Léann Dúchais Leictreonach
Is é An Léann Dúchais Leictreonach ainm an tionscnaimh seo a ritheann Roinn an Bhéaloidis ó 2004 le cabhair airgid an Údaráis um ArdOideachas. Faoin dtionscnamh reatha seo cuireann an Roinn roimpi taighde a dhéanamh ar ghnéithe criticiúla de shaol agus de chultúr na Gaeltachta agus na Gaeilge faoi mar atá sa lá atá inniu ann. Is í an aidhm atá againn ach chun buanfhianaise bunúil bríomhar sna foirmeacha teicneolaíocha is nuálaí a fháil.
Bíonn an taighde á chur chun cinn ar bhonn téamúil leanúnach ó bhliain go chéile agus lámh ag an bhfoireann agus ag taighdeoirí eile a fhostaítear ó am go chéile. Faoin scéim cheannródaíoch taighde seo ceanglaítear foirmeacha nua taighde le cruthú atá áiseanna léachtóireachta agus múinteoireachta in earnáil an oideachais trí chéile ins na scoileanna agus ins na hollscoileanna.
DVD-ROM
DVD-Rom píolótach dar teideal An Béaloideas sa Scéalaíocht, sa Chreideamh, san Uirlis an chéad thoradh a bhí ar an dtaighde seo. Chríochnaíodh an obair seo tugadh Léann Dúchais Leictreonach uirthi, aimsíodh idir 1,000 agus 1,500 grianghraf, breis is céad sliocht scannáin, roinnt uaireanta an chloig fuaime agus idir chéad agus dhá chéad comhad téacs - agus dheineadh iad a chur in ord agus in eagar. Thug an taighde seo deis don Roinn taithí a dhéanamh den scanáil agus digitiú ךc. D’ullmhaigh Nuala de Búrca pacáiste meastóireachta le scaipeadh ar léachtóirí, ar mhúinteoirí bun- agus meánscoile, ar leabharlannaithe agus ar fhoghlaimeoirí i dteannta le cóip den DVD-Rom.
Chuir Dr Stiofán Ó Cadhla, An tOllamh Gearóid Ó Crualaoich agus Dr Diarmuid Ó Giolláin an téacs Gaeilge ar fáil. Go dtí seo bhí Niall de Barra, Carol Coleman, Nuala de Búrca, Ciarán Ó Gealbháin agus Treasa Ní Éaluithe i mbun taighde don scéim. Chuir Dr Marie-Annick Desplanques, Dr Clíona O’Carroll, Dr Stiofán Ó Cadhla cabhair, cúnamh agus treoir ar fáil chomh maith le tréimhsí oibre sa ghort ó am go chéile.
Scannáin
Tá sé mar aidhm againn scannánú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den saol cultúrtha agus ábhartha sa Ghaeltacht. Tá roinnt scannáin déanta anois a chuirfidh go mór leis an léiriú is féidir a thabhairt sa tseomra léachta ar ghnéithe áirithe den saol in Éirinn mar a bhí agus mar atá.
Tugann an taifead físe léiriú ar an bpróiseas cultúrtha ina chomhthéacs sainiúil fisiciúil féin thar a bhfuil le fáil ar aon bhealach eile. Tá scannánú á dhéanamh againn ar cheamara HDV don chuid is mó agus na taifeadtaí ar fhíor ard-chaighdeán dá thoradh san. Tá scannánaíocht déanta leis na daoine seo a leanas againn go nuige seo:
- George McGrath, díonadóir agus é i mbun oibre i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge.
- An saor cloiche, Pádraig de Faoite i mbun oibre i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge.
- Pádraig Ó Mathúna, An Sean Phobal, Co. Phort Láirge ag cur síos ar threallamh feirme traidisiúnta .
- Tá scannánaíocht déanta againn ar Phátrún na hÁirde Móire, Co Phort Láirge.
- Tugadh cuairt ar Dhaonpháirc Bhun Raite, Co. an Chláir, chun an réigiúnachas a bhaineann le tithíocht traidisiúnta na hÉireann a scannánú.
- Deineadh scannán de Jimmy Lenihan i Muileann na hUamhan, Co. Thiobrad Árann. cheardaí fíor-chumasach agus díonadóir.
- Ó 2008 is é ‘Béaloideas na mBan’ an téama atá chíoradh ag Léann Dúchais Leictreonach agus agallaimh á dhéanamh le mná na Gaeltachta mar gheall ar a saol agus ar an eispéireas banúil trí chéile.
Béaloideas na mBan
Tá áthas ar Roinn an Bhéaloidis tionscnamh nua “Béaloideas na mBan” a sheoladh i mbliana 2008. Le cabhair airgid ón UAO don Léann Dúchais Leictreonach déanfaidh Treasa Ní hÉalaithe tosach a chur leis an dtaighde seo ar shaol agus ar thaithí na mban sna ceantair Ghaeltachta.
Is i gceantair na nDéise a chuirfear tús leis an dtionscnamh seo ach tá gach aon choinne againn go leanfaidh sé ar aghaidh agus go leathnóidh sé amach go dtí ceantar Mhúscraí an bhliain seo chugainn. I bpáirt le foireann Gaeilge Roinn an Bhéaloidis, Dr Stiofán Ó Cadhla, Dr Clíona O’Carroll agus Ciarán Ó Gealbháin, cuirfidh Treasa tús le tionscnamh ceannródaíoch taighde a dhéanfaidh cúiteamh beag ar an easpa eolais agus suime a chuireadh i mbéaloideas na mban go dtí seo in Éirinn. Beidh Roinn an Bhéaloidis ag comhoibriú le grúpaí agus le hinstitiúidí áitiúla chun an obair seo a chur i gcrích mar is cóir. Leanfaidh an taighde an leagan amach agus an dearadh ceart béaloideasúil eitneagrafaíochtúil ó thosach. Is comhoibriú idir an pobal agus Roinn an Bhéaloidis a bheidh ann. Táimid buíoch de Iolscoil na Mumhan, Coláiste na Rinne, de Chomhairle Phobail na Rinne agus de Comhairle Phobail an tSeanphobail as a bheith chomh fáiltiúil romhainn. Táimid buíoch de na mná a chabhróidh leis an dtaighde seo de réir mar a bheidh sé ag dul ar aghaidh. Tá coinne againn leathanach gréasáin a chruthú chun an tionscnamh a chur chun cinn agus a fhógairt don saol Fódlach. Is tionscnamh comhaimseartha béaloideasa atá ann a dhíríonn de aon ghnó glan ar bhéaloideas na mban. Déanfaidh an Léann Dúchais Leictreonach taighde bunúil as Gaeilge ar shaol agus ar thaithí na mban sa lá atá inniu ann. Gan amhras pléifear chomh maith saol agus eispéireas a shamhlaítear le béaloideas (an saol féiltiúil, deasghnáthnúil, eachtrúil). Is í an aidhm atá ag an dtionscnamh ach fianaise a fháil ar shaol na mban sna Gaeltachtaí. An mhodheolaíocht ná modhanna eitneagrafaíocha a oireann (i) agallamh, (ii) grianghraif (daoine, áiteanna, tithe). Déanfar tras-scríobh ar na hagallaimh seo mar chuid den dtionscnamh. An aidhm láithreach ná chun idir 10 agus 15 déag a bheith san áireamh.






