Skip to main content

UCC Postgraduate courses

Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas)

Course Fact File
CodeMEDPBO
DurationDhá bhliain lánaimseartha
Teaching ModeFull-time
QualificationsPME
NFQ LevelLevel 9
EU FeesTBC
See Fees and Costs for full details.
Non-EU FeesTBC
Closing Date01 Márta 2027
Non-EU Closing Date01 Márta 2027
Start DateMí Lúnasa 2027

Course Outline

Imlíne an Chláir

Is clár iarchéime lánaimseartha Leibhéal 9 é an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas). Mairfidh an clár dhá bhliain, agus ullmhófar na céimithe chun bheith ina múinteoirí bunscoile cáilithe. Tá 120 ECTS ag gabháil leis an gclár, mar atá leagtha amach ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Tá an clár fréamhaithe i gCuraclam Athfhorbartha na Bunscoile agus bunaithe ar phrionsabail an oideachais ionchuimsithigh, agus cuirtear sraith chomhtháite nuálach modúl ar fáil ann atá idirnasctha agus a sheasfaidh an aimsir.

Comhlíonann an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas) na riachtanais ghairmiúla atá leagtha amach i Rialachán 2 (Bunoideachas) de Rialacháin 2009 na Comhairle Múinteoireachta. Tá eolas breise faoi chlárú mar mhúinteoir ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta (www.teachingcouncil.ie). De réir Chiorclán 40/2010 ón Roinn Oideachais agus Scileanna, tá céimithe an chláir seo i dteideal iarratas a dhéanamh ar phoist i mbunscoileanna aitheanta.

Móraidhm an MGO

Barr feabhais a bhaint amach agus a chothú i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta trí fhorbairt leanúnach eolais agus scileanna gairmiúla atá fréamhaithe i dtaighde comhaimseartha, trí chleachtas machnamhach agus nuálach a chur chun cinn, agus trí idirchaidreamh straitéiseach, líonraí comhoibríocha agus cultúr imeasctha agus feabhsúcháin a neartú laistigh den tumoideachas agus idir an tumoideachas agus an pobal i gcoitinne.

Modúil an chláir

Líon iomlán creidiúintí - 120

Bliain 1

Déanann mic léinn 60 creidiúint mar a leanas – gach croí-mhodúl a liostaítear (55 chreidiúint) agus 5 chreidiúint ó mhodúil roghnacha:

Seimeastar Croí-mhodúil Líon creidiúintí
1 ED6144 Cothú na Cruthaitheachta sna hEalaíona  5
1 ED6141 Bunús ETIM 1 5
1 ED6142 An tOideachas Teanga agus Litearthachta 1 5
1 ED6145 Glacadh leis an Éagsúlacht: Cothú an Oideachais Ionchuimsithigh do Chách 5
1 ED6146 Socrúchán Scoile 1 10
2 ED6143 Feabhsú na Folláine trí OSPS agus Corpoideachas 5
2 ED6140 Tuiscint ar Fhorbairt na Luath-Óige  5
2 ED6147 Socrúchán Scoile 2 15

Déanann mic léinn aon mhodúl amháin lena mbaineann 5 chreidiúint as measc na modúl seo a leanas:

Seimeastar

Modúil roghnacha

Líon creidiúintí
2 ED6148 Tús eolais ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann d’Oideoirí Bunscoile 5
2 ED6149 Eisiamh an Lucht Siúil a leigheas: Iniúchadh ar Athrú ó Bhonn i Scoileanna 1  5
2 ED6150 An tSaoránacht Dhomhanda agus an tOideachas san Fhorbairt d’Oideoirí  5
2 LL6101 Nuatheangacha agus an Litearthacht le haghaidh an MGO sa Bhunoideachas  5
2 ED6151 Peirspictíochtaí Domhanda ar Cheannaireacht agus Ionchuimsiú sa Tumoideachas 5

Bliain 2

Déanann mic léinn 60 creidiúint mar a leanas:

Seimeastar Croí-mhodúil Líon creidiúintí
1 ED6152 Iniúchadh ar an Am atá thart, Tuiscint ar an Am i láthair 5
1 ED6153 Bunús ETIM 2 5
1 ED6154 An tOideachas Teanga agus Litearthachta 2 10
1 ED6155 An Múinteoir mar Thaighdeoir sa Chleachtas Oideachais 5
1 ED6156 Tuiscint ar an Oideachas: Síceolaíocht, Socheolaíocht & Stair 5
2 ED6157 Socrúchán Scoile 3 25
2

ED6158 Taighde ar an gCleachtas ar mhaithe le Forás Gairmiúil

5

Course Practicalities

Gnéithe Praiticiúla An Chláir 

Is clár iarchéime dhá bhliain atá sa Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas) a chomhlíonann riachtanas 120 ECTS na Comhairle Múinteoireachta. Leithdháiltear na ECTS sin go cothrom, agus tá 60 ECTS ag dul do gach aon bhliain den chlár.

I measc na réimsí léinn beartaithe mar a leagtar amach in Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí (2020), tá:

Bonnstaidéar agus Staidéar Gairmiúil (60 ECTS)
Socrúchán Scoile (48 ECTS)
Tréimhse Lánroghnach (12 ECTS)
Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht – 4 seachtaine (2 thréimhse coicíse)

Tosaíonn na mic léinn ar a gconair ghairmiúil a shaincheapadh i mBliain 1 trí mhodúl roghnach atá ag teacht lena réimsí spéise a roghnú. Ar na roghanna atá ar fáil, tá:

  • LL6101: Nuatheangacha agus an Litearthacht le haghaidh an MGO sa Bhunoideachas
  • ED6151: Peirspictíochtaí Domhanda ar an gCeannaireacht, ar an Lánpháirtiú agus ar an Ionchuimsiú sa Tumoideachas
  • ED6148: Tús eolais ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann d’Oideoirí Bunscoile
  • ED6149: Eisiamh an Lucht Siúil a leigheas: Iniúchadh ar Athrú ó Bhonn i Scoileanna
  • ED6150: An tSaoránacht Dhomhanda agus an tOideachas san Fhorbairt d’Oideoirí

Is é sin an bhunchloch le haghaidh conair shainithe ina gcuimsítear an modúl roghnach, socrúchán oibre ceithre seachtaine a bhaineann leis an modúl sin, agus deis tabhairt faoi thaighde sa réimse roghnaithe. Cuireann an struchtúr modúlach ar a gcumas do mhic léinn na croí-mhodúil a chur le chéile le modúil roghnacha agus creidiúintí a ghnóthú ar bhealach pearsantaithe solúbtha. Tá oideolaíochtaí ionchuimsitheacha, an ceartas sóisialta agus an t‑oideachas speisialta fréamhaithe ar fud na modúl go léir.

Tacaítear le foghlaim na Gaeilge trí chur chuige atá ailínithe leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, teagasc hibrideach, agus modúil uile an chláir a bhíonn á dteagasc trí Ghaeilge. Cuireann sé sin feabhas ar an oideolaíocht agus ar an oilteacht teanga, agus tugann sé taithí fhónta do na mic léinn ar an teagasc trí theangacha breise i ranganna éagsúla ilteangacha.

Socrúchán scoile

Tá an Socrúchán Scoile ina ghné lárnach den Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas). Déanfaidh mic léinn 24 seachtaine de shocrúchán scoile ar an iomlán le linn an chláir dhá bhliain. Tá sé riachtanach do mhúinteoirí faoi oiliúint gach socrúchán scoile a chur i gcrích go rathúil, mar cuireann na socrúcháin ar a gcumas dóibh machnamh a dhéanamh ar a ról mar oideoirí, a scileanna a bheachtú, agus lánpháirtiú i ngairm an mhúinteora.

Bliain 1

  • Céim 1 (naíonáin shóisearacha agus naíonáin shinsearacha) – 4 seachtaine
  • Céim 2 (i.e. rang 1-2) – 4 seachtaine
  • Ag brath ar a gconair roghnaithe – Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ED6148), Nuatheangacha agus an Litearthacht (LL6101), Oideachas an Lucht Siúil (ED6149), an tSaoránacht Dhomhanda agus an tOideachas san Fhorbairt d’Oideoirí (ED6150) nó an Tumoideachas sa Ghaeltacht (ED6151) – rachaidh mic léinn ar shocrúchán ceithre seachtaine atá ag teacht leis an mbéim sin.

Bliain 2

  • Céim 3 (rang 3-4) – 4 seachtaine
  • Céim 4 (rang 5-6) – 4 seachtaine
  • Socrúchán i suíomh oideachais speisialta lán-Ghaeilge nó Gaeltachta – 4 seachtaine

Tacaíonn modúil éagsúla leis an Socrúchán Scoile. Sna modúil sin, cuirtear mic léinn ar an eolas faoi na riachtanais ullmhúcháin agus dírítear a n-aird ar straitéisí sonracha a bhaineann le breathnóireacht scoile, bainistíocht ranga, agus comhtháthú, chomh maith le forbairt príomhscileanna agus príomhinniúlachtaí teagaisc. Le linn an chláir, cuirtear réimse leathan taithí socrúcháin ar fáil do mhic léinn. Ar Scoil an Oideachais in UCC a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as socrúcháin scoile a eagrú do mhúinteoirí faoi oiliúint agus féadfaidh an scoil sainaithint na n‑óstscoileanna a fhágáil faoi mhúinteoirí faoi oiliúint ó am go chéile.

Tréimhsí foghlama sa Ghaeltacht

Caithfidh gach mac léinn freastal go rathúil ar dhá chúrsa sa Ghaeltacht mar chuid den MGO (Bunoideachas). Tugtar Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht ar na cúrsaí sin. Reáchtáiltear na tréimhsí sin i rith na bliana acadúla (ach amháin i gcásanna fíor-eisceachtúla):

  • Coicís um Cháisc sa Chéad Bhliain
  • Coicís um Cháisc sa Dara Bliain

Tá sé riachtanach freastal ar an dá thréimhse mar chuid de riachtanais na céime.

Clár Hibrideach

Tá an clár fréamhaithe i gcreat an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim, agus déanann sé an inrochtaineacht, an cothromas agus an t‑ionchuimsiú a chur chun cinn trí shamhail hibrideach ina bhfuil meascán den fhoghlaim aghaidh ar aghaidh agus den fhoghlaim ar líne araon. Cabhraíonn an cur chuige solúbtha sin leis na mic léinn an chothromaíocht a aimsiú idir gealltanais acadúla agus phearsanta. Déanfar an clár seo a sheachadadh trí mheascán de dheiseanna foghlama ardchaighdeáin saibhre agus éagsúla, ar an láthair féin (60%) agus ar líne (40%) araon, a thiocfaidh le chéile chun feabhas a chur ar thorthaí foghlama na rannpháirtithe.

Why Choose This Course

Cén Fáth ar Cheart do Mhic Léinn an Clár seo a Roghnú?

Cuireann an clár MGO (Bunoideachas) eispéireas uathúil oideachais múinteoirí ar fáil atá ionchuimsitheach, solúbtha agus dírithe ar an todhchaí agus arb eispéireas é atá deartha chun freastal ar riachtanais éagsúla an tumoideachais sa lá atá inniu ann. Tá an clár fréamhaithe i gcreat an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim, agus déanann sé an inrochtaineacht, an cothromas agus an t‑ionchuimsiú a chur chun cinn trí shamhail hibrideach ina bhfuil meascán den fhoghlaim aghaidh ar aghaidh agus den fhoghlaim ar líne araon. Cabhraíonn an cur chuige solúbtha sin leis na mic léinn an chothromaíocht a aimsiú idir gealltanais acadúla agus phearsanta.

Ó Bhliain 1 ar aghaidh, múnlaíonn na mic léinn a n‑aistear gairmiúil féin trí mhodúil roghnacha, socrúcháin oibre agus topaicí taighde a roghnú atá ag teacht lena réimsí spéise féin. Bíonn deiseanna le haghaidh speisialtóireacht dhomhain le fáil ar chonairí sainithe i réimsí éagsúla, mar shampla an t‑ionchuimsiú, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, nuatheangacha iasachta, an tsaoránacht dhomhanda, nó ceannaireacht an tumoideachais.

Cuireann an Socrúchán Scoile taithí mhúinteoireachta ar fáil i suíomhanna éagsúla iarbhír i scoileanna, i ngaelscoileanna, i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna speisialta, rud a ullmhaíonn na mic léinn le haghaidh suíomhanna oideachais éagsúla. Tá téamaí lárnacha, mar shampla an t‑ionchuimsiú, an cothromas, an ceartas sóisialta, an t‑ilchultúrachas agus riachtanais speisialta oideachais, fite fuaite le chéile ar fud an chláir.

Cuirtear béim mhór ar fhorbairt na Gaeilge trí chur chuige hibrideach teagaisc atá ailínithe leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (CCTE), agus cuirtear tacaíocht shaincheaptha ar fáil le linn an chláir. Ina theannta sin, bíonn na modúil á dteagasc trí Ghaeilge, rud a chuireann feabhas ar scileanna teanga agus ar an gcumas teagaisc araon i suíomhanna dátheangacha agus ilteangacha. Bíonn rannpháirtíocht thumthach leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach ar fáil ar thréimhse foghlama éigeantach sa Ghaeltacht.

Is clár mionchúiseach é seo a bhfuil an-spreagadh intleachtúil ag baint leis, agus ullmhaíonn sé céimithe don chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi Bhealach 1: Bunscoil, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh dul i mbun teagaisc i mbunscoileanna. Tá béim mhór sa chlár ar an bhforás gairmiúil, ar an ionchuimsiú agus ar an bpearsantú, agus cuireann sé ar a gcumas d’ábhair múinteoirí a bheith ina gceannairí i dtimpeallachtaí oideachais éagsúla atá ag forbairt de shíor.

