Nuacht

Ros lachan: Ó Sciodar go Próitéin Ghlas

30 Márta 2023
Aled Jones, Uachtarán, NFU Cymru

Agus í curtha ar siúl i suíomh álainn Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, d’óstáil BRAINWAVES ceardlann dár ngeallsealbhóirí go mall i mí an Mhárta.

Ag dul in éineacht le Marcel Jansen agus le Gruff Jones, baill den fhoireann BRAINWAVES, ar an ardán a bhí Aled Jones (Uachtarán, NFU Cymru), a thug léargas pearsanta ar a chóras bainistíochta sciodair agus ar na dúshláin a mbíonn feirmeoirí ag dul i ngleic leo.

Tar éis maidin a bhí lán de chainteanna spéisiúla, leanadh den phlé nuair a thugamar cuairt ar Ghairdíní na Lus, áit a bhfuil ár dturgnaimh amuigh faoin spéir faoi shiúl. Toisc nárbh é an lá earraigh ba theo riamh é, bhí sé beagáinín fuar sa pholathollán agus níor thosaigh ár ros lachan amuigh faoin spéir ag fás ach tamaillín roimhe sin (in éagmais aon tréimhse teo i mí an Mhárta i mbliana!)

Bhí racaí ros lachan ag fás sa teach gloine. Bhain an dá cheann seo leas as an teas breise a tugadh le puball fáis chun iad a choinneáil teolaí agus chun fás an rois lachan a chothabháil.

Tar éis dúinn cuairt a thabhairt ar na turgnaimh BRAINWAVES, thugamar cuairt thapa ar an bpríomhtheach gloine iontach i nGairdíní na Lus agus leanamar dár bplé sa teas (Gairdíní na Lus: Roinn na nEolaíochtaí Beatha, Ollscoil Aberystwyth).

Gabhaimid buíochas lenár ngeallsealbhóirí as páirt a ghlacadh in BRAINWAVES agus as imeacht chomh spéisiúil agus chomh faisnéiseach sin a dhéanamh den cheardlann.

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr