Réamhrá
Is ann don Scéim chun tacaíocht an choláiste le meánscoileanna lánGhaeilge a chur in iúl, chun saol COC idir acadúil, ghaelach agus shóisialta a phlé le ranganna sinsearacha na scol san agus chun daltaí a mhealladh go dtí COC.
Ós amhlaidh go mbíonn beirt mhac léinn agus ball foirne amháin ó dhámha éagsúla ar na painéil, roinntear eolas fairsing ilghnéitheach ar na daltaí a ghlacann páirt.
Tionóladh cruinniú ginearálta le haghaidh rannpháirtithe na scéime i mí an Mhárta chun cuspóirí, téarmaí tagartha agus feabhsúcháin a phlé agus a bheachtú.
Scéim na Scol 2025-2026
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh