Skip to main content

An Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile (T.G.M.I.)

Achoimre ar an gCúrsa

Cuirfear cúrsa speisialta sa Ghaeilge Labhartha ar fáil san Ollscoil do mhic léinn na Máistreachta Gairmiúla in Oideachas (MGO 1 agus a 2), do mhic léinn BSc san Oideachas (an 3ú agus an 4ú bliain) agus do mhic léinn BEd sna Staidéir Spóirt agus Corpoideachas (an 3ú agus an 4ú bliain).

Is é cuspóir an chúrsa ná cabhrú le mic léinn na MGO caighdeán maith i labhairt na Gaeilge a bhaint amach is lámh chúnta a thabhairt dóibh ullmhú don scrúdú cainte Gaeilge TGMI. Is scrúdú saor in aisce de chuid na Roinne Oideachais é seo. Bíonn sé ar siúl i gcathair Chorcaí gach Feabhra/Márta.

Tá an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile riachtanach do mhúinteoirí a mhúineann trí mheán na Gaeilge i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta.

Ní gá do mhic léinn a bhfuil céim sa Ghaeilge acu an TGMI a bhaint amach.

Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2024

Rachaidh an cúrsa ar aghaidh má chuireann go leor mac léinn isteach air. 

Cuirfear tús leis an rang an tseachtain dar tús 23 Meán Fómhair 2024.

Táille

€55.

Cláraigh

Beidh an táille le díol nuair a shocrófar an rang. 

Dáta deireanach ar a nglacfar le foirm iarratais: Céadaoin, 18 Meán Fómhair 2024.

Sonraí Teagmhála

Nuala de Búrca
Riarthóir an Chúrsa
R: n.deburca@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Barr