![]() | ||
Book of Modules 2012/2013 |
||
GAXXXX |
||
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Gan teora.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Teagaisc (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh).
Eagraí an Mhodúil: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Na mic léinn a thabhairt chun cruinnis i scríobh agus i labhairt na Gaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Míneofar príomhphointí gramadaí sna léachtaí; tabharfar obair scríofa sna ranganna teagaisc agus déanfar cúram de líofacht agus cruinneas cainte sna ranganna comhrá.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· Eolas acu ar fhoirmeacha an bhriathair agus an ainmfhocail agus beidh siad ábalta ar iad a ionrabháil go sásúil.
· Taithí acu ar Ghaeilge a chur ar shleachta Béarla agus ar Bhéarla a chur ar shleachta Gaeilge.
· Taithí acu ar chomhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 40 marc (obair scríofa sheachtainiúil); Scrudu cainte 60 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana (obair scríofa sheachtainiúil); An scrúdú cainte.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1 (h)uair(e) an chloig (Páipéar breise uair an chloig a dhéanamh in ionad cuid na hoibre scríofa seachtainiúla). Ní thugtar ar aghaidh ach na marcanna sin a théann ar aon chuid den mheasúnú leanúnach ar éirigh leis an mac / iníon léinn ann. Má theipeann ar an mac / iníon léinn in aon chuid eile, ní foláir an chuid / na coda sin a dhéanamh in athuair.
Creidiúintí: 15
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Gan teora.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 72 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Teagaisc (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh).
Eagraí an Mhodúil: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Na mic léinn a thabhairt chun cruinnis i scríobh agus i labhairt na Gaeilge. Tosach staidéir ar litríocht na Gaeilge, go háirithe ar an nuascríbhneoireacht agus ar an scríbhneoireacht chomhaimseartha, agus ina theannta sin léiriú a thabhairt ar ghnéithe d'fhilíocht thraidisiúnta na Gaeilge ón 16ú haois i leith.
Ábhar an Mhodúil: Míneofar príomhphointí gramadaí sna léachtaí; tabharfar obair scríofa sna ranganna teagaisc agus déanfar cúram de líofacht agus cruinneas cainte sna ranganna comhrá. Déanfar staidéar ar chineálacha áirithe nua-litríochta, go háirithe an gearrscéal, an drámaíocht agus an fhilíocht, fara samplaí éagsúla d'fhilíocht thraidisiúnta na Gaeilge.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· Eolas acu ar fhoirmeacha an bhriathair agus an ainmfhocail agus beidh siad ábalta ar iad a ionramháil go sásúil.
· Taithí acu ar Ghaeilge a chur ar shleachta Béarla agus ar Bhéarla a chur ar shleachta Gaeilge.
· Taithí acu ar chomhrá líofa, soiléir a dhéanamh as Gaeilge.
· Léargas acu ar ghnéithe éagsúla den litríocht agus taithí acu ar í a léamh.
Marcáil: Marc ar fad 300: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 200 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 40 marc (obair scríofa sheachtainiúil); Scrudu cainte 60 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúduithe scríofa dheireadh na bliana; an obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana (obair scríofa sheachtainiúil); an scrúdú cainte.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig agus 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig agus 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. Páipéar breise uair an chloig a dhéanamh in ionad cuid na hoibre scríofa seachtainiúla.Scrúdú cainte.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Staidéar ar chúlra, ar chur le chéile, ar théacs agus ar stádas Bhunreacht na hÉireann (1937): an Leagan Gaeilge
Ábhar an Mhodúil: Tráchtfar ar úsáid na Gaeilge chun cuspóirí na Dlí sna 1920í agus i dtús na 1930í. Déanfar cur síos orthu siúd a dhréachtaigh leagan na Gaeilge de Bhunreacht 1937 agus cuirfear an téacs sa dá theanga oifigiúla i gcomórtas le chéile. Pléifear an seasamh atá ag an leagan Gaeilge san am i láthair, agus féachfar ar chultúir eile a bhfuil téacsanna dá mbun-reachtaíocht acu i níos mó ná an t-aon teanga amháin
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· Tuiscint bheacht acu ar Bhunreacht na hÉireann (1937) mar théacs
· Eolas cruinn acu ar an chineál teanga a fheictear i mBunreacht na hÉireann (1937)
· Léargas cuimsitheach acu ar an gcúlra as ar tháinig Bunreacht na hÉireann (1937) chun cinn
· Spléachadh acu ar sheasamh cúrsaí teanga i mBunreacht na hÉireann (1937) i gcomparáid lena mhacasamhail sa bhunreachtaíocht idirnáisiúnta
· Radharc acu ar na fadhbanna a thagann sa treis le linn do théacsanna bunreachtúla teanga a bheith á ndréachtadh nó á n-iniúchadh
· Aireamh maith sealbhaithe acu dá réir de na scileanna anailíseacha a bhaineann le hábhar.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 1.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 15, Uasmheid 22.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 6 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí (a thabharfaidh saineolaithe seachtracha); 12 x 2 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 6 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Saotharlann Teangan; Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Mr Séan O Laoi, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Mr Karol Coleman, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Múinfear bunchoincheapanna na dTEC i bhfoghlaim agus múineadh na Gaeilge chomh maith leis na bogearraí agus na crua-earraí bainteacha. Múinfear na scileanna labhartha agus scríofa Gaeilge is gá chun plé go héifeachtach leis na coincheapanna céanna.
Ábhar an Mhodúil: Gheobhaidh na mic léinn eolas leathan ar na smaointe agus na teoiricí a bhaineann le húsáid na dTEC i múineadh agus i bhfoghlaim teanga. Foghlaimeoidh siad an dóigh a ndéileálann an Ghaeilge le teicneolaíochtaí nua agus an chaoi a múnlaíonn sí í féin chun glacadh leo. Oilfear iad in úsáid na gcrua-earraí agus na mbogearraí éagsúla a mbaintear feidhm astu san fhoghlaim agus sa mhúineadh inniu agus cuirfidh siad aithne ar dhaoine atá bainteach le forbairt na n-earraí céanna. Gheobhaidh siad cruinneas i léamh agus i scríobh na bun-Ghaeilge freisin.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· Iad siúd a n-eireoidh leo an cúrsa seo a chríochnú beidh siad in ann:
· Gnéithe praiticiúla agus teoiriciúla na foghlama agus ról na teicneolaíochta inti a phlé
?
· Eolas agus taithí leathan a léiriú ar na crua-earraí agus na bogearraí is gá chun an t-eolas seo a chur i bhfeidhm ar a gcuid oibre
· Struchtúir, comhréir agus foclóir na Gaeilge a bhaineann leis an Nua-Theicneolaíocht a úsáid agus a mhíniú
· Eolas a léiriú ar obair chomhthreomhar atá ar siúl sna teangacha eile agus tuiscint a léiriú ar an bplé domhanda atá ar siúl maidir le Foghlaim Teanga Ríomhchuidithe
· Modhanna nua a aithint chun cumhacht na nuatheicneolaíochtaí a chur chun leas fhoghlaim na Gaeilge.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 200 marc (Scrúdú Ranga 100; Praiticiúil agus Labhartha 50; Aiste Mhór 40; Obair Sheachtainiúil 10 marc.).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40% Ní mór don mhac léinn pas a ghnóthú i scrúdú cainte agus i scrúdú scríofa an mhodúil. I gcás na mac léinn ná sásaíonn an riachtanas seo, is é an marc is ísle den dá mharc a bheidh ina mharc deiridh don mhodúl.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig (In lieu of departmental test.). Ní thugtar ar aghaidh ach na marcanna sin a théann ar aon chuid den mheasúnú leanúnach ar éirigh leis an mac / iníon léinn ann. Má theipeann ar an mac / iníon léinn in aon chuid eile, ní foláir an chuid / na coda sin a dhéanamh in athuair (Ní mór An Aiste , An Obair Sheachtainiúil agus/nó An Obair Phraicticiúil Nua a chur isteach roimh Meán Fómhair 1 mar a fhorordóigh an Roinn. Ní mór an scrúdú béil a athshuí.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 15, Uasmheid 22.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 1 x 7 lá (laethanta) Obair Sa Ghort (Tréimhse seachtaine sa Ghaeltacht); 12 x 2 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 6 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Saotharlann Teangan (i.e. ranganna praiticiúla); 6 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí (a thabharfaidh saineolaithe seachtracha).
Eagraí an Mhodúil: Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Mr Séan O Laoi, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Mr Karol Coleman, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Leathnú ar bhunchoincheapanna úsáid na dTEC i bhfoghlaim na Gaeilge agus na mbogearraí/gcrua-earraí a bhaineann le hábhar. Ard- agus Meánscileanna labhartha agus scríofa na Gaeilge a fhoghlaim chun plé go cruinn beacht leis na bunchoincheapanna céanna.
Ábhar an Mhodúil: Díreoidh na mic léinn ar a gcuid barúlacha féin a fhorbairt agus a chur in iúl maidir leis na smaointe agus na teoiricí a bhaineann le húsáid na dTEC i bhfoghlaim agus i múineadh teanga. Molfar dóibh cur le teangmháil na Gaeilge agus lucht a labhartha leis an teicneolaíocht nua. Oilfear iad i bhforbairt na mbogearraí agus na meán digiteach a mbaintear feidhm astu san fhoghlaim agus sa mhúineadh inniu agus déanfaidh siad teangmháil le daoine eile atá ag plé leis seo sa Ghaeilge agus i dteangacha eile. Gheobhaidh siad ardchruinneas i léamh agus i scríobh na Gaeilge freisin agus iad ag baint feidhme as TEC a bhaineann le hábhar.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· Iad siúd a n-éireoidh leo an modúl seo a chríochnú beidh siad in ann:
· gnéithe praiticiúla agus teoiriciúla na foghlama agus ról na teicneolaíochta inti a fhorbairt
· an t-eolas agus an taithí a mhúineadh ar na crua-earraí agus na bogearraí is gá chun an t-eolas seo a chur i bhfeidhm ar a gcuid oibre
· struchtúir, comhréir agus foclóir na Gaeilge a bhaineann leis an Nua-Theicneolaíocht a fhorbairt agus a chur chun cinn
· cur le hobair chomhthreomhar atá ar siúl sna teangacha eile agus páirt a ghlacadh sa phlé domhanda atá ar siúl maidir le Foghlaim Teanga Ríomhchuidithe
· modhanna nua a cheapadh chun cumhacht na nuatheicneolaíochtaí a chur chun leas fhoghlaim na Gaeilge.
mhór.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 100 marc (Praiticiúil agus Labhartha 50 marc; Aiste Mhór (3000 focal) 40 marc; Obair Sheachtainiúil 10 marc).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú Cinn Bhliana; Freastal Rialta; Tréimhse ar Scoláireacht sa Ghaeltacht; Obair Leanúnach; Scrúdú Praiticiúil; Scrúdú Béil.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40% Ní mór don mhac léinn pas a ghnóthú i scrúdú cainte agus i scrúdú scríofa an mhodúil. I gcás na mac léinn ná sásaíonn an riachtanas seo, is é an marc is ísle den dá mharc a bheidh ina mharc deiridh don mhodúl.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig. Ní thugtar ar aghaidh ach na marcanna sin a théann ar aon chuid den mheasúnú leanúnach ar éirigh leis an mac / iníon léinn ann. Má theipeann ar an mac / iníon léinn in aon chuid eile, ní foláir an chuid / na coda sin a dhéanamh in athuair (Ní mór An Aiste , An Obair Sheachtainiúil agus/nó An Obair Phraicticiúil Nua a chur isteach roimh Meán Fómhair 1 mar a fhorordóigh an Roinn. Ní mór an scrúdú béil a athshuí.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 1.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 10, Uasmheid 25.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 12 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (ranganna buncomhrá); 13 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Teagaisc (ranganna scríofa); Eile (dianchúrsa dhá lá sa Ghaeltacht).
Eagraí an Mhodúil: Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Mr Brian Ó Donnchadha, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Na mic léinn a thabhairt chun cruinnis i labhairt agus i scríobh bunúsach na Gaeilge Feidhmí chun go bhféadfaidh siad a mbunghnó gairmiúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Bunchomhrá beo de réir mhinicíocht úsáide; béim ar chruinneas cainte; Bunphointí gramadaí sna ranganna scríofa; tionscadail agus ceachtanna baile; seimineáir sa Ghaeltacht ar an gcomhthéacs cultúrtha.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· siad ábalta bunchomhrá cruinn a dhéanamh sa Ghaeilge
· siad ábalta méid áirithe den ghramadach a mhíniú
· siad ábalta críobh le cruinneas bunúsach
· siad ábalta ábaltacht a léiriú ar úsáid na teanga i gcomhthéacsanna áirithe cultúrtha.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 100 marc (Scrúdú scríofa ranga ag deireadh na tréimhse 60 marc (1 x páipéar 3 uair an chloig); An obair i gcaitheamh na tréimhse 40 marc, an dianchúrsa dhá lá san áireamh); Scrudu cainte 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Obair i gcaitheamh na tréimhse; Scrúdú scríofa ranga; Scrúdú Cainte; Tinreamh Leanúnach ; Dianchúrsa dhá lá sa Ghaeltacht.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig. Tugtar an marc iomlán a théann ar an measúnú leanúnach ar aghaidh (Beidh caoi chun cleachtaí i gcaitheamh na bliana a chur isteach agus ar scrúdú cainte a dhéanamh arís sa chás nach bhfuil pas faighte.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 10, Uasmheid 25.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 12 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (ranganna comhrá mar dhúshraith); 8 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Teagaisc (ranganna scríofa mar dhúshraith); 5 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí (léachtaí ar chomhthéascanna ghnó); 1 x 1 seachtain(e) Eile (seachtain ar scoláireacht sa Ghaeltacht); Eile (punann athmhachnaimh foghlama).
Eagraí an Mhodúil: Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Mr Brian Ó Donnchadha, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Na mic léinn a thabhairt chun breis cruinnis i labhairt agus i scríobh na Gaeilge Feidhmí chun go mbeidh acu dúshraith eolais maidir le húsáid na Gaeilge sa chomhthéacs gairmiúil oibre.
Ábhar an Mhodúil: Comhrá beo ar bhonn níos leithne de réir mhinicíocht úsáide; príomheilimintí na foghraíochta; bunlíofacht chainte sa chomhthéacs idirphearsanta; béim ar chruinneas cainte agus scríofa; breis pointí gramadaí sna ranganna scríofa; tionscadail agus ceachtanna baile; léachtaí ar chomhthéacsanna gnó; tionscnamh taighde
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· siad ábalta comhrá bunúsach cruinn a dhéanamh sa Ghaeilge
· siad ábalta cuid d'fhoghraíocht na teanga a mhíniú
· siad ábalta ábaltacht bhunúsach a léiriú ar ghramadach na teanga
· siad ábalta bheith ábalta scríobh le bunchruinneas
· siad ábalta eolas a léiriú ar úsáid na teanga i gcomhthéacsanna áirithe gairmiúla.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 60 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 40 marc (an tseachtain ar scoláireacht san áireamh); Scrudu cainte 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Obair i gcaitheamh na bliana; Scrúdú scríofa; Scrúdú Cainte: Tinreamh Leanúnach; seachtain ar scoláireacht sa bhFíorGhaeltacht.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig. Tugtar an marc iomlán a théann ar an measúnú leanúnach ar aghaidh (Beidh caoi chun obair na bliana a chur isteach agus ar scrúdú cainte a dhéanamh arís sa chás nach bhfuil pas faighte.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 10, Uasmheid 25.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 4 (h)uair(e) an chloig Eile (de Chianfhoghlaim trí áiseanna TFC (ITC)); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Eile (staidéir phríobháidigh); 30 x 1 (h)uair(e) an chloig Eile (ar dhá mhór-aiste); Eile (úsáid na punainne athmhachnaimh foghlama).
Eagraí an Mhodúil: Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Eolas a thabhairt do na mic léinn ar ról feidhmeach stairiúil na Gaeilge i bhforbairt na sochaí in Éirinn agus i gCéin.
Ábhar an Mhodúil: Pléifidh an modúl seo le feidhm na Gaeilge sa tsochaí ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go dtí an lá inniu. Déanfaidh sé é seo faoi na ceannteidil seo leanas :
· Forbairt na teanga ón bProto-Cheiltis anuas go dtí an Nua-Ghaeilge.
· Forbairt an Leabhair Ghaeilge.
· An Ghaeilge agus na Gairmeacha tríd na hAoiseanna.
· Ról an Scríobhaí agus na Lámhscríbhneoireachta.
· Úsáid Stairiúil na Gaeilge i gCéin.
· Úsáid na Teicneolaíochta.
Modúl ar líne ar fad a bheidh anseo agus mairfidh sé ar feadh na bliana acadúla. Cuirfear ábhar seachtainiúil i láthair na mac léinn sna meáin éagsúla leictreonacha (téacsanna, suíomhanna gréasáin, podchraoladh srl) agus iarrfar orthu freagairt dó trí mheáin éagsúla Ghréasáin 2.0 (Plé ar-líne, Vicithe, Blaganna, Podchraoladh). Táthar ag súil le go gcaithfidh gach mac léinn 4 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar a laghad leis an obair seo.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· siad ábalta plé go húdarásach le forbairt na Gaeilge mar theanga fheidhmeach
· siad ábalta stair na Gaeilge mar theanga fheidhmeach a phlé i gcomhthéacs a forbartha sa lá atá inniu ann
· siad ábalta forbairt na Gaeilge Feidhmí sa 21ú hAois a scrúdú i gcomhthéacs a staire mar theanga fheidhmeach
· siad ábalta comparáid a dhéanamh idir forbairt na Gaeilge Feidhmí agus forbairt theangacha eile na hEorpa.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 200 marc (An obair i gcaitheamh na bliana 80 marc (40 marc ar chaighdeán na teanga, 40 marc ar thathag na hoibre); dhá mhór-aiste 2,500 focal an ceann, 120 marc (60 marc agus 60 marc)).
Eilimintí Riachtanacha: Obair i gcaitheamh na bliana; teagmháil leictreonach leanúnach; freastal ar chruinnithe eagraithe; an dá mhór-aiste taighde.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: Ní thugtar ar aghaidh ach na marcanna sin a théann ar aon chuid den mheasúnú leanúnach ar éirigh leis an mac / iníon léinn ann. Má theipeann ar an mac / iníon léinn in aon chuid eile, ní foláir an chuid / na coda sin a dhéanamh in athuair (Beidh caoi chun obair na bliana agus chun an dá mhór-aiste athchóirithe a chur isteach arís sa chás nach bhfuil pas faighte.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 1.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 10, Uasmheid 25.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 12 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (ranganna comhrá idirmheánacha); 8 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Teagaisc (ranganna scríofa idirmheánacha); Eile (dianchúrsa dhá lá sa Ghaeltacht); Eile (staidéar príobháideach agus féinstiúrtha ar na sainfhoilseacháin sa disciplín); Eile (Punann Athmhachnaimh Foghlama); Eile (Cur i láthair).
Eagraí an Mhodúil: Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Mr Brian Ó Donnchadha, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Na mic léinn a thabhairt chun cruinnis iomláin in úsáid mhuiníneach na Gaeilge Feidhmí chun go mbeidh siad ábalta a ngnó gairimiúil a chur i gcrích trí Ghaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Comhrá praiticiúil agus úsáideach; foghraíocht na teanga; cruinneas gramadaí sa chaint agus sa scríobh; comhthéacsanna oibre aonteangacha agus dátheangacha sa Ghaeltacht; úsáid feidhmeach na Gaeilge in Éirinn an lae inniu; staidéar ar na sainfhoilseacháin sa disciplín
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· siad ábalta bheith muiníneach as féin i gcás labhairt agus scríobh na Gaeilge Feidhmí
· siad ábalta mórán de ghramadach na Gaeilge a mhíniú
· siad ábalta na pátrúin foghraíochta a aithint sa teanga
· siad ábalta ábaltacht níos iomláine a léiriú ar úsáid na Gaeilge i gcomhthéacsanna gairmiúla sa Ghaeltacht
· siad ábalta eolas a léiriú ar thábhacht úsáid na Gaeilge i réimse na hoibre/seirbhísí sa Stát trí chéile.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 100 marc (Scrúdú scríofa ranga ag deireadh na tréimhse 60 marc (1 x páipéar 3 uair an chloig); An obair i gcaitheamh na tréimhse 40 marc, an dianchúrsa dhá lá san áireamh); Scrudu cainte 100 marc (Cur i láthair).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa ranga ag deireadh na tréimhse; an obair i gcaitheamh na tréimhse; an scrúdú cainte; tinreamh leanúnach; an dianchúrsa dhá lá sa Ghaeltacht.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig. Tugtar an marc iomlán a théann ar an measúnú leanúnach ar aghaidh (Beidh caoi chun cleachtaí i gcaitheamh na bliana a chur isteach agus ar scrúdú cainte/cur i láthair a dhéanamh arís sa chás nach bhfuil pas faighte.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 10, Uasmheid 25.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 5 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 12 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (de ranganna cainte ar ardchaighdeán); 8 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Teagaisc (ranganna scríofa sainiúla dúshlánacha); Eile (seachtain ar scoláireacht sa Ghaeltacht); Eile (Punann Athmhachnaimh Foghlama).
Eagraí an Mhodúil: Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Mr Brian Ó Donnchadha, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Bheith lánábalta úsáid phearsanta agus ghairmiúil na Gaeilge a chur i gcrích le slacht; Lánlíofacht agus tuiscint iomlán sa/ar an teanga; scileanna féinfhoghlama, margaíochta agus taighde a fhorbairt; ceannas a léiriú i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga fheidhmeach ghnó.
Ábhar an Mhodúil: Comhrá agus scríobh lánchruinn na Gaeilge; an fhoghraíocht; an caighdeán oifigiúil agus na canúintí Gaeilge; tionscadail agus ceachtanna scríofa baile; léachtaí le saineolaithe fiontraíochta agus dátheangachais.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· siad ábalta ardchumas a léiriú i labhairt agus i scríobh na Gaeilge Feidhmí
· siad ábalta ábaltacht iomlán a bheith aige ar ghramadach, agus ar chúrsaí stíle i scríobh na teanga
· siad ábalta foghraíocht na Gaeilge agus a cuid canúintí a mhíniú
· siad ábalta scríobh agus cur i láthair a dhéanamh go gairmiúil i gcomhthéacsanna gnó
· siad ábalta foghlaim phríobháideach agus féinstiúrtha a dhéanamh ar bhonn pleanáilte.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 60 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 40 marc (an tseachtain ar scoláireacht san áireamh); Scrudu cainte 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Obair i gcaitheamh na bliana; Scrúdú scríofa; Scrúdú Cainte; Tinreamh leanúnach; seachtain ar scoláireacht sa bhFíorGhaeltacht.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig. Tugtar an marc iomlán a théann ar an measúnú leanúnach ar aghaidh (Beidh caoi chun obair na bliana a chur isteach agus chun an scrúdú cainte a dhéanamh arís sa chás nach bhfuil pas faighte.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 10, Uasmheid 25.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 4 (h)uair(e) an chloig Eile (de Chianfhoghlaim trí áiseanna TFC/(ITC)); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Eile (staidéir phríobháidigh); 30 x 1 (h)uair(e) an chloig Eile (ar dhá mhór-aiste thaighde); Eile (úsáid phunann agus dialann faoi stiúir).
Eagraí an Mhodúil: Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Léachtóirí: Dr Ciaran Dawson, Ionad Na Gaeilge Labhartha; Uas Pol Ruiseal, Ionad Na Gaeilge Labhartha.
Aidhm an Mhodúil: Eolas agus tuiscint a thabhairt do na mic léinn ar ról na Gaeilge Feidhmí i bhforbairt na sochaí in Éirinn agus i gCéin sa 21ú hAois.
Ábhar an Mhodúil: Pléifidh an modúl seo le feidhm na Gaeilge i Sochaí an Lae inniu in Éirinn agus thar sáile. Déanfaidh sé é seo faoi na ceannteidil seo leanas :
In Éirinn :
· An Earnáil Phoiblí
· An Earnáil Chorporáideach
· Earnáil an Phobail
Thar Sáile :
· An Earnáil Phoiblí
· An Earnáil Chorporáideach
· Earnáil an Phobail
Modúl ar líne ar fad a bheidh anseo agus mairfidh sé ar feadh na bliana acadúla. Cuirfear ábhar seachtainiúil i láthair na mac léinn sna meáin éagsúla leictreonacha (téacsanna, suíomhanna gréasáin, podchraoladh srl) agus iarrfar orthu freagairt dó trí mheáin éagsúla Ghréasáin 2.0 (Plé ar-líne, Vicithe, Blaganna, Podchraoladh). Táthar ag súil le go gcaithfidh gach mac léinn 4 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar a laghad leis an obair seo.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· siad ábalta plé go húdarásach le ról na Gaeilge mar theanga fheidhmeach sa domhan;
· siad ábalta ról na Gaeilge mar theanga fheidhmeach a phlé i gcomhthéacs a forbartha sa dá mhílaois dheireanacha;
· siad ábalta moltaí a dhéanamh leis an saol corporáideach i dtaobh an Ghaeilge a úsáid i gcur chun cinn an ghnó; agus
· siad ábalta moltaí a dhéanamh leis an saol corporáideach i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sa ghnó.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 200 marc (an obair i gcaitheamh na bliana 80 marc (40 marc ar chaighdeán na teanga, 40 marc ar thathag na hoibre), dhá mhór-aiste, 2,500 focal an ceann, 120 marc (60 marc agus 60 marc)).
Eilimintí Riachtanacha: Obair i gcaitheamh na bliana; teagmháil leictreonach leanúnach; freastal ar chruinnithe eagraithe; an dá mhór-aiste taighde; saothrú na Punainne Athmhachnaimh Foghlama.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: Ní thugtar ar aghaidh ach na marcanna sin a théann ar aon chuid den mheasúnú leanúnach ar éirigh leis an mac / iníon léinn ann. Má theipeann ar an mac / iníon léinn in aon chuid eile, ní foláir an chuid / na coda sin a dhéanamh in athuair (Beidh caoi chun obair na bliana agus chun an dá mhór-aiste athchóirithe a chur isteach arís sa chás nach bhfuil pas faighte.).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Gan teora.
Réamhriachtanas: GA1003 no a chothrom
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Saotharlann Teangan (Sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh.); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (Sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh.); Obair Sa Ghort (Tréimhse sa bhfíorGhaeltacht).
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Cur le saibhreas agus le cruinneas na mac léinn i scríobh agus i labhairt na Gaeilge; na príomhthréithe stíle a bhaineann le téacsanna traidisiúnta na Gaeilge a scrúdú.
Ábhar an Mhodúil: Tógfar sna léachtaí ar an mbunús eolais atá ar ghramadach na Gaeilge ag na mic léinn, ag díriú ar dheilbhíocht an ainmfhocail: na chúig díochlaonta, athruithe tosaigh agus deiridh. Daingneofar an t-eolas atá acu ar phríomhphointí na gramadaí. Cuirfear le saibhreas Gaeilge na mac léinn, ag scrúdú téacsanna traidisiúnta Gaeilge agus na bpríomhthréithe stíle agus dioscúrsa a bhaineann leo. Tabharfar obair scríofa gach seachtain, ceartófar í, agus pléifear deacrachtaí sna ranganna teagaisc; ina theannta san déanfar daingniú ar a bhfuil ar siúl sa léacht ghramadaí. Múinfear ceartfhuaimeanna na Gaeilge sna ranganna saotharlann teangan.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· taithí acu ar théacsanna traidisiúnta Gaeilge a aithint, a léamh agus a thuiscint;
· ar a gcumas athruithe tosaigh agus deiridh ar ainmfhocail, ar bhriathra agus ar aidiachtaí a thuiscint agus a ionramháil go sásúil;
· taithí acu ar Ghaeilge a chur ar shleachta Béarla;
· cur amach acu ar fhuaimeanna cearta na Gaeilge.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 90 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (obair scríofa sheachtainiúil 40 marc; obair bunaithe ar thréimhse sa bhfíorGhaeltacht 10 marc); Scrudu cainte 60 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana; An scrúdú cainte.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig agus 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig (in ionad cuid na hoibre scríofa seachtainiúla agus cuid na hoibre sa Ghaeltacht). Scrúdú Cainte.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Tuiscint a thabhairt do mhic léinn ar fhilíocht na hochtú haoise déag.
Ábhar an Mhodúil: Baineann an modúl seo le bláthú mór na filíochta aiceanta san ochtú haois déag. Pléitear na cineálacha éagsúla filíochta a fhaightear sna foinsí, cén áit agus conas a saothraíodh iad. Pléitear an idé-eolaíocht Sheacaibíteach a sholáthair an cúlra don fhilíocht pholaitiúil, agus go háirithe don Aisling, agus déantar staidéar speisialta ar shaothar Aodhagáin Uí Rathaille agus ar Chúirt Bhriain Merriman.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas ginearálta acu ar fhilí na hochtú haoise déag agus ar na ceantair inar mhaireadar;
· eolas speisialta acu ar shaothar Aodhagáin Uí Rathaille agus ar shaothar Bhriain Merriman;
· tuiscint acu ar fhoclóir agus ar mheadaracht na filíochta san ochtú haois déag.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 50 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (1 x Aiste 2,000 focal, sprioclá 28 Feabhra).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a dhéanamh arís. 31 Lúnasa an sprioclá don aiste.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Gan teora.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Saotharlann Teangan (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh).
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Cur le saibhreas agus le cruinneas na mac léinn i scríobh agus i labhairt na Gaeilge; na príomhthréithe stíle a bhaineann le téacsanna traidisiúnta na Gaeilge a scrúdú.
Ábhar an Mhodúil: Tógfar sna léachtaí ar an mbunús eolais atá ar ghramadach na Gaeilge ag na mic léinn sna léachtaí, ag díriú ar dheilbhíocht an ainmfhocail: na chúig díochlaonta, athruithe tosaigh agus deiridh. Daingneofar an t-eolas atá acu ar phríomhphointí na gramadaí. Cuirfear le saibhreas Gaeilge na mac léinn, ag scrúdú téacsanna tradisiúnta Gaeilge agus na bpríomhthréithe stíle agus dioscúrsa a bhaineann leo. Tabharfar obair scríofa gach seachtain, ceartófar í, agus pléifear deacrachtaí sna ranganna teagaisc, go háirithe i gcomhthéacs úsáid na Gaeilge i réimse an dlí; ina theannta san déanfar daingniú ar a bhfuil ar siúl sa léacht ghramadaí. Múinfear ceartfhuaimeanna na Gaeilge sna ranganna saotharlann teangan
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· taithí acu ar théacsanna traidisiúnta Gaeilge a aithint, a léamh agus a thuiscint;
· ar a gcumas athruithe tosaigh agus deiridh ar ainmfhocail, ar bhriathra agus ar aidiachtaí a thuiscint agus a ionramháil go sásúil;
· taithí acu ar Ghaeilge a chur ar shleachta Béarla go háirithe ar théacsanna dlí;
· taithí acu ar phróiseáil focal agus ar acmhainní Gaeilge a bhaineann leis an dlí a aimsiú ar an idirlíon agus leas a bhaint astu;
· cur amach acu ar fhuaimeanna cearta na Gaeilge.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 90 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (obair scríofa sheachtainiúil 50 marc); Scrudu cainte 60 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana; An scrúdú cainte.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig agus 1 x páipéar 1 (h)uair(e) an chloig. Ní thugtar ar aghaidh ach na marcanna sin a théann ar aon chuid den mheasúnú leanúnach ar éirigh leis an mac / iníon léinn ann. Má theipeann ar an mac / iníon léinn in aon chuid eile, ní foláir an chuid / na coda sin a dhéanamh in athuair.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Eolas a thabhairt dos na mic léinn ar phríomhshaothair phróis na seachtú haoise déag, ar a gcúlra stairiúil agus ar milieu intleachtúil na haimsire; buneolas ar theanga na Nua-Ghaeilge Luaithe a thabhairt dos na mic léinn.
Ábhar an Mhodúil: Prós na seachtú haoise déag: suirbhé ar phrós Gaeilge na seachtú haoise déag a chur i láthair na mac léinn, agus roinnt scéalta ó Sgéalaigheacht Chéitinn: Stories from Keating's History of Ireland a léamh mar bhéal gearrtha i dteanga na Nua-Ghaeilge Luaithe.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· cur amach acu ar mhilieu cultúrtha agus polaitiúil na seachtú haoise déag in Éirinn agus i measc Éireannach ar an Mór-Roinn;
· cur amach acu ar phríomhscríbhneoirí próis na Gaeilge sa seachtú haois déag;
· taithí acu ar shleachta próis sa Nua-Ghaeilge Luath a léamh agus a thuiscint.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Tuiscint a thabhairt do mhic léinn ar logainmníocht na Gaeilge agus ar an gcuma go bhfuil a rian le feiscint ar logainmneacha Béarla na hÉireann sa lá atá inniu ann.
Ábhar an Mhodúil: Tabharfar cuntas ar fhoinsí eolais ar logainmneacha, idir fhoinsí liteartha agus fhoinsí béaloidis, agus pléifear bailiú agus staidéar logainmneacha in Éirinn. Pléifear príomheilimintí teangan na logainmneacha agus tagrófar don mBéarlú a deineadh orthu.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· radharc acu ar shaibhreas teanga agus cultúir logainmneacha na Gaeilge;
· tuiscint acu ar logainmneacha Béarla na hÉireann a bhfuil bunús Gaeilge leo;
· eolas acu ar struchtúr teanga agus brí logainmneacha Gaeilge;
· léargas acu ar bhailiú agus staidéar logainmneacha in Éirinn;
· taithí acu ar fhoinsí eolais ar an logainmníocht a úsáid.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Eolas a thabhairt ar dhialanna na Gaeilge ón 17ú haois i leith.
Ábhar an Mhodúil: Pléifear cúlra agus cur le chéile phríomhdhialanna na Gaeilge ón 17ú haois ar aghaidh. Léifear sleachta ionadaíocha astu mar mhaithe le solas a chaitheamh ar ábhar is ar stíl scríbhneoireachta na saothar seo.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· cur amach acu ar an dialannaíocht mar chineál cumadóireachta;
· eolas acu ar phríomhdhialanna na Gaeilge ón 17ú hAois i leith;
· tuiscint acu ar chúlra, ar údair, ar ábhar is ar stíl na saothar úd;
· dulta amach acu ar áit na dialannaíochta i gceapadóireacht na Gaeilge sa tréimhse;
· sealbhú déanta acu ar na scileanna anailíseacha is tuairisceoireachta a bhaineann leis an aicme seo téacsanna a scrúdú.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 50 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (1 x Aiste 2,000 focal, sprioclá: an Aoine dheireanach den téarma teagaisc).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; an obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. (An aiste a chóiriú arís. An Aoine dheireanach de mhí Lúnasa an sprioclá don aiste.).
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean O Duinnshleibhe, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Aidan Doyle, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Eolas a chur ar shaothair éagsúla (idir phrós agus fhilíocht) a cumadh i nGaeilge sa naoú haois déag.
Ábhar an Mhodúil: Tabharfar tuairisc ar a bhfuil de phrós sa Ghaeilge againn ón dtréimhse seo agus déanfar staidéar speisialta ar Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin agus Litreacha Phádraig Phiarais Cúndún. Déanfar scagadh agus plé ar chuid de shaothar na bhfilí Máire Bhuí Ní Laoire, Tomás Rua Ó Súilleabháin agus Antaine Raiftearaí.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas acu ar phríomhshaothair phróis na Gaeilge i rith an chéid sin
· aithne curtha acu ar na filí is táscúla san naoú haois déag
· tuiscint acu ar na cineálacha éagsúla litríochta a bhí á saothrú
· fráma tagartha measta acu do theacht chun cinn na litríochta
· spléachadh fachta acu ar dhálaí na teanga agus an traidisiúin.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge; Dr Sean O Duinnshleibhe, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Tuiscint a thabhairt ar an ní is litríocht bhéil ann agus ar an dtábhacht atá léi sa Ghaeilge. Scileanna léitheoireachta agus anailíse a mhúineadh, ag díriú go speisialta ar theoiricí reacaireachta.
Ábhar an Mhodúil: Pléifear an scéal idirnáisiúnta béaloidis (Marchen) sa Ghaeilge, maidir le déanamh agus giniúint de, agus scrúdófar cineálacha éagsúla seanchais. Pléifear an gearrscéal mar fhoirm liteartha. Déanfar mionstaidéar ar shaothar Phádraic Uí Chonaire, Dhonncha Uí Chéileachair agus Liam Uí Fhlaithearta agus rogha ó shaothar údar eile.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· spléachadh faighte acu ar chúlra na scéalaíochta béil in Éirinn;
· eolas acu ar genres áirithe seanscéalta agus seanchais;
· tuiscint acu ar chórais éagsúla rangaithe sa bhéaloideas;
· cur amach acu ar théarmaíocht na léirmheastóireachta;
· léargas acu ar an ngearrscéal mar fhoirm reacaireachta;
· taithí acu ar abhar liteartha a phlé i bhfoirm aiste.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 50 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (1 x Aiste 2,000 focal).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana; scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a chóiriú arís; sprioclá: an Déardaoin dheireanach de mhí Lúnasa.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 1.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Mionstaidéar ar chásanna cúirte inar tugadh breith faoi úsáid na Gaeilge nó faoi chearta teanga ó bhunú an Stáit.
Ábhar an Mhodúil: Féachfar ar chásanna tábhachtacha a tógadh mar gheall ar úsáid na Gaeilge i réimsí difriúla den saol, pléifear cúlra agus cúinsí na gcásanna san, léifear go mion téacs na mbreithiúntas a tugadh (go háirithe iad siúd a eisíodh as Gaeilge) chun feidhmiú praiticiúil na teanga féin a léiriú, maraon le solas a chaitheamh ar na hargóintí atá i gceist.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· tuiscint acu ar áit na gcásanna cúirte i leith úsáid na Gaeilge agus maidir le cearta teanga a shuíomh;
· dulta amach acu ar chásanna a éistíodh ag leibhéil éagsúla de chóras na gcúirteanna faoi phointí difriúla dlí is teanga;
· téacs breithiúntas ionadaíoch scrúdaithe acu mar mhaithe le hargóinteacht is le teanga na mbreithiúntas féin;
· sealbhú déanta acu ar na scileanna anailíseacha is tuairisceoireachta a bhaineann le cásanna den gcineál seo a scagadh.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 50 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (1 x aiste a bheith ag Roinn na Nua-Ghaeilge roimh dheireadh na Dara Tréimhse).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a chóiriú arís. 31 Lúnasa an sprioclá don aiste.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Kevin Murray, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Kevin Murray, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Staidéar ar stair na teanga.
Ábhar an Mhodúil: Staidéar ar theanga na Gaeilge ag díriú go háirithe ar an tSean-Ghaeilge agus ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· an Ghaeilge á shuíomh taobh istigh den Ind-Eorpais agus den Cheiltis i gcoitinne
· eolas ar theacht na gCeilteach go hÉirinn
· na hathruithe is tábhachtaí a tharla don Ghaeilge sa tréimhse luath (roimh c. 600 A.D.) ar eolas
· na hathruithe móra a chuaigh i bhfeidhm ar an teanga ó ré na Sean-Ghaeilge go tús ré na Nua-Ghaeilge ar eolas
· aiste údarásach scríofa ar stair na Gaeilge roimh 1200.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 80 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 20 marc (1 x Aiste).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a chóiriú arís. 25 Lúnasa an sprioclá don aiste.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Caitríona Ó Dochartaigh, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Caitríona Ó Dochartaigh, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Suirbhé ar scéalaíocht na Sean-Ghaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Pléifear ábhar, comhthéacs agus fiúntas na scéalaíochta.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· tuiscint leathan acu ar chorpas litríochta na Sean-Ghaeilge;
· mioneolas acu ar phríomhscéalta na Ruraíochta, Táin Bó Cuailnge ina measc;
· anailís déanta acu ar litríocht an laochais i gcomhthéacs domhanda;
· tuiscint dhoimhin acu ar mhórthéamaí litríocht Ghaeilge na Meánaoise.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Gan teora.
Réamhriachtanas: GA2001 / GA2010 no a chothrom
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Teagaisc (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Ranganna Comhráidh (sa mhéid is gur féidir sin a dhéanamh).
Eagraí an Mhodúil: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Cur le cumas agus le cruinneas na mac léinn i scríobh agus i labhairt na Gaeilge, agus téacsanna Gaeilge de chuid na haimsire seo a scrúdú.
Ábhar an Mhodúil: Tógfar ar an mbunús eolais atá ar ghramadach na Gaeilge ag na mic léinn sna léachtaí, díreofar ar dhíochlaonadh na haidiachta, agus ar an gcuma a ndéantar an aidiacht agus an t-ainmfhocal le chéile a ionramháil. Daingneofar an t-eolas atá acu ar phríomhphointí na gramadaí. Cuirfear le cumas Gaeilge na mac léinn ag scrúdú téacsanna Gaeilge a bhaineann le réimsí liteartha/intleachtúla na linne seo, agus ag plé na bpríomhthréithe stíle agus dioscúrsa a bhaineann leo. Tabharfar obair scríofa gach seachtain, ceartófar í, agus pléifear deacrachtaí sna ranganna teagaisc; ina theannta san déanfar daingniú ar a bhfuil ar siúl sa léacht ghramadaí. Déanfar cúram de líofacht agus de chruinneas cainte sna ranganna cómhráidh.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· cur amach acu ar théacsanna Gaeilge de chuid na haimsire seo a léamh agus a phlé ó thaobh teanga, stíle agus dioscúrsa de;
· tuiscint acu ar phríomhphointí gramadaí na Gaeilge;
· taithí acu ar Bhéarla a chur ar shleachta Gaeilge agus ar Ghaeilge a chur ar shleachta Béarla;
· taithí acu ar chomhrá cruinn a dhéanamh as Gaeilge.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 90 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (Obair Scríofa Sheachtainiúil); Scrudu cainte 60 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; an obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana; an scrúdú cainte.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig agus 1 x páipéar 1 (h)uair(e) an chloig (in ionad cuid na hoibre seachtainiúla). Scrúdú cainte.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Cuid de litríocht na Gaeltachta a iniúchadh agus a mheas.
Ábhar an Mhodúil: Déanfar saothair faoi leith ó Chorca Dhuibhne a phlé agus a mheas. Pléifear agus measfar saothair ó cheantair eile Gaeltachta sa Mhumhain chomh maith.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas ginearálta acu ar litríocht phróis na Gaeltachta;
· eolas speisialta acu ar litríocht Ghaeltachtaí Iarthar Chorcaí agus Iarthar Chiarraí;
· tuiscint acu ar shaothar Thomáis Uí Chriomhthain, Pheig Sayers agus Mhuiris Uí Shúilleabháin.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Tuiscint a thabhairt do mhic léinn ar véarsaíocht aiceanta na seachtú haoise déag, agus ar an saol ónar eascair sí.
Ábhar an Mhodúil: Déanfar trácht ar an gcineál nua filíochta a tháinig chun cinn sa tseachtú haois déag de thoradh 'tonnbhriseadh an tseanaghnáthaimh'. Léifear cuid éigin de shaothar fhilí áirithe ón ré sin - Séathrún Céitinn, Pádraigín Haicéad, Piaras Feiritéar, Dáibhí Ó Bruadair - agus tráchtfar chomh maith ar an bhfilíocht pholaitiúil agus ar chaointe a chum banfhilí.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas ginearálta acu ar fhilíocht aiceanta na seachtú haoise déag;
· tuiscint acu ar na hathruithe polaitiúla agus sóisialta a tharla don saol Gaelach sa tseachtú haois déag;
· eolas speisialta acu ar chuid de shaothar Uí Bhruadair agus de shaothar na mbanfhilí.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Scileanna anailíse agus léirmheastóireachta a mhúineadh. Pléifear an traidisiún versus an 'nuafhilíocht' agus saothrú na teanga i saothar na bhfilí.
Ábhar an Mhodúil: An cúlra stairiúil: Athbheochan na Gaeilge agus na hiarrachtaí tosaigh (Dáil na hÉigse, an Piarsach, L.S. Gógan); mionstaidéar ar shaothar Mháire Mhic an tSaoi, Mháirtín Uí Dhireáin agus Sheáin Uí Ríordáin; filíocht na Gaeilge le cúig bliana fichead anuas, go háirithe saothar Nuala Ní Dhomhnaill agus Bhiddy Jenkinson. Beidh an teagasc bunaithe ar mhionstaidéar téacsúil.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· taithí acu ar scileanna mionanailíseacha liteartha;
· cur amach acu ar théarmaíocht na léirmheastóireachta;
· taithí acu ar thuairimí liteartha a chur in úil i bhfoirm aiste.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 50 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (1 x Aiste, 2,000 focal, sprioclá 31 Eanáir).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a chóiriú arís. 31 Lúnasa an sprioclá don aiste.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge; Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Gnéithe lárnacha de scéalaíocht thraidisiúnta na Gaeilge ó 1200 i leith, idir ábhar, fhoirm agus sheachadadh, a léiriú agus a phlé.
Ábhar an Mhodúil: Tá an modúl roinnte ina dhá chuid: (a) Léifear samplaí ón Rúraíocht dhéanach, dornán scéalta clasaiceacha agus scéalta de chuid na nuatheangacha Eorpacha a aistríodh go Gaeilge. (b) Déanfar cur síos ar genre na Fianaíochta; léifear roinnt samplaí sa rang; pléifear an gaol atá acu le béaloideas agus an chuma ina seachadtaí iad; déanfar mioniniúchadh ar Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne mar shampla den genre, ar a chúlra téacsúil agus ar leaganacha de sa bhéaloideas.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas acu ar áit na scéalaíochta traidisiúnta i litríocht na Nua-Ghaeilge;
· dulta amach acu ar ghnéithe ionadaíocha d'eilimintí dúchasacha is iasachta na scéalaíochta sin;
· sealbhú déanta acu ar na scileanna anailíseacha is tuairisceoireachta a chuidíonn le ciall is le comhthéacs na scéalaíochta seo a thuiscint;
· dul amach acu ar litríocht na Féinne;
· cur amach acu ar dhifríochtaí idir litríocht agus béaloideas;
· tuiscint acu ar thréithe béaloidis agus ar thréithe liteartha a aithint i dtéacs;
· eolas beacht acu ar Thóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne agus ar scéalta eile a pléifear.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 4 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 10 x 2 (h)uair(e) an chloig Seimineáir.
Eagraí an Mhodúil: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Scileanna léirmheastóireachta agus scríbhneoireachta a mhúineadh tré shaothair phróis a léamh agus a phlé ag seimineáir agus aistí liteartha a scríobh.
Ábhar an Mhodúil: An t-úrscéal mar fhoirm liteartha; an t-úrscéal sa Nua-Ghaeilge - a chineál; pléifear ceisteanna a bhaineann leis an réadachas, an scigaithris, metaficsean.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· taithí acu ar shaothair fhada próis a léamh go criticiúil;
· léargas acu ar an úrscéal mar fhoirm liteartha;
· taithí acu ar scileanna mionanailíseacha liteartha;
· taithí acu ar abhar liteartha a phlé i bhfoirm aistí.
Marcáil: Marc ar fad 100: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 100 marc (3 x Aistí).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: Na haistí a chóiriú arís. 31 Lúnasa an sprioclá do na haistí.
Creidiúintí: 15
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 1.
Líon na Mac Léinn:
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: Tréimhsí Taithí Oibre (Trí mhí).
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Dlí, móide ionadaí ón Ionad Oibre.
Aidhm an Mhodúil: Taithí a fháil ar an Ionad agus ar a chuid oibre.
Ábhar an Mhodúil: Beidh na mic léinn bainteach le hIonad Oibre (arna fhaomhadh ag an bhfoireann) i rith na tréimhse teagaisc. Beifear ag súil leis go nglacfaidh siad páirt ghníomhach i saothar an Ionaid Oibre le linn an ama sin. Mic léinn go dteipfidh orthu sa mhodúl so i scrúdú an tSamhraidh agus go mbeidh an modúl á dhéanamh arís acu an bhliain dár gcionn, beidh sé de dhualgas orthu tréimhse taithí oibre trí mhí a shocrú dóibh féin in Ionad Oibre go mbeidh glacadh ag an Roinn leis.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· tuiscint mhaith acu ar shaothar an Ionaid Oibre;
· páirt ghníomhach glactha acu i saothar an Ionaid Oibre;
· a dtinreamh san Ionad Oibre sásúil;
· dialann oibre an Ionaid Oibre coimeádta acu go sásúil.
Marcáil: Tréimhse taithí oibre trí mhí.
Eilimintí Riachtanacha: Tinreamh sásúil le linn na Tréimhse Oibre agus an dialann oibre a bheith coimeádta go sásúil.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: Pas a bhaint amach. Teip i gcás Tréimhse Oibre nach gcomhlíontar go sásúil.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: Ní bheidh aon scrúdú sa bhFómhar ann.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 1.
Líon na Mac Léinn: -.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: Tréimhsí Taithí Oibre (trí mhí).
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Taithí a fháil ar obair theanga an Ionaid Oibre.
Ábhar an Mhodúil: 1 x aiste 5,000 focal ar ghné éigin d'obair theanga an Ionaid Oibre ar a n-aontaíonn an mac léinn agus an t-ionadaí acadúil.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· ábhar aiste roghnaithe acu ar ghné éigin de shaothar teanga an Ionaid Oibre ar a n-aontaíonn na mic léinn agus an t-ionadaí acadúil;
· an aiste sin scríofa agus sínte isteach acu.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 200 marc (1 x aiste 5,000 focal).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana. (An aiste a thabhairt isteach roimh dheireadh na seachtaine staidéir i dTréimhse Teagaisc II.).
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Má bhíonn an ceacht / aiste / tionscnamh 7 lá déanach, nó féna bhun san, bainfear 5% den marc iomlán den marc atá ag dul don mac / iníon léinn. Má bhíonn an ceacht / aiste / tionscnamh 14 lá déanach, nó féna bhun san, bainfear 10% den marc iomlán den marc atá ag dul don mac / iníon léinn. Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh 15 lá déanach, nó os a chionn san.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 15
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 2.
Líon na Mac Léinn:
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: Tréimhsí Taithí Oibre (trí mhí).
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Dlí, móide ionadaí ón Ionad Oibre.
Aidhm an Mhodúil: Taithí a fháil ar an Ionad agus ar a chuid oibre.
Ábhar an Mhodúil: Beidh na mic léinn bainteach le hIonad Oibre (arna fhaomhadh ag an bhfoireann) i rith na tréimhse teagaisc. Beifear ag súil leis go nglacfaidh siad páirt ghníomhach i saothar an Ionaid Oibre le linn an ama sin. Mic léinn go dteipfidh orthu sa mhodúl so i scrúdú an tSamhraidh agus go mbeidh an modúl á dhéanamh arís acu an bhliain dár gcionn, beidh sé de dhualgas orthu tréimhse taithí oibre trí mhí a shocrú dóibh féin in Ionad Oibre go mbeidh glacadh ag an Roinn leis.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· tuiscint mhaith acu ar shaothar an Ionaid Oibre;
· páirt ghníomhach glactha acu i saothar an Ionaid Oibre;
· a dtinreamh san Ionad Oibre sasúil;
· dialann oibre an Ionaid Oibre coimeádta acu go sásúil.
Marcáil: Tréimhse taithí oibre trí mhí.
Eilimintí Riachtanacha: Tinreamh sásúil le linn na Tréimhse Oibre agus an dialann oibre a bheith coimeádta go sásúil.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: Pas a bhaint amach. Teip i gcás Tréimhse Oibre nach gcomhlíontar go sásúil.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: Ní bheidh aon scrúdú sa bhFómhar ann.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 1.
Líon na Mac Léinn:
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: Tréimhsí Taithí Oibre (trí mhí).
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge; An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Taithí a fháil ar obair theanga an Ionaid Oibre.
Ábhar an Mhodúil: 1 x aiste 5,000 focal ar ghné éigin d'obair theanga an Ionaid Oibre ar a n-aontaíonn an mac léinn agus an t-ionadaí acadúil.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· ábhar aiste roghnaithe acu ar ghne éigin de shaothar teanga an Ionaid Oibre ar a n-aontaíonn na mic léinn agus an t-ionadaí acadúil;
· an aiste sin scríofa agus sínte isteach acu.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 200 marc (1 x aiste 5,000 focal).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana. (An aiste a thabhairt isteach roimh dheireadh na seachtaine staidéir i dTréimhse Teagaisc II.).
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Má bhíonn an ceacht / aiste / tionscnamh 7 lá déanach, nó féna bhun san, bainfear 5% den marc iomlán den marc atá ag dul don mac / iníon léinn. Má bhíonn an ceacht / aiste / tionscnamh 14 lá déanach, nó féna bhun san, bainfear 10% den marc iomlán den marc atá ag dul don mac / iníon léinn. Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh 15 lá déanach, nó os a chionn san.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge; Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Spéis na mac léinn a mhúscailt sa bhfilíocht shiollach, agus a chur ar a gcumas í a léamh agus a cailíocht liteartha a mheas.
Ábhar an Mhodúil: Filíocht na tréimhse 1200-1650: dornán dánta a léamh ar mhaithe le hábhar, le véarsaíocht is le modhanna ceapadóireachta an chineáil seo filíochta a léiriú. Pléifear, leis, dornán dánta as cnuasach Uí Rathile, Dánta Grádha, ar mhaithe le cáilíocht faoi leith na ndánta sin a léiriú mar shamplaí d'fhilíocht an ghrá.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· tuiscint acu ar áit shainiúil na filíochta seo i litríocht na Nua-Ghaeilge;
· cur amach acu ar phríomhthéamaí na véarsaíochta, ar a cuid reitrice, ar a
· tréithiúlacht teanga is ar phatrúin na meadarachta inti;
· léamh agus tráchtaireacht mhion déanta acu ar bhuntéacs dánta ionadaíocha;
· eolas acu ar chomhthéacs na filíochta ar a dtugtar Na Dánta Grádha;
· eolas acu ar choinbhinsean an ghrá chúirtéisigh.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 50 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (1 x aiste 2,000 focal, sprioclá 30 Aibreán).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a chóiriú arís. 31 Lúnasa an sprioclá don aiste.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6, Uasmheid 35.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean O Duinnshleibhe, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Pádraig Ó Macháin, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Cur le cumas na mac léinn i léamh na Gaeilge trí thosach staidéir a dhéanamh ar an script Ghaelach agus ar an gcló Gaelach.
Ábhar an Mhodúil: Chomh fada leis an script Ghaelach de, blúirí as lámhscríbhinní a cuireadh le chéile idir 1650 agus 1850 is mó a bheidh á léamh. Maidir leis an gcló Gaelach de, léifear sleachta as téacsaí a cuireadh amach ó thús ré na hAthbheochanna i leith. Fairis sin, tagrófar faid ar fhaid do nósanna eagsúla litrithe sa Ghaeilge.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas curtha acu ar an script Ghaelach agus ar na ciorrúcháin ba mhinice a d'úsáideadh scríobhaithe na Gaeilge;
· léamh déanta acu ar rogha lámhscríbhinní ón dtréimhse dhéanach;
· tuiscint acu ar na príomhdhifríochtaí idir shean-nósanna litrithe agus an litriú caighdeánach;
· léamh déanta acu ar théacsaí de chuid na fichiú haoise atá sa chló Gaelach;
· tuiscint acu ar an rud is Caighdeánú ann agus spléachadh faighte acu ar stair an Chaighdeáin Oifigiúil.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Isobel Ni Riain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Tuiscint a thabhairt don mac léinn ar aistriú an Bhíobla agus roinnt téacsanna eile diaga sa tréimhse 1550-1700 chomh maith le léargas a thabhairt ar a bhfuil de shaothar liteartha de chuid an domhain mhóir ar fáil i nGaeilge sa 20ú haois.
Ábhar an Mhodúil: Déanfar cur síos ar na téacsanna diaga a aistríodh go Gaeilge sa tréimhse 1550-1700, agus ar an gcúlra litríochta agus teanga a bhaineann leo. Féachfar ar obair an Ghúim san 20ú haois, agus ar an ábhar léitheoireachta a chuir siad ar fáil don ghnáthphobal. Déanfar léamh faoi leith ar shaothair áirithe ar nós 'Dracula', 'Don Cíochótae' agus 'Eachtra Éilíse i dTír na nIontas'.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas acu ar chúrsaí aistriúcháin i ré an Reifirméisin;
· mionléamh déanta acu ar dhá shaothar chlasaiceacha de chuid litríocht an domhain ina gcló Gaeilge;
· léargas ginearálta tugtha dóibh ar a bhfuil d'aistriúcháin liteartha déanta go Gaeilge an 20ú haois;
· eolas fachta acu ar bhealaí agus ar straitéisí éagsúla aistriúcháin.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Gan teora.
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Aidan Doyle, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Léargas cuimsitheach a thabhairt ar scéal na Gaeilge mar theanga phobail ó thús aimsire go dtí an am i láthair fara dálaí agus cineál agus feabhas na litríochta a cumadh i gcaitheadh na mblianta a léiriú is a phlé ina gcomhthéacs sóisialta féin.
Ábhar an Mhodúil: Cor na Gaeilge mar theanga na tíre ó thús aimsire agus go háirithe mar a chuaigh an saol polaitiúil agus sóisialta i bhfeidhm uirthi. Pléifear idir na tréimhsí sin a raibh sí ina sea, agus na tréimhsí inar tháinig brú uirthi mar theanga na ndaoine sa chéad téarma. Scrúdófar litríocht agus cineálacha litríocht na Gaeilge ar tháinig ann dóibh agus a bhláthaigh le linn na dtréimhsí sin. Léireofar, go háirithe, an tslí gurb aonad amháin é traidisiún na litríochta agus na teanga in ainneoin na héagsúlachta agus na fairsinge atá ann. Sa dara séimeastar, déanfar cur síos ar an ról a bhí ag an nGaeilge i saol na hÉireann trí chéile ó 1920-. Díreofar ar mheath phobal na gcainteoirí dúchais agus ar theacht chun cinn phobal na bhfoghlaimeoirí. Ar deireadh tabharfar aghaidh ar an ról siombalach atá ag an nGaeilge in Éirinn an 21ú haois.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· léargas leathan cuimsitheach ar chor na Gaeilge mar theanga phobail ó thús aimsire go dtí an lá atá inniu;
· eolas faoi leith acu ar na fórsaí a neartaíonn, a chothaíonn nó a lagaíonn teanga sa tréimhse stairiúil agus lenár linn féin;
· léargas acu ar na ceangail idir teangacha agus réimsí eile den saol, ar nós na polaitíochta agus an chultúir;
· tuiscint acu ar an difríocht idir teanga dhúchais agus teanga oidhreachta;
· léargas faighte acu ar an reitric a mbaintear leas aisti nuair a bhítear ag plé staid na Gaeilge.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana. Scrúdú scríofa.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a chóiriú arís sa bhFómhar. 31 Lúnasa an sprioclá don aiste.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhse 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Áit an Dlí i litríocht na Gaeilge ó na Meánaoiseanna Déanacha i leith go dtí an 20ú haois.
Ábhar an Mhodúil: Déanfar staidéar ar litríocht na Gaeilge agus dlí dúchasach na tréimhse 1200-1650. Scrúdófar an rian a d'fhág teacht chun cinn Dhlí Shasana ar cheapadóireacht an 17ú haois. Féachfar ar thuiscintí traidisiúnta (neamh-oifigiúla) ar chearta an phobail agus an duine aonair mar a nochtar i bhfoinsí liteartha iad anuas go dtí aimsir an Ghorta. Tabharfar cuntas ar an gcaidreamh idir litríocht na hAthbheochana agus córas riaracháin an Stáit nua.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· tuiscint acu ar an gcaidreamh idir litríocht na Nua-Ghaeilge agus an dlí;
· dulta amach acu ar ghnéithe sainiúla den gcaidreamh sin ag tráthanna éagsúla de chuid tréimhse na Nua-Ghaeilge;
· mionléamh déanta acu ar théacsanna ionadaíocha litríochta is dlí;
· na scileanna anailíseacha is tuairisceoireachta sealbhaithe acu a chabhraíonn leis an gceangal idir an litríocht agus an dlí a scrúdú.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 50 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (1 x Aiste a bheith ag Roinn na Nua-Ghaeilge roimh dheireadh na Dara Tréimhse).
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana; An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. An aiste a chóiriú arís. 31 Lúnasa an sprioclá don aiste.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: GA2031 no GA2032 no a chomhshamhail
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Caitríona Ó Dochartaigh, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Caitríona Ó Dochartaigh, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Pléifear litríocht, go háirithe filíocht na Sean-Ghaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Pléifear an litríocht laistigh de chomhthéacs na lámhscríbhinní ina bhfuil sí tagtha anuas.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· tuiscint leathan acu ar chorpas filíochta na Sean- agus na Meán-Ghaeilge;
· garléamh déanta acu ar chuid des na dánta is cailiúla ón dtréimhse;
· dianstaidéar déanta acu ar théamaí, moitífeanna, íomhánna agus stíl na filíochta;
· blaiseadh faighte acu ar an ndíospóireacht i leith cheist genre na ndánta ón dtréimhse.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 5
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 6.
