Bronnadh na Scoláireachtaí 2025
Bronnadh Gradam na Gaeilge ar scoláire amháin agus Onóir na Gaeilge ar bheirt scoláire de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an 23 Aibreán 2025 ag ócáid sa Seomra Caidrimh in Áras Uí Rathaille.
Is í Caitríona Ní Ógáin, Coireolaíocht II, a bhain Gradam na Gaeilge amach i mbliana. Bronnadh Onóir na Gaeilge ar Shiún Ní Eartáin, Ceol agus Béaloideas (BA II), agus ar Lúcás Ó Raghallaigh, BA I (Gaeilge, Béaloideas, Stair agus Polaitíocht).
Tá na dámhachtainí urraithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha.
Dhein na mic léinn sárobair i gcaitheamh na bliana maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn i dtimpeallacht na hOllscoile. Ba iad an Dr Cian Ó Cionnfhaolaidh (Roinn na Sean-agus Meán-Ghaeilge), Máiréad Ní Loingsigh, (Roinn na Nua-Ghaeilge) agus an Dr Caitríona Breathnach (Ionad na Gaeilge Labhartha) a bhí mar mholtóirí.
Ba í an Dr Caitríona Breathnach a dhein an bronnadh ag ócáid speisialta a eagraíodh sa tSeomra Caidrimh.
Ina theannta sin, bronnadh Scoláireachtaí ar áitritheoirí Áras Uí Thuama, lóistín Gaelach na hOllscoile, ag an ócáid chéanna. Ba í An Dr Síle Ní Mhurchú, Ceann Roinn na Gaeilge, a dhein an bronnadh seo.