Skip to main content

Imeachtaí

Socraíonn Iona‌d na Gaeilge Labhartha gach sórt imeacht Gaeilge agus iad dírithe ar phobal na hollscoile féin, ar mhuintir na cathrach agus ar an bpobal i gcoitinne. Bíonn cainteanna agus léachtaí poiblí, oícheanta siamsaíochta, ceoil agus drámaíochta sa Seomra Caidrimh, sa seomra ranga ORB G01 agus in áiteanna eile chomh maith. Baineann na cumainn Ghaeilge úsáid as áiseanna an Ionaid go tráthrialta chun a gcuid imeachtaí a eagrú.

Pádraig Tyers

Mar chomóradh céad bliain ar an lá ar rugadh Pádraig Tyers, reáchtáil Ionad na Gaeilge Labhartha, ócáid sa tSeomra Caidrimh, ar an 20 Deireadh Fómhair 2025. Deineadh plaic a nochtadh in ómós don bhfathach fir seo i saol na Gaeilge.

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr