Cúrsaí Oíche sa Ghaeilge Labhartha

Achoimre ar an gCúrsa
Freastalaíonn na cúrsaí seo ar dhaoine a bhfuil líofacht áirithe acu sa teanga agus orthu siúd atá ar bheagán Gaeilge chomh maith. Cuirtear an-bhéim ar ghnáthchomhrá - ar shealbhú múnlaí coitianta, ar líofacht agus cruinneas a fheabhsú agus ar leathnú foclóra.
Bíonn na cúrsaí seo an-taitneamhach. Is ionann iad agus ócáidí sóisialta, geall leis.
Táille
€250 (€200 ráta ar leith).
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2025
Is gá freastal ó 7pm go 9pm oíche amháin sa tseachtain agus bíonn na ranganna ar fáil ar an Luan, ar an Máirt nó ar an gCéadaoin. Cuirfear tús leis na ranganna seo an tseachtain dár tús 22 Meán Fómhair 2025.
Cláraigh
Baill Nua
Is féidir le baill nua clárú i Seomra ORB G01, Áras Uí Rathaille, Dé Luain, 1 Meán Fómhair 2025 nó Dé Máirt, 2 Meán Fómhair 2025, 7pm - 9pm. Clárú i bpearsan a bheidh againn arís i mbliana. Beidh deis agat teacht isteach is labhairt le duine de na teagascóirí atá againn maidir leis an rang is an leibhéal is oiriúnaí duitse.
Cuirfear fáilte faoi leith roimh bhréagthosnaitheoirí - daoine atá tar éis an Ardteist a dhéanamh ach tá geall leis gach rud dearmadta acu. Tá foirm iarratais faoi leith ann do bhréagthosnaitheoirí.
- Foirm Iarratais don Chúrsa Oíche sa Ghaeilge Labhartha (gach duine seachas breagthosnaitheoirí)
- Foirm Iarratais don Chúrsa Oíche sa Ghaeilge Labhartha (Bréagthosnaitheoirí)
Iar-Bhaill
Seolfar foirm iarratais faoi leith chuig daoine a chláraigh chun rang a dhéanamh linn i 2024-2025. Lean na treoracha atá ar an bhfoirm iarratais sin má tá fonn ort clárú i mbliana.
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain
Comheagraí an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie