Cúrsa Comhrá do Mhic Léinn le Spéis sa Bhunmhúinteoireacht

Achoimre ar an gCúrsa
Beidh an cúrsa idirghníomhach seo dírithe ar na nithe seo a leanas:
- Comhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
- Eolas ar shaol na Gaeilge a chur ar fáil do na scoláirí.
- Eolas a chur ar fáil maidir leis na scrúduithe cainte Gaeilge a bhíonn ann don bhunmhúinteoireacht.
|
---|
Cuirtear an cúrsa seo ar fáil do mhic léinn i Seimeastar 1 amháin.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2025
Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 29 Meán Fómhair 2025 – an tseachtain dár tús 17 Samhain 2025* (uair a chloig gach seachtain ar feadh ocht seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Socrófar an rang seo ag am atá oiriúnach d'fhormhór na scoláirí.
Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl ar an gcampas.
Spriocadháta: Déardaoin, 18 Meán Fómhair 2025.
Eolas Maidir le do Rang: Seolfar ríomhphost chuig na scoláirí atá tar éis an fhoirm iarratais a líonadh amach Dé Luain, 22 Meán Fómhair 2025 ar a dhéanaí. Beidh tuilleadh eolais sa ríomphost seo maidir leis an rang atá eagraithe agus conas gur féidir leat d'áit a dheimhniú.
* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaillfidh amach ar rang de bharr lá saoire bainc.
Táille
€30.
Sonraí Teagmhála
Karol Coleman
Riarthóir an Chúrsa
k.coleman@ucc.ie