Scoil Léann na Gaeilge

Trí Roinn atá i Scoil Léann na Gaeilge: Roinn na Nua-Ghaeilge, Roinn na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, agus Roinn an Bhéaloidis. Léiriú ar a thabhachtaí is atá teanga agus litríocht na Gaeilge, agus Léann na Gaeilge féin, san Ollscoil agus sa tír trí chéile, is ea an cumar seo na dtrí Roinn. Tá gach aon Roinn acu chun tosaigh ina saindisciplín féin ó thaobh taighde, teagaisc, agus scoláiriúlachta de, agus cuireann siad bonn torthúil faoi phobal Scoil Léann na Gaeilge, pobal a bhfuil teist idirnáisiúnta air.

Bíonn seimineáir agus léachtaí rialta á n-eagrú faoi scáth na Scoile, agus foilsítear bunleabhair acadúla chomh maith.

Rock of Cashel

Coláiste na hOllscoile Corcaigh

University College Cork

Bóthar an Choláiste, Corcaigh, T12 K8AF

Barr