Nuacht

An cath chun teacht chun bheith ar an ‘Ros Lachan is Fearr’

17 Márta 2023
Taitneamh á bhaint ag Laurie agus Bob as sos gairid sa ghníomhaíocht roimh theacht na sluaite sa tráthnóna!

Ócáid bhliantúil chun an tSeachtain Bhriotanach Eolaíochta a cheiliúradh is ea an tAonach Eolaíochta a cuireadh ar siúl idir an 14 Márta agus an 16 Márta ar Champas Penglais. Agus é dírithe ar leanaí scoile idir 9 mbliana d’aois agus 11 bhliain d’aois, tugann na taispeántáin idirghníomhacha aird na leanaí trí ligean dóibh páirt a ghlacadh i raon gníomhaíochtaí agus quizeanna beoga eolaíochta. D’fhreastail 1500 dalta, beagnach, ó 35 scoil ar an ócáid i mbliana.

Chuaigh leanaí ó áiteanna ar fud na Breataine Bige Thiar chun teacht chun bheith ar an ‘Ros Lachan is Fearr’ ag an taispeántán BRAINWAVES ag Aonach Eolaíochta Ollscoil Aberystwyth. Agus iad á spreagadh ag Laurie, chonaic an fhoireann a lán leanaí a bhí ag iarraidh tabhairt faoin dúshlán a bhí i gceist le cothaithigh a bhaint de linnte sciodair chaolaithe.

Conas a oibríonn sé sin!!

Roghnaigh d’uirlis – líontáin, tlú nó gabhálaithe málaí tae – a fhágann gur tusa an ros lachan is éifeachtúla! Fan go dtí go gcloisfidh tú an dordánaí agus féach lena oiread liathróidí Nítrigine agus Fosfáite agus is féidir a bhaint den lochán agus aimsigh aon mhiotail throma atá folaithe sa ghairbhéal ag bun an locháin. Dá mbainfí lacha nó aon cheann de chomhpháirteanna luachmhara an rois lachan (próitéin, stáirse agus lipidí), d’asbhainfí pointí!

Maith thú, a Laurie, as teacht ar smaoineamh chomh hiontach sin agus as na fíricí spraíúla uile a eagrú. Gabhaimid buíochas freisin le gach duine de na mic léinn iontacha a chabhraigh leis an taispeántán a reáchtáil agus leis na sluaite a rialú! 

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, University College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Barr