíocht sna Comhphobail Eorpacha in 1973, níor deineadh teanga oifigiúil ná teanga oibre den nGaeilge. Bhí sí ina teanga chonartha amháin, rud a chiallaigh nár aistríodh ach conarthaí an Aontais go Gaeilge. Tá an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh den dtuairim nach raibh an Ghaeilge sa chás seo ach ‘mar shiombal agus mar ornáid’.

Tosaíodh feachtas fada, le hiarrachtaí móra ar siúl thar na blianta chun stádas na Gaeilge a chur chun cinn san Eoraip. Ar ndóigh, tá ardstádas dlí ag an nGaeilge sa tír seo, agus í aitheanta ina teanga náisiúnta agus ina príomhtheanga oifigiúil in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. D’fhan ár rialtas go dtí an bhliain 2005 le stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas a iarraidh, agus do ghlac airí gnóthaí eachtracha na mBallstát leis an moladh seo.

Cuireadh tús leis an stádas nua seo san AE in 2007 ach go raibh caveat ag baint leis. Theastaigh maolú oifigiúil ar an stádas ag an am, toisc gur ceapadh nach raibh go leor aistritheoirí ann le tabhairt fén obair go léir, ’sé sin gach cáipéis de chuid an Aontais a aistriú go Gaeilge. Rud é seo a bhí ceadaithe cheana don Máltais. Arís sa chás seo, bhíothas ag súil le deacrachtaí teacht ar shaineolaithe teangan.

Tá dualgas anois ar an Aontas Eorpach cáipéisí a aistriú agus a fhoilsiú i nGaeilge i rith an ama. Agus deireadh curtha leis an maolú, tá stádas níos airde ag ár dteanga dhúchais i súile an domhain, agus cuirfidh an stádas nua le forbairt na teangan gan aon agó. Is iontach an rud é go bhfuil ról níos lárnaí anois ag an nGaeilge i ngnóthaí idirnáisiúnta agus oifigiúla. D’aithin Uachtarán na hÉireann Míchéal D. Ó hUiginn go mbeadh an Ghaeilge: “I gcroílár gnóthaí laethúla na hEorpa”. Fágann an dul chun cinn suntasach seo go bhfuil níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil dár gcéimithe ná riamh.

Iomaitheoirí agus Moltóirí na Díospóireachta Gaeilge.

Tá deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine cumasacha a bhfuil ardscileanna teangan acu ar an Mór-Roinn. Ar an gcéad dul síos, daoine le cumas sa Ghaeilge. Obair dhúshlánach í an t-aistriúchán go bhfuil géarghá le cruinneas agus tuiscint mhaith chuici. Post eile ná an ateangaireacht, ’sé sin aistriúchán ó bhéal a chur ar fáil ó theanga amháin go teanga eile, rud a bhíonn i gceist ag cruinnithe, comhdhálacha is a leithéid.

Tá postanna ar fáil san Aontas do dhlí-theangeolaithe, leis. Post is ea é seo a bhaineann le dlí, agus le haistriúchán. Is deis sa bhreis í seo do scoláirí cáilithe dlí, anuas orthu-san le Gaeilge. Fágann sé seo go bhfuil tábhacht nach beag le cúrsaí dírithe ar scileanna fé leith.

Ceann acu seo ná an chéim sa Dlí agus Gaeilge atá ar fáil in UCC ó 1999. Cúis bhróid don Ollscoil í gurbh é seo an chéad chúrsa dá leithéid a cuireadh ar fáil. Léiriú ar an dtábhacht a bhaineann leis an gcúrsa seo agus lenár gcúrsaí Gaeilge go léir, ná an chuairt a thug baill foirne ó Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, ar mhic léinn agus ar fhoireann an choláiste i mbliana. Do chuireamar go léir ana shuim san eolas go léir maidir leis na deiseanna fairsinge atá ar fáil in institiúidí éagsúla an Aontais.

I measc na mac léinn féin bíonn fonn láidir foghlama agus fánaíochta orthu. Meallann an saol ar an Mór-Roinn iad, fiú ar feadh seala. Tuigeann siad féin anois na nascanna láidre atá againn san Eoraip. Mór-ócáid de chuid na Cuallachta (cumann Gaeilge na mac léinn), i mbliana, ab ea a gcomhfhiontar le Dlí-Chumann an Choláiste, comórtas díospóireachta trí mheán na Gaeilge, inar léirigh scata daoine oilte a gcumas cainte agus a gcumas teangan. Ardú misnigh ní gá a rá.

Tá rogha ag mic léinn tabhairt fé chúrsa máistreachta, an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa chomh maith. Arís eile, cuireann sé seo ar chumas na mac léinn post a fháil in institiúidí an Aontais Eorpaigh ina diaidh. Bíonn an deis ar an gcúrsa seo, tabhairt fé mhodúil i dteangacha eile de chuid na hEorpa, gné eile atá rí-thábhachtach chun cur isteach ar phost thall, maraon le Gaeilge agus Béarla ar ndóigh.

Níl Scoil an Dlí dall ar an riachtanas seo, agus bíonn an deis ag mic léinn na chéad bhliana staidéar a dhéanamh ar an modúl Droit institutionnel de l’Union européenne. Tugann an modúl seo seans dóibh staidéar a dhéanamh ar theoiricí dlí an Aontais Eorpaigh trí mheán na Fraincise.

Aithníonn foireann na hollscoile na deiseanna móra a chuireann stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach ar fáil, agus spreagaimid na mic léinn chun iad féin a chumasú le dul san iomaíocht dos na postanna iontacha seo, ag úsáid a dteanga dhúchais féin, anuas ar scileanna éagsúla eile, fé mar atá pléite anseo.

 

Chun tuilleadh eolais a fháiltéigh chuig suíomh na Roinne Nua-Ghaeilge.

Previous Issues

Office of Marketing and Brand Impact

Margaíocht agus Tionchar Branda

East Wing, Main Quadrangle, University College Cork, Cork, Ireland

Top