Skip to main content

Cúrsa Oíche sa Ghaeilge Labhartha do Thosnaitheoirí

Achoimre ar an gCúrsa

Cúrsa 20 seachtain is ea é seo. Freastalaíonn an cúrsa seo ar thosnaitheoirí gan aon taithí ar an nGaeilge labhartha. 

Tá an cúrsa seo an-taitneamhach. Is ionann é agus ócáid shóisialta, geall leis.

Táille

€250 (€200 ráta ar leith).

Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2025

Leibhéal 1

Is gá freastal ó 7pm go 9pm gach Luan. Cuirfear tús leis na ranganna seo ar an Luan, 22 Meán Fómhair 2025.

Beidh an cúrsa seo ag brath ar dhóthain éilimh a bheith air.

Leibhéal 2

Seolfar litir nó ríomhphost chuig na scoláirí a chláraigh do leibhéal 1 anuraidh le tuilleadh eolais maidir leis an rang seo. 

 

 

Cláraigh

Baill Nua (Leibhéal 1)

Is féidir an fhoirm iarratais thíos a sheoladh chuig g.labh@ucc.ie nuair a bheidh sé líonta isteach agat. Is féidir díol as an gcúrsa seo ar líne. Glactar le hairgead tirim nó le seic chomh maith. Tá tuilleadh eolais ar an bhfoirm iarratais. 

Iar-Bhaill (Leibhéal 2)

Seolfar foirm iarratais faoi leith chuig daoine a chláraigh chun rang a dhéanamh linn i 2024-2025. Lean na treoracha atá ar an bhfoirm iarratais sin má tá fonn ort clárú i mbliana.

Sonraí Teagmhála

Isobel Ní Riain
Comheagraí an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr