Gach bliain, tugann an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha cuireadh do Ghaelscoileanna agus do bhunscoileanna Gaeltachta Chorcaí teacht chun na hollscoile chun an obair thábhachtach atá ar siúl ag na scoileanna san ar son na Gaeilge a cheiliúradh.
Eagraíonn Nuala de Búrca, teagascóir san Ionad, roinnt gníomhaíochtaí do na ndaltaí agus bíonn imeacht oifigiúil ann chomh maith. Ba bhreá le hIonad na Gaeilge Labhartha an nasc speisialta seo atá cruthaithe acu le Gaelscoileanna is bunscoileanna Gaeltachta Chorcaí a neartú as seo amach.
Lá na Scoileanna Gaeilge 2026
Bhí Lá na Scoileanna Gaeilge ar siúl san Aula Maxima i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an Aoine 22 Bealtaine 2026.
Chuir an Dr Jennifer Murphy, Oifig an Uachtaráin, fáilte roimh mhúinteoirí agus daltaí ó na scoileanna seo a leanas:
- Gaelscoil an Chaisleáin, Baile an Chollaigh
- Gaelscoil Charraig Uí Leighin
- Gaelscoil na Dúglaise
- Gaelscoil Mhachan
- Gaelscoil Mhainistir na Corann
- Gaelscoil Pheig Sayers, Fearann Phiarais
- Gaelscoil Uí Riada, Wilton
- Gaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh
- Scoil Chúil Aodha Barr d'Inse
Thug na daltaí is múinteoirí cuairt ar an Ionad Eureka ar dtús agus dhein an Dr Stephen Murphy agus an Dr Ryan Gallagher cúpla turgnamh spraíúil leo sa tsaotharlann ceimice. Thugadar cuairt ansan ar Réadlann Crawford agus d’fhoghlaim siad faoi na seanteileascóip atá ann ó Katie Kelleher, Ionad na gCuairteoirí.
Bhí imeacht oifigiúil san Aula Maxima ina dhiaidh. Bhí óráidí, ceol is ceiliúradh i gceist. Sheinn Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin agus Eimear Ní Chéilleachair ceol traidisiúnta bríomhar a chuir go mór leis an ócáid. Bhí ardlá ag gach aoinne.
Sonraí Teagmhála
Nuala de Búrca
Eagraí Lá na Scoileanna Gaeilge
R: n.deburca@ucc.ie
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh