Lá na Scoileanna Gaeilge

Gach bliain, tugann an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha cuireadh do Ghaelscoileanna agus do bhunscoileanna Gaeltachta Chorcaí teacht chun na hollscoile chun an obair thábhachtach atá ar siúl ag na scoileanna san ar son na Gaeilge a cheiliúradh.
Eagraíonn Nuala de Búrca, teagascóir san Ionad, turas timpeall an champais agus imeacht oifigiúil san Aula Maxima ina dhiaidh. Bíonn óráidí, ceol is ceiliúradh i gceist. Ba bhreá le hIonad na Gaeilge Labhartha an nasc speisialta seo atá cruthaithe acu le Gaelscoileanna is bunscoileanna Gaeltachta Chorcaí a neartú as seo amach.
Sonraí Teagmhála
Nuala de Búrca
Eagraí Lá na Scoileanna Gaeilge
R: n.deburca@ucc.ie