Cúrsa Gaeilge do Mhic Léinn

Achoimre ar an gCúrsa
Cúrsa idirghníomhach sa Ghaeilge labhartha is ea é seo atá ar fáil do gach mac léinn atá ag freastal ar COC.
Beidh an cúrsa seo dírithe ar na nithe seo a leanas:
- Comhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
- Eolas ar shaol na Gaeilge a chur ar fáil do na scoláirí.
- Beidh plé ann maidir le téamaí éagsúla atá bainteach le saol an scoláire féin, saol na hOllscoile, saol na Gaeilge sa choláiste mar aon le scéalta atá sa nuacht.
Tá an cúrsa seo oiriúnach do scoláirí má tá suim acu sa Ghaeilge, má theastaíonn uathu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, má tá spéis acu post le Gaeilge a bheith acu sa todhchaí nó má tá an Ghaeilge acu mar ábhar acadúil anseo sa choláiste. |
---|
Níl aon scrúdú le déanamh ag na scoláirí atá cláraithe don gcúrsa seo. Déantar gach iarracht na mic léinn a chur ar a sáimhín só sa seomra ranga ionas gur féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim ar shlí thaitneamhach. Cuirfear teastas tinrimh ar fáil do scoláirí a dhéanann freastal rialta ar na ranganna.
Níl an cúrsa seo oiriúnach do ghlantosnaitheoirí. Brúigh anseo chun teacht ar an eolas maidir leis na cúrsaí do scoláirí nach bhfuil aon taithí acu ar an nGaeilge.
Sonraí an Chúrsa - Earrach 2025
Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 3 Feabhra 2025 – an tseachtain dár tús 17 Márta 2025* (uair a chloig gach seachtain ar feadh seacht seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Déanfar gach iarracht rang a shocrú duit ag am atá oiriúnach duitse.
Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl i seomra ranga ar an gcampas.
Spriocdháta: Déardaoin, 23 Eanáir 2025.
Eolas Maidir le do Rang: Seolfar ríomhphost chuig do chuntas Umail maidir leis an rang atá socraithe duit ar an gCéadaoin, 29 Eanáir 2025 nó roimhe sin.
* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaill amach ar rang de bharr lá saoire bainc/Lá Fhéile Pádraig.
Táille
€30.
Cláraigh
Beidh scoláirí ábalta clárú do na ranganna seo arís i mí Mheán Fómhair 2025.
Sonraí Teagmhála
Karol Coleman
Riarthóir an Chúrsa
k.coleman@ucc.ie