Is lárionad Ollscoile de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh é Dún Chíomháin atá suite i gcomharsanacht Bhaile an Fheirtéaraigh in Iarthar Duibhneach, Co. Chiarraí. Is ceantar láidir Gaeltachta é Corca Dhuibhne agus meallann áilleacht na háite mar aon leis an teanga agus an cultúr daoine chun na dúthaí ó chian is ó chóngar. Tá Dún Chíomháin ag feidhmiú mar ionad ollscoile sa cheantar ó 1974 i leith. Bhíodh halla Dhún Chíomháin nó Hall Cheabhin mar ab fhearr aithne air, ina halla rince agus pictiúir do mhuintir na háite ag dul siar i bhfad. Is mó cuimhne atá i measc an phobail fós ar an nDún nuair a bhíodh sé ag Seán Cheaibhin ós na nGorta Dubha agus a bhean Neilí, siopa, tigh aíochta agus halla rince agus pobail. Anois tá an halla athchóirithe agus é ina ionad foghlama le háiseanna teicneolaíochta ar ardchaighdeán.
Freastalaíonn Dún Chíomháin ar phobal Choláiste na hOllscoile Corcaigh, ar phobal Chorca Dhuibhne, ar cheantair Ghaeltachta na Mumhan agus ar phobal lasmuigh den Ghaeltacht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Imeachtaí sa Dún 2025-2026
Cúrsaí Gaelainne is Cultúir do Mhic Léinn Idirnáisiúnta i nDún Chíomháin - Meán Fómhair 2025
Ar 7 Meán Fómhair bhí ana-áthas orainn fáilte a chur don gcéad uair riamh roimh mhic léinn ó Slovensko go Dún Chíomháin. Ocht lá a thugadar in ár measc agus iad ag freastal ar chúrsa Gaelainne agus Cultúir. Seisear mac léinn ar fad a ghaibh chugainn, cúigear acu ó Ollscoil Comenius in Bratislava agus mac léinn amháin ó Ollscoil Matej Bel in Banská Bystrica. Ina dteannta bhí James Ó Conaill, an teagascóir ar na modúil Ghaelainne in Slovensko. Ní raibh formhór na mac léinn riamh in Éirinn roimhe seo agus mar sin bhaineadar lán na súl as aoibhneas dhúthaigh Chorca Dhuibhne, idir thránna, chnoic is fhaillteacha.
Tá mic léinn ag teacht chugainn ón Ruhr-Universität Bochum le fada an lá agus an nasc idir Ionad na Gaeilge Labhartha agus an ollscoil seo ag dul siar chomh fada leis na nóchaidí. Tugann mic léinn ón ollscoil seo turas bliantúil ar Dhún Chíomháin agus tugann ball foirne ó Ionad na Gaeilge Labhartha turas rialta ar an ollscoil in Bochum chomh maith. Tá modúil á dtairiscint san ollscoil seo le breis is tríocha bliain. Ochtar mac léinn ar fad a tháinig chugainn i mbliana mar aon lena stiúrthóir Sylvia Botheroyd Lic.Phil.
Céilí na nGael
Céilí na nGael
Bhí oíche mhór rince, ceoil is cuilleachtan againn i nDún Chíomháin Dé Sathairn, 6 Nollaig 2025 mar a bhailigh slua breá de phobal na háite isteach sa Halla do Chéilí na nGael.
Nach linn atá an seans a bheith ag maireachtaint i ndúthaigh go bhfuil plúr na gceoltóirí, na rinceoirí is na n-amhránaithe inár measc. Ceol beo, bríomhar ag bleaisteáil ón halla leis an ngrúpa Cuas mar a raibh Nicole Ní Dhúbhshláine, Kyle Macaulay agus Méabh Ní Bheaglaoich agus an t-aoi speisialta, an ceoltóir is amhránaí óg, Ruairí Ó hUanacháin
Cá mbeimís gan máistir na seiteanna é féin, Christy Mac Gearailt, a bhí mar fhear an tí agus a stiúraigh na rincí ar fad. Ba é Christy a bheartaigh is a d’eagraigh an oíche mhór so agus táimid buíoch as a dhíograis agus as an ualach mór oibre a chur sé isteach san imeacht. Buíochas mór groí chomh maith le Barry Ó Siochrú, Tobar Dhuibhne as a chuid tacaíochta ar fad, le hEalaín na Gaeltachta as an maoiniú agus leothu siúd ar fad a dhein na cístí breátha agus a bhain smúit as an urlár i gcaitheamh na hoíche. Is orainn a bhí an t-ardú croí ag dul abhaile!
|
|
|
Sonraí Teagmhála
Caitríona Budhlaeir agus Susan Feirtéar
Bainisteoirí ar Dhún Chíomháin
Dún Chíomháin
Baile an Fheirtéaraigh
Trá Lí
Co. Chiarraí
T: +353 (0) 66 9156136
R: c.budhlaeir@ucc.ie nó sfeirtear@ucc.ie
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh