An Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile (T.G.M.I.)

Achoimre ar an gCúrsa
Cuirfear cúrsa speisialta sa Ghaeilge Labhartha ar fáil san Ollscoil do mhic léinn na Máistreachta Gairmiúla in Oideachas (MGO 1 agus a 2), do mhic léinn BSc san Oideachas (an 3ú agus an 4ú bliain) agus do mhic léinn BEd sna Staidéir Spóirt agus Corpoideachas (an 3ú agus an 4ú bliain).
Is é cuspóir an chúrsa ná cabhrú le mic léinn na MGO caighdeán maith i labhairt na Gaeilge a bhaint amach is lámh chúnta a thabhairt dóibh ullmhú don scrúdú cainte Gaeilge TGMI. Is scrúdú saor in aisce de chuid na Roinne Oideachais é seo. Bíonn sé ar siúl i gcathair Chorcaí gach Feabhra/Márta.
Tá an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile riachtanach do mhúinteoirí a mhúineann trí mheán na Gaeilge i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta.
Ní gá do mhic léinn a bhfuil céim sa Ghaeilge acu an TGMI a bhaint amach.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2022
Mairfidh an cúrsa 15 seachtaine (1 uair an chloig sa tseachtain). Déantar gach iarracht an rang a chur ar siúl ag am atá oiriúnach duit.
Beidh an rang ar siúl ar champas ach bogfar ar líne é i rith na bliana más gá.
Cuirfear tús leis an rang an tseachtain dar tús an 26 Meán Fómhair 2022.
Táille
€55.
Cláraigh
Beidh an táille le díol in Áras Uí Rathaille [ORB] G02 tar éis duit am an ranga a fháil.
Dáta deireanach ar a nglacfar le foirm iarratais: Dé Céadaoin, 21 Meán Fómhair 2022.
Sonraí Teagmhála
Nuala de Búrca,
Riarthóir an Chúrsa,
n.deburca@ucc.ie.