Cúrsaí
Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach
Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach
Riarthóir:
Táille laghdaithe dioplóma
Cúrsa Dioplóma páirtaimseartha sa Ghaeilge Fheidhmeach is ea é. Maireann sé ar feadh dhá bhliain. Is é is aidhm leis an gcúrsa go príomha ná oiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na mac léinn a ngnó gairmiúil a chur i gcrích go héifeachtach trí mheán na Gaeilge. Cuirtear an cúrsa ar siúl ar an gcoinníoll go gcuireann dóthain iarratasóirí isteach air.
Ní mór caighdeán iontrála nach lú ná caighdeán ghrád D/D3 sa Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta Ardleibhéil a bheith bainte amach ag iarratasóirí.
D'fhéadfadh an Chomhairle Acadúil glacadh, leis, le daoine lánfhásta a mbeadh cothrom chaighdeán an Mháithreánaigh bainte amach acu.
Tá foirm iarratais agus breis eolais ar fáil ar an suíomh seo nó in Oifig na Gaeilge Labhartha ag an uimhir ghutháin 021-4903529.
Na Modúil
GA1060 Réamhchúrsa in úsáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh i gcomhthéacsanna gairmiúla oibre
GA1062 Feidhm na Gaeilge sa Stair
GA1063 Meánchúrsa in úsáid chruinn na Gaeilge sa chomhthéacs gairmiúil
GA1065 Feidhm na Gaeilge i Sochaí Féinteagaisc an 21ú hAois
- Aipeanna a íoslódáil
- Na Meáin Shóisialta – Facebook, Twitter srl
- Litir, aiste is nithe eile a scríobh
- Eagarthóireacht a dhéanamh ar na grianghraifeanna atá agat
- Taispeántas a chur le chéile
- Scanáil a dhéanamh ar cháipéis nó ar phictiúr
- Nithe a chur ón ríomhaire go dtí an guthán cliste/táibléad atá agat is a mhalairt
- Cúltacú (backup) a dhéanamh ar an ríomhaire atá agat.
Beidh na ranganna ar siúl gach Máirt idir 5:30pm agus 7:30pm. Cuirfear tús leis an gcúrsa ar an 23ú Deireadh Fómhair 2018. Cúrsa 8 seachtaine atá anso.
Is féidir dul go dtí an Seomra Caidrimh ina dhiaidh áit go mbeidh deis agat bualadh le is labhairt le scoláirí atá ag déanamh na ranganna oíche eile atá againn.
Is féidir le baill na gcúrsaí seo a gcuid trealamh féin a thabhairt leo go dtí an rang.
Beidh ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus bunscileanna ríomhaireachta ag rannphártaithe an chúrsa.
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2024
Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 30 Meán Fómhair 2024 – an tseachtain dár tús 18 Samhain 2024* (uair a chloig gach seachtain ar feadh ocht seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais. Socrófar an rang seo ag am atá oiriúnach d'fhormhór na scoláirí.
Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl ar an gcampas.
Spriocadháta: Dé Luain, 23 Meán Fómhair 2024, 10am.
Eolas Maidir le do Rang: Seolfar ríomhphost chuig na scoláirí atá tar éis an fhoirm iarratais a líonadh amach Dé Máirt 24 Meán Fómhair 2024 ar a dhéanaí. Beidh tuilleadh eolais sa ríomphost seo maidir leis an rang atá eagraithe.
* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaillfidh amach ar rang de bharr lá saoire bainc.
Please press on EN at the top right hand corner of this page if you wish to view this page in English.
Is féidir teacht ar an eolas ar fad maidir leis na cúrsaí atá ar fáil do mhic léinn ag an nasc: http://www.ucc.ie/ga/igl/cursai/cdg/
Tá dhá chuid bainteach leis an gclárú ar líne:
1. An fhoirm iarratais a líonadh amach.
2. Díol as an gcúrsa.
Ní féidir linn áit a chur in áirithint duit go dtí go mbeidh an dá rud seo déanta agat.
Má tá aon fhadhb nó aon cheist agat maidir leis an gclárú ar líne is féidir ríomhphost a sheoladh go dtí k.coleman@ucc.ie.