Barr na gCnoc: Tionscnamh um phobalscoileanna faoi chúnamh Ollscoile.
Cumasc idir dualgas COC i leith na páirtíochta pobail agus an dualgas um thaighde agus teagasc is ea Barr na gCnoc. Cuireann an tionscnamh seo acmhainní acadúla, daonna agus praiticiúla sa Ghaeilge ar fáil ar mhaithe leis an bpobal. Sa bhliain 2017 chuaigh COC i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne i gCnoc an Chuilinn, Cnoc na hAoine, chun tacaíocht a thabhairt dóibh i mbunú Aonaid Lán-Ghaeilge sa scoil, mar a ndéanfaí gach ábhar a theagasc tré Ghaeilge, ón gcéad bhliain ar aghaidh go dtí an Ard-Teistiméireacht. Freagra ar éileamh ón bpobal féin ab ea é seo, go gcuirfí rogha sa mheánoideachas ar fáil dá bpáistí i gceantar ina mbraitheann go leor daoine go bhfuil siad fágtha i leataoibh ag an saol. Tugadh cuireadh do COC páirt a ghlacadh sa togra seo, agus ba dá thoradh sin a bunaíodh Barr na gCnoc faoi cheannas an Ollaimh Phádraig Ó Macháin, Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha. Osclaíodh an t-aonad (Gaelcholáiste Mhic Shuibhne) i 2019, agus tá tacaíocht COC ag leanúint ar aghaidh ó shin. Bhí tionscnamh Barr na gCnoc de chuid, ar na cúig buaiteoirí faoin Mhaoiniú Feidhmiúil de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas 2023.
Abhcóideacht tré oibriú i bpáirt le tuismitheoirí agus rannpháirtithe eile i gcruinnithe poiblí agus ar ócáidí eile, agus tréna shocrú go bhféadfadh idir thuismitheoirí agus dhaltaí turasanna a thabhairt ar champas COC.
Tacú le múinteoirí tré ranganna feabhais sa Ghaeilge a sholáthar sa phobalscoil Bhéarla chun éascú a dhéanamh ar aistriú na múinteoirí go dtí an t-aonad nuair is gá sin, agus tré leanúint leis na ranganna sin laistigh den aonad chomh maith. Is iad An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a dheineann urraíocht ar na ranganna seo.
Tacú le tuismitheoirí tré pháirt a ghlacadh in oícheanta faisnéise, agus tré ranganna Gaeilge a chur ar fáil dóibh um thráthnóna.
Áirítear Cnoc na hAoine ar cheann de sé cinn de Comharsanachtaí Foghlama i gCathair Chorcaí. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Foghlama Saoil, d’eagraigh Barr na gCnoc trí ócáid i nGaelcholáiste Mhic Shuibhne chun teanga agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
Cuireadh ‘Irish for the Terrified’ ar siúl Dé Céadaoin an 10ú Aibreán. Ócáid uair a’ chloig ab ea í seo d’aoinne a raibh ceann fé air nó uirthi i leith na teangan. An tOllamh Pádraig Ó Macháin agus ochtar mac léinn de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a chabhraigh san ócáid seo agus a thacaigh le tuismitheoirí agus leis an bpobal áitiúil dóthaint Ghaeilge a shealbhú is a chuirfeadh ar a gcumas lón a ordú. Bhí lón ar fáil do gach aoinne ina dhiaidh sin, rud a thug deis dosna foghlaimeoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh.
Dé hAoine an 12 Aibreán chas an pobal ar an nGaelcholáiste arís chun Céilí Mór Bharr na gCnoc a bhlaiseadh. Chuaigh foireann teagaisc na scoile i bpáirt leo. Agus Banna mór Céilí ag seimnt, thapaíodar an deis chun feabhas a chur ar a gcumas rince,
Tharla an tríú ócáid an Luan dár gcionn nuair a bhí deis ag an bpobal triail a bhaint as buille a bhualadh ar chraiceann gabhair, ceol a bhaint as an mbodhrán agus an teaspach a bhaint díobh féin.
B’iad an chéad díorma de dhaltaí 2019-2020 an chéad bhuíon riamh de dhaltaí Chnoc na hAoine a dhein scrúduithe stáit tré mheán na Gaeilge. Bhí a dtorthaí i dTeastas Sóisearach 2022 ar chomhchéim le torthaí scoileanna nach scoileanna DEIS iad, rud nach nós le scoileanna DEIS de ghnáth a mbíonn a dtorthaí níos ísle de ghnáth (S.M. Nelis et al., Beyond achievement (2021); E. Smyth et al. Learning from the Evaluation of DEIS (2015).
Bhí páirt nár bheag ag an bpobal i mbunú agus i bhfás an aonaid, arbh é éileamh na dtuismitheoirí ar rogha san oideachas mar cheart daonna a bhunús. D’eascair feabhas suaithinseach ar an gcapatal sóisialta – an pobal ag cur le chéíle chun leasa an uile dhuine – as seo, agus é le feiscint sa chur le chéile ag gach aon chéim den dtogra.
Toradh neamhchoitianta a bhaineann le Barr na gCnoc ná an t-athrú atá tagtha ar an tslí ina mbreithníonn na daltaí agus a dtuismitheoirí ar an ard-oideachas anois. Roimhe seo ní ritheadh an t-ard-oideachas leo mar sprioc réalaíoch, ach anois áirítear ina fhéidearthacht inrochtana réasúnta é. Do réir staidéir a deineadh ar an dtogra:
"Parents and pupils of this new Irish-medium school, without exception, expressed the view that third-level education, and specifically UCC, had now become an aspiration of parents/guardians and an ambition of all pupils . . . It seems clear that one of the reasons for this remarkable shift in attitude is the presence of University College Cork . . . throughout the establishment process of this new school, and their continued presence and involvement as the school develops".
Is mó rud atá bainte amach ag Barr na gCnoc ar féidir a thoradh a thomhas ar na duaiseanna atá buaite ag Gaelcholáiste Mhic Shuibhne:
- Duais Gaisce an Uachtaráin
- Gaelbhratach Fhoras na Gaeilge
- Duais Euroscola, Parlaimint na hEorpa (i bpáirt le Coláiste Pobail Thraolaigh Mhic Shuibhne) 2023
- Duais Náisiúnta ‘Ríomheolaíocht’, Féile Kinia Tech 2023
Tharla an barr bua go luath mí na Bealtaine 2023 nuair a bhuagh na daltaí an ‘Virgin Digital Innovators Award’ i searmanas i bPáirc an Chrócaigh, as leabhar dátheangach Códú 4 U a scríobh agus aip a chumadh a ghabhann leis.
An tOllamh Pádraig Ó Macháin
Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha
R: p.omachain@ucc.ie
Adel Coleman
Bainisteoir Tionscnaimh, Barr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha
R: adel.coleman@ucc.ie
Laoise Nic Íomhair
Oifigeach Forbartha Gaeilge, Barr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha
R: Laoise.Keevers@ucc.ie
Tomás Dowling
Oifigeach Tacaíochta Taighde, Barr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha
R: tomasdowling@ucc.ie
Lauren de Grás
Oifigeach Tacaíochta Taighde, Barr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha
R: Lauren.Grace@ucc.ie
Tá na Coistí seo a leanas mar chuid de Bharr na gCnoc.
- Coiste Stiúrtha
- Coiste Comhairle
- Coiste Feidhmeach
Grúpa Stiúrtha:
- Project Sponsor, Deputy President and Registrar (Chair).
- Project Lead, Barr na gCnoc.
- Business Development and Finance Manager.
- Chair of Bord na Gaeilge
- College Representatives (two).
- Dean of Undergraduate and Postgraduate Studies.
- Director of Director of Strategic Planning and Institutional Research.
- Gaeltacht Placement Manager.
- Head of Access (or their nominee).
- Head of Department of Modern Irish.
- Head of School of Education (or their nominee).
- Head of School of Irish Learning.
- Oifigeach Forbartha Gaeilge, Barr na gCnoc
- Project Manager, Barr na gCnoc.
- Representative of Ionad na Gaeilge Labhartha.
- Representative of Partner School.
- Student Representative from the Students Union.
- UCC Civic and Community Engagement Officer.