UCC Undergraduate courses

Arts - Béaloideas

Course Fact File
CodeSubject available through multiple programmes
Subject TitleBéaloideas
Teaching ModeFull-time
NFQ LevelLevel 8
FeesSee Fees and Costs for full details.

Course Outline

Tá ‘béaloideas na sean’ ar cheann de na príomhfhoinsí eolais ar Éirinn dar le rí-eitneagrafaí Éireann Seathrún Céitinn (c.1580-c.1644). Tá ceann de na cartlanna béaloidis is mó ar domhan againn. Bhí ról lárnach ag an mbéaloideas agus ag léann an dúchais i gcruthú an chultúir agus na féiniúlachta in Éirinn. Chuaigh an seanchas agus an béaloideas i bhfeidhm ar ealaíontóirí agus ar scríbhneoirí Gaeilge agus Béarla araon. Déanann léann an bhéaloidis staidéar ab initio ar shaol an duine in Éirinn. Cén seanchas a bhí ag daoine? Cé na nósanna a bhí acu? Cad a chreid siad? Conas a choimeád siad teas agus bia leo féin? Sa chúrsa seo pléitear beagnach gach gné de shaol agus de bheatha an duine ón ealaíon go dtí an rámhainn, ón saol seo go dtí an saol eile. Cuirfear scéalta, seanchas, nósanna, deasghnátha, féiltí, creideamh, piseoga, teicneolaíocht agus tithíocht na muintire i do láthair ar shlí shuimiúil spreagúil thuisceanach.

Sa chéad bhliain déantar suirbhé mór ar an mbéaloideas mar ábhar ann féin agus mar ábhar léinn. Cuirtear scéalta agus seanchas, go háirithe an scéalaíocht thraidisiúnta i láthair. Ina theannta san pléitear nósanna an duine, na féiltí, cúrsaí reiligiúin agus cúrsaí leighis, mar shampla. An triú hábhar a phléitear sa chéad bhliain ná an cultúr ábhartha, an domhan fisiciúil, tithíocht agus teicneolaíocht. Idir scéalta agus seanchas, nósanna agus piseoga, tithíocht agus trealamh cruthaítear pictiúr beo bríomhar de shaol an duine in Éirinn le cúpla céad bliain anuas.

Sa tarna agus sa triú bliain leanann cuid de na hábhair chéanna ar aghaidh arís. Tosnaítear amach i ndáiríre ar mhodhanna speisialta an léinn, ar theoiricí éagsúla agus ar bhríonna na n-ábhar a chur tré chéile níos mó. Bíonn modúil spéisiúla a bhabhtálann ar a chéile ó théarma go téarma. Pléann ceann acu an bhaint a bhí ag an mbéaloideas leis an dtír. Féachfar ar shamplaí éagsúla ó Cambrensis go dtí Craggy Island. Pléann ceann eile le ceisteanna an chultúir ar bhonn feidhmeach praictiúil i saol na Gaeltachta agus na Gaeilge. Déanann ceann eile scrúdú ar chúlra léann an bhéaloidis ón ochtú haois déag go dtí an lá atá inniu ann. Pléitear ‘sean-nós’ nó an t-amhrán agus an amhránaíocht mar ealaín bhéil. Ar na modúil mhóra atá i gcroí an chúrsa déantar anailís agus léamh ar scéalaíocht agus ar sheanchas mar chuid den dioscúrsa dúchais. Cuirtear i láthair na modhanna traidisiúnta sa léann ach ina theannta san ceistítear an seanchas agus fiafraítear conas is ceart é a thuiscint sa lá atá inniu ann. Sa mhodúl bíonn féile, féasta, féilire, creideamh, leigheas, piseoga agus áthas i saol an phobail faoi chaibidil le cabhair na modhanna agus na dteoiricí is déanaí. Bíonn deiseanna leis ag mic léinn tionscadail taighde dá gcuid féin a cheapadh, a dhearadh agus a chur i gcrích ó thosach deireadh. 

Year 1 Modules

  • BD1001 Béaloideas: Scéal, Nós is Ealaín (15 credits)  

Academic Programme Catalogue

See the Academic Programme Catalogue for the complete and up-to-date content for this course. Note that the modules for all courses are subject to change from year-to-year. For complete descriptions of individual modules, see the Book of Modules.

Course Practicalities

  • Sa chéad bhliain de ghnáth bíonn 72 uair de léachtaí agus roinnt ranganna teagaisc. Sa tarna agus sa triú bliain bíonn 24 uair de léachtaí. Déanann mic léinn tionscnaimh thaighde. Caitheann siad tamall san aircív nó i measc na ndaoine. 
  • Sa chéad bhliain bíonn scrúdú agus aistí mar chuid d’obair na bliana. Sa tarna bliain agus sa triú bliain scrúdaítear na modúil trí obair na bliana agus scrúdú scríofa. 

Why Choose This Course

Is disciplín neamhghnáth, speisialta, léann an bhéaloidis agus an dúchais as Gaeilge. Níl aon áit eile in Éirinn a dhéanann léann an bhéaloidis ná an chultúir as Gaeilge. Is é Coláiste na hOllscoile, Corcaigh an t-aon choláiste triú leibhéal in Éirinn a mhúineann an béaloideas as Gaeilge ar gach aon leibhéal acadúil ó fhochéim go dtí an PhD. Is ábhar suime an léann féin gan trácht ar aon teanga ach cruthaíonn an léann as Gaeilge deiseanna nua taighde i léann an bhéaloidis agus na Gaeilge atá eisceachtúil amach is amach. Tá ceann des na cartlanna béaloidis is mó ar domhan in Eirinn anseo agus cuid mhór de sin as Gaeilge.

Tá cúis mhór amháin, is é sin nach féidir staidéar a dhéanamh ar bhéaloideas na tíre as Gaeilge aon áit eile. Is liosta le háireamh na buanna sin a bhíonn le roinnt ag céimithe sa Bhéaloideas lena bhfostóirí. Mar chuid den gcéim, saothraítear réimse leathan scileanna i gcúrsaí taighde, anailíse agus scríbhneoireachta, a chuireann ar chumas an chéimí tionscadail ilchineálacha a thabhairt chun cinn agus a chur i gcrích go slachtmhar. Beidh an céimí oilte sna réimsí seo a leanas:

  • Dearadh tionscadal.
  • Beidh sé/sí in ann taighde bunaidh a chur i gcrích.
  • Beidh scileanna inoiriúnaithe eitneagrafacha foghlamtha (taifeadadh, agallóireacht, scríbhneoireacht eitneagrafach, eolas curtha ar threalamh digiteach).
  • Beidh an céimí in ann saothrú go héifeachtach mar chuid de mheitheal oibre.
  • Sásta ceannaireacht a ghlacadh ar phleanáil.
  • Beidh bunachar eolais agus scileanna láithreoireachta inoiriúnaithe sealbhaithe.
  • Beidh taithí foilsitheoireachta agus eagarthóireachta faighte.
  • Beidh ar chumas an chéimí anailís neamhspleách a dhéanamh ar fhaisnéis ilchineálach, tré lionsa cultúrtha.

Placement or Study Abroad Information

Work Placement

The College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences (CACSSS), which is home to the Department of Asian Studies, will support you in developing your career interests through a workplace engagement. This Professional Work Experience module (PX3001) may be taken in any year of your undergraduate studies.

Study Abroad

If you study Asian Studies through Arts International (CK108), or any other International Pathway, you will spend third year abroad, studying in an approved university. After your study abroad programme ends you then return to UCC to complete your final year.

Tá teagmháil ag Roinn an Bhéaloidis le ranna eile ar fud na hEorpa agus i Meiriceá, ina measc, an Liotuáin, leis an Fhrainc, an Íoslainn, Albain agus an tSualainn.

Skills and Careers Information

Roghanna Iarchéime

Cos i dtaca is ea an chéim sa Bhéaloideas a chuirfidh ar chumas an chéimí dul chun cinn agus a thuilleadh taighde agus traenála a dhéanamh sa ngné seo de na daonnachtaí ar leibhéal níos airde. Is é Coláiste na hOllscoile Corcaigh an t-aon choláiste tríú leibhéal in Éirinn a dhéanann speisialtóireacht de bhéaloideas na Gaeilge ar gach aon leibhéal acadúil ón bhfochéim go leibhéal PhD. Cruthaíonn Bealoideas i gCOC deiseanna nua taighde i léann an bhéaloidis, na Gaeilge agus an chultúir dúchais atá eisceachtúil amach is amach.

Oscailtí Gairmiúla

Tá céimithe ag obair i réimsí éagsúla:

  • léachtóireacht ollscoile
  • na meáin chumarsáide (fís agus fuaim)
  • múinteoireacht bunscoile agus meánscoile
  • cúntóirí agus bainisteoirí cartlainne
  • rannóg na hoidhreachta
  • músaeim
  • An Chomhairle Oidhreachta
  • aistritheoirí, scríbhneoirí
  • oifigeach ealaíne
  • iriseoireacht
  • léiritheoireacht theilfíse
  • pleanáil chathrach is tuaithe

Requirements

You can take this subject through a number of undergraduate programmes. You must meet the requirements for the programme that you apply for.

De ghnáth bheadh mic léinn a bhfuil fonn orthu Béaloideas a dhéanamh tar éis grád H4 ins an Ardteist a bhaint amach (nó a leithéid chéanna), ní mór a bheith ar do chompord ag éisteacht léi agus á scríobh. Tré mheán na Gaeilge a bhíonn na léachtaí. Ní féidir Béaloideas agus Folklore a dhéanamh i dteannta a chéile. (In addition, students wishing to select Béaloideas should normally have a minimum grade H4 in Irish in the Leaving Certificate Examination (or equivalent). Lectures are through the medium of Irish. Students may not take both Béaloideas and Folklore.)

Fees and Costs

See the Fees and Costs information for the programme that you are applying for.

How To Apply

To study this subject, you must apply to an undergraduate programme that offers this subject. You will then select it as one of your subject options in First Year.

This subject is offered through the following programmes: 

Mic léinn a mbíonn sé i gceist acu aistriú isteach go dtí BA (International) agus Chinese Studies a dhéanamh, nó teangacha na Mór-roinne mar ábhar Singil, Príomhábhar nó Comhábhar sa tarna bliain, tá sé tábhachtach a fhios a bheith acu nach féidir leo clárú do Bhéaloideas sa tarna bliain. (Students intending to apply to transfer to the BA (International) and take Chinese Studies or continental languages as a Single, Major or Joint subject in second year, as part of it should note that they cannot also register for Béaloideas in second year.)

For queries regarding course content or timetables please contact

Top