Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Achoimre ar an gCúrsa

Caint agus comhrá a bheidh dírithe go príomha ar ghramadach na Gaeilge. 

Déanfar trácht mar chuid den chúrsa ar an méid seo leanas:

  • An t-ainmfhocal
  • An chopail
  • Na tuisil
  • Iolraí
  • An aidiacht
  • Uimhreacha
  • Réimíreanna is iarmhíreanna
  • An séimhiú
  • Cúrsaí foclóra agus araile
Tá an cúrsa seo ar fáil do scoláirí le Gaeilge mhaith is le spéis faoi leith i ngramadach na Gaeilge. Múinfear an cúrsa seo trí mheán na Gaeilge amháin.

 

Sonraí an Chúrsa - Earrach 2026

Dátaí an Chúrsa: an tseachtain dár tús 2 Feabhra 2026 – an tseachtain dár tús 16 Márta 2026* (uair a chloig gach seachtain ar feadh 7 seachtaine). Cuirfear ceist ort maidir le do thráthchlár ar an bhfoirm iarratais.  Socrófar an rang seo ag am atá oiriúnach d'fhormhór na scoláirí is don teagascóir.

Suíomh: Beidh na ranganna seo ar siúl ar an gcampas. 

Spriocdháta: Déardaoin, 22 Eanáir 2026.

Eolas Maidir leis an Rang:  Seolfar ríomhphost chuig do chuntas Umail maidir leis an rang atá socraithe ar an Luan, 26 Eanáir 2026 nó roimhe sin. Má tá an lá agus an t-am oiriúnach duit, beidh tú ábalta díol as an gcúrsa leis an nasc a bheidh sa ríomhphost seo.   

* Cuirfear rang breise ar siúl do scoláirí a chaill amach ar rang de bharr lá saoire bainc.

Táille

€30.

Cláraigh

Tá dhá chéim sa phróiséas iarratais:

  1. Líon isteach an fhoirm iarratais seo. B'fhéidir go mbeidh ort logáil isteach chun teacht ar an bhfoirm iarratais.
  2. Gheobhaidh tú ríomhphost maidir leis an rang atá eagraithe ar an Luan, 26 Eanáir 2026 ar a dhéanaí. Má tá an lá agus an t-am seo oiriúnach duit is féidir leat úsáid a bhaint as an nasc a bheidh sa ríomhphost seo chun díol as an gcúrsa. Má tá líon mór scoláirí ag iarraidh clárú don rang seo, glacfar le scoláirí don chúrsa seo ar bhonn 'tiocfaidh do sheal mar a thiocfaidh tú féin'.

Sonraí Teagmhála

Karol Coleman
Riarthóir an Chúrsa
k.coleman@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr