Irish Civil War Conference 2022

Comhdháil Náisiúnta Chogadh na gCarad in Éirinn


15-18 Meitheamh 2022

Fáilte

Ar an 15-18 Meitheamh, déanfaidh Coláiste na hOllscoile Corcaigh Comhdháil Náisiúnta Chogadh na gCarad in Éirinn a óstáíl, nar chuid de Chlár Comórtha an Rialtais um Dheich mBliana na gCuimhneachán. Comhdháil ceithre lá mar a mbeidh níos mó ná 130 scoláire bailithe le chéile ar champas COC chun plé a dhéanamh ar na gnéithe polaitíochta, sóisialta, cultúrtha, míleata agus eacnamaíochta a bhaineann le Cogadh na gCarad. Beidh na himeachtaí oscailte do chách agus déanfar iad a thaifeadadh i gcomhar le RTE.ie. 

Níl sé i gceist leis an gComhdháil Náisiúnta seo go dtiocfaí ar aon insint amháin mar gheall ar stair Chogadh na gCarad ná go ndéanfadh a leithéid de chomhdháil na cúrsaí seo a thabhairt chun críche. Ach déanfar iarracht le linn na Comhdhála na torthaí taighde acadúil ar an gcoimhlint a bhailiú le chéile, taighde atá ar siúl i gcónaí. Déanfar amhlaidh ar mhaithe le mianta Shainghrúpa Comhairleach an Rialtais a bhaint amach chun go ndéanfaí ‘meaningful engagements with a difficult and traumatic time’. Tá súil againn bualadh leat ar an gcampas nó ar líne i mí an Mheithimh.

Achoimre ar an gComhdháil

Lá 1: Dé Céadaoin 15 Meitheamh

Pléifear ar chéad lá na Comhdhála le Cogadh na gCarad a chur i gcomparáid le himeachtaí idirnáisiúnta i bhfoirm siompóisiam. Cloisfimid triúr scoláirí sinsearacha a bhfuil saineolas acu ar ghnéithe éagsúla de chogaí carthatha. San iarnóin, beidh seisiúin chomhuaineacha ar siúl i Hallaí Léachta Boole mar a mbeidh rogha de ghearrpháipéir (20 nóiméad) eagraithe i gceithre phainéal a bheidh dírithe ar chomhthéacs domhanda Chogadh na gCarad.  

Lá 2: Déardaoin 16 Meitheamh

Beidh páipéir á dtabhairt ar an lá seo mar fheagra ar an nglaoch a deineadh ar pháipéir le haghaidh na Comhdhála. Páipéir 20 nóiméad a chuirfear i láthair le linn sheisiúin phainéil 80 nóiméad mar a mbeidh lucht acadúil, scoláirí ag tosnú amach agus cainteoirí sainiúla agus iad ag plé leis an iliomad gnéithe a bhaineann le Cogadh na gCarad. Reáchtálfar na seisiúin seo sa turas agus beidh 3-4 phainéal i ngach seisiún. Ar na gnéithe a phléifear beidh: Polaitíocht Pháirtí, Aicme agus Míleatacht na hOibre, Seandálaíocht Chogadh na gCarad agus Cultúr Ábhartha chomh maith le stadiéir bheathaisnéisiúla agus an tionscadal Beyond 2022. Tabharfaidh an Dr Anne Dolan, Ollamh Comhlach le Nua-Stair na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an léacht iomlánach 

Lá 3: Dé hAoine 17 Meitheamh

Beidh páipéir á dtabhairt ar an lá seo mar fheagra ar an nglaoch a deineadh ar pháipéir le haghaidh na Comhdhála. Páipéir 20 nóiméad a chuirfear i láthair le linn sheisiúin phainéil 80 nóiméad mar a mbeidh lucht acadúil, scoláirí ag tosnú amach agus cainteoirí sainiúla agus iad ag plé leis an iliomad gnéithe a bhaineann le Cogadh na gCarad. Ar na gnéithe ar phléífear ar na painéil seo beidh: Tráma na Sibhialtach, Cuimhne agus na hImpleachtaí Cultúrtha de Chogadh na gCarad ar Straitéisí Míleata, Láithreacha Catha na gCogaí Cathartha, Bolscaireacht agus Staidéir Áitiúla. Reáchtálfar na seisiúin seo sa turas agus beidh 3-4 phainéal i ngach seisiún.  

Lá 4: Dé Sathairn 18 Meitheamh 

Beidh deich gcinn de phainéil iomlánacha ann ar an lá deireanach agus iad ar siúl sa turas. Mairfidh gach seisiún 75 nóiméad. Beidh cathaoirleach ar gach painéal mar a mbeidh triúr nó ceathrar cainteoirí acadúla agus éirimiúla phoiblí ag plé le téama aonair. Is iad téamaí na bpaineál seo: Tráma, Críochdheighilt, Creideamh, Inscne, Taidhleoireacht, Polaitíocht Pháirtí, Talamh agus Obair, Ainriail agus Reacht, Scríobh faoi Chogadh na gCarad, agus Cuimhne. 

Réabhlóid na hÉireann

Scoil na Staire / Tír Eolaíocht

Coláiste na hOllscoile Corcaigh,

Barr