Cúrsa Oíche do Mhúinteoirí

Achoimre ar an gCúrsa
Beidh dhá ghrúpa ann do na múinteoirí a chláraíonn don chúrsa seo - grúpa amháin do mhúinteoirí le céim sa Ghaeilge is grúpa eile dóibh siúd gan chéim sa Ghaeilge.
1. Cúrsa na Múinteoirí gan Chéim sa Ghaeilge
Cur síos ar an gCúrsa
Is cúrsa é seo dóibh siúd atá ag múineadh nó gur mhaith leo bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge. Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn ar siúl laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, sa seomra foirne agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na múinteoirí:
- ábhar/ábhair faoi leith a mhúineadh trí Ghaeilge
- caidreamh sóisialta a bheith acu le múinteoirí eile agus le daltaí na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
- scileanna cainte/scríbhneoireachta/gramadaí a fhorbairt, mar aon le stór focal.
I measc na n-ábhar a phléifear bheidh a leithéid seo:
Tarlúintí i rith an lae
|
Tarlúintí i rith na seachtaine
|
Tá an cúrsa seo oiriúnach do:
- ábhair mhúinteoirí
- múinteoirí nua-cháilithe
- múinteoirí atá fostaithe cheana féin i nGaelcholáistí
- múinteoirí a bhfuil fonn orthu cur isteach ar phostanna i nGaelcholáistí nó i nGaelscoileanna
- bunmhúinteoirí ó Ghaelscoileanna
Speisialtóirí
Tabharfar isteach speisialtóirí ins na hábhair éagsúla mar aoí-chainteoirí (múinteoirí a bhfuil sean-taithí acu).
2. Cúrsa na Múinteoirí le Céim sa Ghaeilge
Tá an cúrsa nua seo dírithe orthu siúd a bhfuil cáilíocht sa Ghaeilge acu cheana féin agus a bhfuil fonn orthu a gcaighdeán teanga a fheabhsú.
Freastalóidh an cúrsa go príomha ar riachtanaisí na bhfoghlaimeoirí agus tabharfar aird faoi leith ar ghnéithe éagsúla den ghramadach a chothaíonn éiginnteacht i measc foghlaimeoirí ó am go chéile.
Déanfar anailís dhomhain, mar aon le plé oscailte ar réimsí agus ar mhúnlaí cainte a chuirfidh go mór leis an bhfoghlaim neamhspleách. Tagrófar go rialta do fhoinsí éagsúla a léiríonn saíocht agus ceartúsáid na teanga agus a réitíonn ceisteanna éagsúla i dtaobh na gramadaí. Chomh maith leis sin cuirfear raidhse samplaí ar fáil a shoiléireoidh go cruinn saibhreas agus solúbthacht na teanga.
Ag deireadh an chúrsa beidh níos mó muiníne ag na rannpháirtithe as a gcumas teanga (idir labhairt agus scríobh) agus beidh tuiscint níos fearr acu ar mhodhanna éagsúla foghlama agus teagaisc. Anuas air sin beidh ar a gcumas mórán foinsí nua-aimseartha a aimsiú agus a úsáid, agus amach anseo treiseoidh an méid sin lena gcuid foghlama féin.
Táille
€300
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2024
1. Cúrsa na Múinteoirí gan Chéim sa Ghaeilge
Beidh an cúrsa 20 seachtaine seo ar siúl gach Luan 7pm – 9pm. Cuirfear tús leis an gcúrsa Dé Luain, 23 Meán Fómhair 2024.
2. Cúrsa na Múinteoirí le Céim sa Ghaeilge
Beidh an cúrsa 20 seachtaine seo ar siúl gach Máirt 7pm – 9pm. Cuirfear tús leis an gcúrsa Dé Máirt, 24 Meán Fómhair 2024.
Cláraigh
Is féidir le baill nua clárú i Seomra ORB G01, Áras Uí Rathaille, Dé Luain, 2 Meán Fómhair 2024 nó Dé Máirt, 3 Meán Fómhair 2024, 7pm - 9pm. Táimid chun filleadh go huile is go hiomlán ar an gclárú i bpearsan i mbliana.
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain
Comheagraí an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie