Suas le 60 mac léinn a théann ar scoláireacht gach bliain. Caitheann na scoláirí seachtain amháin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Chomh maith le lóistín a sholáthar, socraíonn foireann an Ionaid clár iomlán imeachtaí do na mic léinn a bhíonn páirteach sa scéim.
Cé atá i dteideal cur isteach ar scoláireacht?
Is féidir le mic léinn de chuid an choláiste, fiú amháin mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar acu cur isteach ar scoláireacht. Ní tharlaíonn sé seo in aon choláiste eile sa tír.
Cén Ghaeltacht atá i gceist?
Téann na scoláirí siar go dtí Iarthar Chiarraí - Corca Dhuibhne.
Cén fhaid a mhaireann scoláireacht?
Bíonn ar na mic léinn seachtain (7 n-oíche san áireamh) a chaitheamh sa Ghaeltacht.
Cathain is féidir dul?
Beidh na mic léinn thiar ó 22 Bealtaine 2026 - 29 Bealtaine 2026.
Cén sórt lóistín a bheidh ann?
Fanann na mic léinn i ngnáth-thigh le teaghlach Gaeltachta. De ghnáth, bíonn ochtar nó naonúr i ngach tigh.
An mbeidh ranganna ar siúl?
Beidh ranganna ar siúl ar maidin agus beidh aoíchainteoirí i láthair chomh maith. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl sa tráthnóna agus san oíche. Eagraítear céilí, seisiún ceoil, turasanna, scéalaíocht, spórt uisce srl do mhic léinn a théann siar.
Cén costas atá i gceist?
€150. Díolann COC agus Roinn na Gaeltachta as an lóistín agus úsáidtear an €150 chun díol as na himeachtaí. Beidh ort féin cúrsaí taistil a eagrú.
Conas is féidir dul chuig na hionaid éagsúla?
Cuirfear bus ar fáil chun freastal ar na ranganna agus na himeachtaí agus beidh bus chun daoine a thabhairt amach ón nDaingean an chéad lá agus isteach an Daingean ag deireadh an chúrsa.
Eolas do mhic léinn atá ag Iarraidh dul le múinteoireacht
Is féidir an tseachtain seo a chur san áireamh mar chuid den tréimhse sa Ghaeltacht atá riachtanach chun clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Conas is féidir cur isteach ar scoláireacht?
- Tar go dtí ORB G02 – aon lá ó 2 Márta 2026 - 5 Márta 2026 10am – 4pm.
- Líon isteach foirm iarratais.
- Labhair le duine d’fhoireann na Gaeilge Labhartha (Isobel, Caitríona, Nuala, Seán, Karol, Brian, Ciarán). Ní scrúdú béil é seo.
Scoláireachtaí Gaeltachta - Is breá linn a bheith ag rince!
Nuashonraithe
6 Feabhra 2026