Réamhriachtanas: GA2031 no GA2032 no a chomhshamhail
Comhriachtanas: Iad siud a bhfuil CC3005 ar siul acu, ni mor doibh modul eile a roghnu in ionad GA3032. (Iad sin gur mian leo dha aonad Sean-Ghaeilge a dheanamh agus nach bhfuil Celtic Civilisation a dheanamh acu mar abhar, b'fheidir leo CC3005 (aonad dubalta) a dheanamh in ionad GA3031-32 le cheile).
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí.
Eagraí an Mhodúil: Dr Kevin Murray, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Kevin Murray, Roinn Na Sean Agus Na Meán Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Staidéar ar an tSean-Ghaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Déanfar staidéar bunúsach ar ghramadach na Sean-Ghaeilge ar dtús agus ansin léifear agus pléifear roinnt téacsanna roghnaithe
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas ar bhunghraiméar na Sean-Ghaeilge
· sleachta áirithe á aistriú ó Shean-Ghaeilge go Nua-Ghaeilge (nó go Béarla)
· anailís ghéar á dhéanamh ar struchtúr agus ar ghraiméar na sleachta seo
· cur síos déanta ar na hathruithe a tháinig isteach sa teanga ó thús ré na Sean-Ghaeilge go deireadh ré na Meán-Ghaeilge
· na foinsí Sean-Ghaeilge is tabhachtaí pléite.
Marcáil: Marc ar fad 100: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Credit Weighting: 20
Teaching Period(s): Teaching Periods 1 and 2.
No. of Students: Max 12.
Pre-requisite(s): None
Co-requisite(s): None
Teaching Methods: Placements (24-week work placement under supervision of a workplace mentor and an academic mentor).
Module Co-ordinator: Dr Padraigin Riggs, Department of Modern Irish.
Lecturer(s): Staff, Department of Economics; Staff, Department of Management and Marketing; Staff, Department of Accounting, Finance and Information Systems; Staff, Department of Food Business and Development; Ms Mairead Ni Loingsigh, Department of Modern Irish.
Module Objective: To enable students to gain work experience in companies who conduct business wholly or partly through Irish.
Module Content: 24-week work placement encompassing both a business orientation and an environment where the Irish language is extensively used.
Learning Outcomes: On successful completion of this module, students should be able to:
· practical experience of business practice;
· experience in using Irish in the workplace.
Assessment: Continuous Assessment.
Compulsory Elements: Satisfactory attendance and completion of logbook record.
Penalties (for late submission of Course/Project Work etc.): Work which is submitted late shall be assigned a mark of zero (or a Fail Judgement in the case of Pass/Fail modules).
Pass Standard and any Special Requirements for Passing Module: A Pass/Fail judgement based on completion of logbook record. Logbook to be submitted by last Friday in March.
End of Year Written Examination Profile: No End of Year Written Examination.
Requirements for Supplemental Examination: Students failing this module shall be responsible for arranging a new 16-week work placement, which must be approved in advance by the module co-ordinator and which must be completed by August 31.
Credit Weighting: 10
Teaching Period(s): Teaching Periods 1 and 2.
No. of Students: Max 12.
Pre-requisite(s): None
Co-requisite(s): None
Teaching Methods: Other (24-week work placement under supervision of a workplace mentor and an academic mentor).
Module Co-ordinator: Dr Padraigin Riggs, Department of Modern Irish.
Lecturer(s): Staff, Department of Economics; Staff, Department of Management and Marketing; Staff, Department of Accounting, Finance and Information Systems; Staff, Department of Food Business and Development; Ms Mairead Ni Loingsigh, Department of Modern Irish.
Module Objective: To enable students to present a personal appraisal of their work experience.
Module Content: An oral presentation in the presence of peers and academic mentors, to take place in April, after completion of 24-week placement.
Learning Outcomes: On successful completion of this module, students should be able to:
· compiled a succinct report on their work experience;
· identified the three most significant competences acquired during the work placement;
· acquired the organisational and technical skills necessary to make an oral presentation.
Assessment: Total Marks 200: Oral Assessment 200 marks (1 x 20 minute presentation).
Compulsory Elements: Oral Examination. (A mark of Zero will be awarded if no presentation is made).
Penalties (for late submission of Course/Project Work etc.): None.
Pass Standard and any Special Requirements for Passing Module: 40%.
End of Year Written Examination Profile: No End of Year Written Examination.
Requirements for Supplemental Examination: Students will be required to submit an extended essay, as prescribed by the Department.
Credit Weighting: 20
Teaching Period(s): Teaching Periods 1 and 2.
No. of Students: Max 12.
Pre-requisite(s): None
Co-requisite(s): None
Teaching Methods: Other (15,000 word essay based on an aspect of the work experience).
Module Co-ordinator: Dr Padraigin Riggs, Department of Modern Irish.
Lecturer(s): Staff, Department of Economics; Staff, Department of Management and Marketing; Staff, Department of Accounting, Finance and Information Systems; Staff, Department of Food Business and Development; Ms Mairead Ni Loingsigh, Department of Modern Irish.
Module Objective: To focus the student on a particular aspect of the work experience relevant to one of his /her commerce subjects.
Module Content: The student will, in consultation with his/her workplace mentor and, under the supervision of his/her academic mentor, analyse a particular business aspect of the host organisation. Project outline to be submitted by last Friday in November.
Learning Outcomes: On successful completion of this module, students should be able to:
· acquired the skills necessary to write an extended report on their chosen topic
· learned research skills;
· learned practical analytical skills.
Assessment: Total Marks 400: Continuous Assessment 400 marks (1 x 15,000 written project to be submitted by last Friday in May).
Compulsory Elements: Written Project. (A mark of Zero will be given for non-submission of project by stated deadline).
Penalties (for late submission of Course/Project Work etc.): Work which is submitted late shall be assigned a mark of zero (or a Fail Judgement in the case of Pass/Fail modules).
Pass Standard and any Special Requirements for Passing Module: 40%.
End of Year Written Examination Profile: No End of Year Written Examination.
Requirements for Supplemental Examination: Students will be required to submit an extended essay, as prescribed by the Department.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Uasmheid 12.
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: Eile (Aiste 5,000 focal ar ghné den Ghaeilge sa chomhlacht).
Eagraí an Mhodúil: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge; Ms Mairead Ni Loingsigh, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Aire an mhic léinn a dhíriú ar na tréithe ar leith a bhaineann le comhlacht atá ag feidhmiú i gceantar Gaeltachta nó a dheineann gnó tré Ghaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Roghnóidh an mac léinn gné éigin d'obair an chomhlachta a bhaineann leis an nGaeilge nó le timpeallacht na Gaeltachta agus pléifidh sé/sí an t-ábhar, i gcomhairle le stiúrthóir ó Roinn na Nua-Ghaeilge.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· scileanna scríbhneoireachta acu i réimse den ghnó;
· cur amach acu ar théarmaíocht an ghnó sa Ghaeilge;
· scileanna anailíse acu i sainghné den ghnó.
Marcáil: Marc ar fad 200: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 200 marc (1 x aiste, 5,000 focal le síneadh isteach fén Aoine dheireanach de mhí na Bealtaine).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: An aiste a dhéanamh arís, de réir mar a theastaíonn ón Roinn.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (léitheoireacht fé stiúradh an léachtóra agus cleachtaí scríofa).
Eagraí an Mhodúil: Dr Aidan Doyle, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Aidan Doyle, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Tuiscint a thabhairt don mhac léinn ar an réim teanga a fhaightear in aistí acadúla agus i dtráchtais. Pléitear chomh maith na córais tagartha éagsúla agus an trealamh scolártha a bhaineann le tráchtais. Beidh píosa próis le scríobh ag an mac léinn go rialta, agus iarrfar uirthi tascanna éagsúla taighde a chur di ó am go chéile.
Ábhar an Mhodúil: Pléann an modúl seo le réimsí na Nua-Ghaeilge. Déantar tagairt inti do na canúintí labhartha agus don teanga scríofa araon, agus mínítear an difríocht idir chanúint agus chaighdeán. Ina dhiaidh sin, léirítear na fadhbanna éagsúla a bhaineann leis an scríobh acadúil, idir théarmaíocht agus chur le chéile ginearálta na haiste léannta.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· léargas faighte ag an mac léinn ar réimsí na Gaeilge;
· tuiscint faighte ag an mac léinn ar an scríobh acadúil;
· léargas faighte ag an mac léinn ar phróiseas na heagarthóireachta ginearálta.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 100 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 100 marc (cleachtaí scríofa).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana; scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig. Tugtar an marc iomlán a théann ar an measúnú leanúnach ar aghaidh (.i. na cleachtaí scríofa).
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora.).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (staidéar a leagfar síos dos na mic léinn).
Eagraí an Mhodúil: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Padraigin Riggs, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Éachtaint a thabhairt dos na mic léinn ar shaothar na beirte banfhile seo i solas teoiricí áirithe de chuid an fheimineachais.
Ábhar an Mhodúil: Pléifear rogha dánta as corpus na beirte banfhile mar shampla de nuafhilíocht na Gaeilge; déanfar trácht ar an saothrú a dheineann an bheirt ar an nGaeilge mar mheán agus ar an earraíocht a bhaineann siad as an mbéaloideas agus an miotaseolaíocht ina saothar.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas acu ar shaothar na beirte banfhile, Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson;
· eolas stairiúil acu ar an gcur chuige feimineach i gcúrsaí léirmheastóireachta liteartha;
· ar a gcumas mion-anailís liteartha a dhéanamh ar théacsanna filíochta nua-aimseartha;
· cur amach acu ar an rud is dioscúrsa liteartha ann.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 200 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (stiúradh ar staidéar príobháideach).
Eagraí an Mhodúil: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Cornelius Buttimer, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Eolas a thabhairt do mhic léinn ar fhilíocht na tréimhse 1200-1650 A.D.
Ábhar an Mhodúil: Pléifear filí na tréimhse 1200-1650 A.D. agus a gcuid filíochta, chomh maith leis an saol agus an tuiscint a raibh siad ag friotháilt orthu. Déanfar staidéar ar ábhar, ar fhoirm is ar theanga a ndánta, ag tarraingt ar eagráin aitheanta dá saothar.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas acu ar phríomhthéamaí fhilíocht na tréimhse 1200-1650 A.D.;
· cur amach acu ar ghairm na filíochta san am;
· eolas acu ar theanga lucht cumtha na ndánta;
· sealbhú déanta acu ar na scileanna anailíseacha cuí a bhaineann leis an ngort staidéir.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 200 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 22 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (léitheoireacht agus taighde stiúrtha); 2 x 1 (h)uair(e) an chloig Eile (Cuairt ar Bhailiúcháin Speisialta sa Leabharlann mar a gcoimeádtar foclóirí stairiúla na Gaeilge & taispeántas ar áiseanna foclóireachta atá ar fáil ar an idirlíon, nó i measc acmhainní leictreonacha Leabharlann Bhoole.).
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Traidisiún fhoclóireacht na Gaeilge a scrúdú; na mic léinn a chur aithne ar phríomhfhoclóirí na Nua-Ghaeilge, stair na foclóireachta go ginearálta a léiriú, agus modheolaíocht na foclóireachta mar a léirítear í sna foclóirí Gaeilge.
Ábhar an Mhodúil: Pléifear stair na foclóireachta domhanda, seanstair na foclóireachta Gaeilge; obair na bProinsiasánach sa 17ú haois, agus foclóirí foilsithe agus lámhscríte na 18ú haoise agus na 19ú haoise, chomh maith le foclóirí na 20ú haoise, foclóir stairiúil an Acadaimh, tionscnamh an Fhoclóra Nua-Ghaeilge, agus a bhfuil ar siúl le fíordhéanaí: Corpas na Gaeilge ar CD-ROM, foclóirí téarmaíochta, focal.ie, eDIL, PACDIL. Tabharfar tionscnamh taighde le déanamh do mhic léinn a chuirfidh orthu foclóirí éagsúla a scrúdú.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· cur amach acu ar phríomhfhoclóirí na Gaeilge ón 17ú haois anuas idir lámhscríofa agus foilsithe, a fhios acu conas teacht orthu agus beagán taithí ar úsáid a dhéanamh díobh;
· eolas acu ar fhoclóirí canúna atá foilsithe, agus ar roinnt foclóirí canúna lámhscríte.
· a fhios acu cá gcuardófaí focal dorcha Gaeilge;
· cur amach acu ar cad is foclóir stairiúil nua-aimseartha ann, agus conas a cuirtear chun a leithéid a chur le chéile.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 200 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora.).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (léitheoireacht agus taighde stiúrtha).
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean Ua Suilleabhain, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Traidisiún filíochta Mhúscraí (ó aimsir Chúirt Filíochta Thigh na Cille go Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn) ón 18ú hAois anuas a scrúdú.
Ábhar an Mhodúil: Rianófar an chuma gur athraigh an traidisiún ó aimsir Chúirt Filíochta Thigh na Cille go Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn. Léifear agus pléifear déantúsaí mionfhilí ná fuil a saothar in eagar fós agus míneofar meadarachtaí na ndánta agus na n-amhrán.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· cur amach acu ar phríomhfhilí Mhúscraí ón 18ú haois anuas;
· eolas acu ar na príomhfhoinsí eolais agus téacsanna a bhaineann le filíocht Mhúscraí;
· cur amach acu ar roinnt d'amhránaithe Mhúscraí go bhfuil amhráin de chuid an chúrsa ar taifeadadh acu;
· eolas acu ar na saghasanna filíochta a chleachtaí sa Mhumhain i dtréimhsí éagsúla ón 18ú haois anuas.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 200 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora).
Réamhriachtanas: Ni hann do
Comhriachtanas: Ni hann do
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (stiúradh ar staidéar príobháideach).
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Eolas a thabhairt do mhic léinn ar phríomhshaothair liteartha Mháirtín Uí Chadhain; iad a chur á léamh agus na saothair sin a mheas ina gcomhthéacs cultúrtha agus litríochta.
Ábhar an Mhodúil: Déanfar mionphlé ar shaothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain, go háirithe a chuid gearrscéalta agus úrscéalta. Tabharfar aird faoi leith ar na scéalta tosaigh a foilsíodh in An Braon Broghach agus in Cois Caoláire. Déanfar staidéar doimhin ar Cré na Cille, agus pléifear sleachta as Athnuachan agus Barbed Wire. Tabharfar tacaíocht don léitheoireacht seo trí scagadh a dhéanamh ar a chuid scríbhinní léirmheastóireachta agus polaitiúla. Déanfar é a mheas mar scríbhneoir próis Gaeilge de chuid na fichiú haoise, agus pléifear conas mar a glacadh lena shaothar lena linn agus tar éis a bháis.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· éachtaintí ginearálta fachta acu ar shaol agus ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain
· mionléamh déanta acu ar a phríomhshaothair phróis idir ghearrscéalta agus úrscéalta
· tuiscint chuimsitheach ar a thábhacht mar scríbhneoir
· blaiseadh cóir faighte ar a stíl agus ar réimse a fhoclóra
· eolas breise sealbhaithe acu ar nua-litríocht na Gaeilge
· meabhair bainte acu as an gcritic fhairsing atá tar éis fáis dá éis.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 200 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí; 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (stiúradh ar staidéar príobháideach).
Eagraí an Mhodúil: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Mr Liam O Murchu, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Eolas doimhin a chur ar fhilíocht Uí Bhruadair i gcomhthéacs a aimsire féin.
Ábhar an Mhodúil: Plé ar fhilíocht Ghaeilge na seachtú haoise déag sa chomhthéacs stairiúil agus cultúrtha; plé agus scrúdú ar conas mar nochtann an file a phearsantacht sa bhfilíocht; ar aigne Dháibhí i leith na bpátrún a bhí aige; agus ar a aigne i leith institiúid agus cheapadh na filíochta; scrúdú ar eagráin a chuid filíochta agus ar cheisteanna téacsúla; scrúdú ar an aird a fuair an file ó lucht na léirmheastóireachta.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· ar chumas na mac léinn dul i ngleic leis an gcuid is casta d'fhilíocht Uí Bhruadair;
· léargas acu ar phearsantacht chasta an fhile mar nochtann sí chugainn sna dánta;
· tuiscint acu ar cheisteanna ilghnéitheachta liteartha Ghaeilge na 17ú haoise.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 200 marc.
Eilimintí Riachtanacha: Scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Creidiúintí: 10
Tréimhse Teagaisc: Treimhsi 1 agus 2.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Léachtaí (ar a mbeidh cuaird nó dhó ar Bhailiúcháin Speisialta i Leabharlann Boole); 24 x 1 (h)uair(e) an chloig Obair Fé Stiúir (stiúradh ar staidéar príobháideach).
Eagraí an Mhodúil: Dr Sean O Duinnshleibhe, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: Dr Sean O Duinnshleibhe, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Léargas a thabhairt do mhic léinn ar an gcóras scríbhneoireachta agus ar na ciorrúcháin a gheibhtear i lámhscríbhinní na tréimhse déanaí.
Ábhar an Mhodúil: Lámhscríbhinní de chuid an 18ú haois agus an 19ú haois is mó a bheidh á léamh. Tabharfar mic léinn isteach ar an gcóras scríbhneoireachta agus ciorrúcháin a chleachtadh scríobhaithe na linne sin agus déanfar blúirí filíochta agus próis ós na lámhscríbhinní d'athscríobh go rialta. Dá éagmais sin, déanfar tosach staidéir ar shaghsanna éagsúla téacsaí a chur in eagar.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· eolas curtha acu ar an script Ghaelach agus ar na ciorrúcháin ba mhinice a d'úsáideadh scríobhaithe na Gaeilge;
· léamh déanta acu ar rogha lámhscríbhinní ón dtréimhse dhéanach;
· tuiscint acu ar na cineálacha litrithe a gheibhtear i lámhscríbhinní na haoise sin;
· iarracht déanta acu ar théacsaí a chóiriú fé stiúradh an léachtóra;
· cur amach acu ar mhodhanna éagsúla eagarthóireachta.
Marcáil: Marc ar fad 200: Scrudu scriofa dheireadh na bliana 150 marc; An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 50 marc (scrúdú sa rang).
Eilimintí Riachtanacha: An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana (scrúdú sa rang); scrúdú scríofa dheireadh na bliana.
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Ní thagann i gceist.
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig.
Riachtanais um Scrúdú Breise: 1 x páipéar 3 (h)uair(e) an chloig agus 1 x páipéar 1½ (h)uair(e) an chloig (páipéar breise in ionad obair na bliana).
Creidiúintí: 30
Tréimhse Teagaisc: Tréimhse Teagaisc / Taighde 3.
Líon na Mac Léinn: Iosmheid 5 (Gan teora.).
Réamhriachtanas: Ni hann do.
Comhriachtanas: Ni hann do.
Modhanna Múinte: Eile (Taighde fe stiúradh na Roinne).
Eagraí an Mhodúil: Prof Alan Titley, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Léachtóirí: An Fhoireann, Roinn Na Nua-Ghaeilge.
Aidhm an Mhodúil: Forbairt scileanna taighde.
Ábhar an Mhodúil: Taighde fé stiúradh na Roinne ar ábhar atá roghnaithe idir an mac léinn agus an Roinn.
Torthaí Foghlama: Nuair a bheidh an modúl seo déanta ag na mic léinn beidh:
· taighde neamhspleách déanta acu faoi stiúir léachtóra oilte;
· ransú déanta acu i leabharlanna, i gcartlanna agus i measc seancháipéisí;
· scagadh déanta acu ar éagsúlacht ábhar idir fhoilsithe is neamhfhoilsithe;
· áiteamh bunúil argóna déanta acu agus tacaíocht an staidéir leis.
· tuiscint faighte acu ar a bhfuil i gceist le miontráchtas léinn a chur le chéile.
Marcáil: Marc ar fad 600: An obair a dheanfai i gcaitheamh na bliana 600 marc (an miontráchtas (idir 12,000-15,000 focal)).
Eilimintí Riachtanacha: An miontráchtas (idir 12,000-15,000 focal).
An obair a dhéanfaí i gcaitheamh na bliana á chur isteach go déanach: Náid (0) an marc a bhronnfar ar aon cheacht / aiste / tionscnamh a bheidh déanach (nó neachtar acu tabharfar teip don mac / iníon léinn sa mhodúl más modúl 'Pas/Teipe' atá i gceist).
Marc an phais, agus riachtanais ar leithligh chun pas a bhaint amach sa mhodúl: 40%.
Scrúdú scríofa dheireadh na bliana: Ni bheidh aon scrudu scriofa ag deireadh na bliana ann.
Riachtanais um Scrúdú Breise: Ni hann do.