Requirements

Íosriachtanais Iontrála

An Roinn Oideachais (RO) a chinneann na híoschritéir iontrála ar bhonn leanúnach. Tá achoimre anseo thíos ar na critéir iontrála atá leagtha amach in Na Riachtanais Iontrála agus an Nós Imeachta don Bhliain 2026 ón Roinn Oideachais agus Óige.

Ceanglaítear ar iarratasóirí fianaise dhoiciméadach a thabhairt le taispeáint go gcomhlíonann siad na riachtanais ag (a), (b) agus (c) thíos mar a leanas.

(a) Scrúdú iomlán Theastas Eorpach na Gaeilge ag Leibhéal B1

Ní mór do gach iarratasóir ionchasach an scrúdú iomlán i ndáil le ceann amháin de na scrúduithe de Theastas Eorpach na Gaeilge atá liostaithe thíos a bheith curtha i gcrích acu, agus an grád iomchuí a bheith bainte amach acu, roimh an dáta deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach chun na riachtanais iontrála a chomhlíonadh.

Ní mór d’iarratasóirí (65%+) a bhaint amach i scrúdú iomlán Theastas Eorpach na Gaeilge ag Leibhéal B1 (na comhpháirteanna cainte, cluastuisceana agus scríofa).

Nó

Ní mór d’iarratasóirí teastas bailí a bheith acu faoi láthair i scrúdú iomlán Gaeilge Theastas Eorpach na Gaeilge ag Meánleibhéal 2 (B2) nó i scrúdú iomlán Gaeilge Theastas Eorpach na Gaeilge ag Ardleibhéal (C1) (na comhpháirteanna cainte, cluastuisceana agus scríofa), tar éis dóibh grád pas nó níos airde a bhaint amach. Is  é 50% an grád pas i scrúdú B2 agus is é 60% an grád pas i scrúdú C1.

Is féidir leat clárú don scrúdú ag an nasc seo: Cláraigh do scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge.

Beidh toradh rathúil i scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge bailí ar feadh dhá bhliain sular gá an scrúdú a athdhéanamh. Ní mór d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar leithligh chun tabhairt faoi scrúdú Gaeilge Theastas Eorpach na Gaeilge, atá á riar ag Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil in Ollscoil Mhá Nuad. Más mian leat breathnú ar na cúrsaí atá ar fáil in UCC chun cur le do scileanna Gaeilge mar ullmhúchán don scrúdú TEG, féach anseo le do thoil.

(b) Íosriachtanais Iontrála sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic.

Ceann amháin de na tacair cáilíochtaí dara leibhéal seo a leanas:

(i) Scrúdú na hArdteistiméireachta

Gaeilge: Ardleibhéal (A4) (60%<70%)

Matamaitic: A7 nó Gnáthleibhéal (G4) (30%<40% nó 60%<70%)

Béarla: A7 nó G4 (30%<40% nó 60%<70%)

(ii) Scrúduithe GCSE agus A-Leibhéal GCE i dTuaisceart Éireann: Grád C ag A-leibhéal GCE sa Ghaeilge; Grád C ag Leibhéal GCSE sa Bhéarla agus i Litríocht an Bhéarla araon nó Grád B ag Leibhéal GCSE i gceachtar díobh; agus Grád D ag Leibhéal GCSE sa Mhatamaitic Bhreise nó Grád C ag Leibhéal GCSE sa Mhatamaitic.

(c) Cáilíocht Acadúil

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ag iarratasóirí:

  • Céim Onóracha Baitsiléara 2.2 ar a laghad (Mórdhámhachtain ag Leibhéal 8 nó níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) lena mbaineann ualú creidiúna ECTS atá cothrom le 180 creidiúint ar a laghad, i.e. Dara hOnóracha Grád 1 ar a laghad i mbunchéim onóracha (CNC, Leibhéal 8)

Tairiscint shealadach a bheidh i ngach tairiscint iontrála i gclár na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (Bunoideachas) in UCC, agus beidh an tairiscint faoi réir fhíorú na faisnéise arna soláthar ag an iarratasóir agus chomhlíonadh gach coinníll tairisceana. Má fhaightear amach go bhfuil aon fhaisnéis bréagach nó neamhiomlán, coimeádann UCC an ceart iomlán aige féin an tairiscint a tharraingt siar.

Ar aon dul leis na hinstitiúidí ardoideachais eile ina gcuirtear an MGO (Bunoideachas) ar fáil, próiseas bunaithe ar phointe a bheidh sa phróiseas roghnúcháin agus dámhfar pointí de réir na gcritéar seo a leanas:

  • Feidhmíocht i gCéim Onóracha Baitsiléara incháilithe ar Leibhéal 8
  • Cáilíochtaí acadúla ábhartha breise (más ann dóibh)
  • Taithí ghairmiúil ábhartha (más ann di)

Bíonn plé leanúnach ar siúl le príomhranna in UCC, Oifig na Staidéar Iarchéime, UCC Apply, Earcaíocht, agus Scoil an Oideachais, agus is é is aidhm leis an bplé sin tráthchláir, acmhainní agus sreafaí oibre próisis cuí a bhunú chun próiseas roghnúcháin atá idir chuíchóirithe agus éifeachtach a chinntiú.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána 

Tabhair faoi deara gur gá do mhic léinn ar an gclár seo dul faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána mar beidh siad ar socrúchán nó páirteach i ngníomhaíocht a bhaineann le UCC ina mbeidh siad ag obair gan mhaoirseacht le leanaí agus/nó le daoine fásta leochaileacha. Léigh Beartas agus Nós Imeachta UCC maidir le Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána do Mhic Léinn chun tuilleadh eolais a fháil ar an bpróiseas sin.

 

Fees and Costs

Táillí Agus Costais

Táillí Iarchéime do Mhic Léinn AE agus Idirnáisiúnta 2027/2028

Féach an Sceideal Táillí Iarchéime do Mhic Léinn AE agus Neamh-AE (Idirnáisiúnta) chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Éarlaisí 

Más gá éarlais a íoc ar chlár, déanfar méid na héarlaise sin a asbhaint ón táille atá le híoc don dara seimeastar i mí Eanáir.

Íoc na dtáillí 

Is gá táillí a íoc ina dhá dtráthchuid chothroma. Déantar an chéad íocaíocht nuair a chláraítear don chúrsa agus íoctar an chuid eile faoi dheireadh mhí Eanáir go hiondúil.

Conas is féidir liom táillí a íoc? 

Féach na roghanna éagsúla ar an leathanach Conas a íocaim táillí?

Ceisteanna? 

Féach an rannán Déan teagmháil linn ar leathanach Oifig na dTáillí.

How To Apply

Conas Iarratas a Dhéanamh

Féach an leathanach tiomnaithe Conas iarratas a dhéanamh chun tuilleadh eolais a fháil mar aon le treoracha chun cur isteach ar an MGO (Bunoideachas) in UCC.

Tabhair faoi deara: Déanfar athbhreithniú iomlán ar na hiarratais ar fad tar éis an spriocdháta d’iarratais i Mí an Mheithimh 2027 (dáta le dearbhú).

Déanfar tairiscintí do mhic léinn a thosóidh san fhómhar ina dhiaidh sin.

Is é an 26 Eanáir 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratais ó mhic léinn neamh-AE.

Iarratasóirí ag a bhfuil cáilíochtaí a baineadh amach lasmuigh d’Éirinn

Ní mór d’iarratasóirí an grád acadúil iontrála riachtanach a chomhlíonadh, atá coibhéiseach leis na riachtanais i gcás cáilíochtaí Éireannacha. Féach an leathanach Comparáid idir cáilíochtaí chun tuilleadh eolais a fháil.

Iarratasóirí idirnáisiúnta/neamh-AE

Féach na leathanaigh maidir le conas iarratas a dhéanamh do mhic léinn idirnáisiúnta chun sonraí iomlána a fháil ar an bpróiseas do mhic léinn ó lasmuigh den Aontas Eorpach.

  • In UCC, úsáidimid na téarmaí ‘clár’ agus ‘cúrsa’ araon chun cur síos a thabhairt ar an gclár nó ar an gcúrsa dá gcláraíonn duine in UCC agus ina chuid coláistí, scoileanna, agus ranna. Níl aon difríocht ó thaobh brí de idir na téarmaí sin.
  • Tabhair faoi deara nach bhfuil gach cúrsa ar fáil d’iarratasóirí idirnáisiúnta/neamh-AE, mar sin féach na sonraí thuas. Déan teagmháil leis an Oifig Idirnáisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil.

The closing date for non-EU applications is 01 Márta 2027

For queries regarding course content or timetables please contact

Graduate Studies Office

Oifig na Staidéar Iarchéime

Contact us

2nd Floor, West Wing, Main Quad, UCC , T12 YN60

Ask a question

Contact us

Connect with us

Top