Overview
Post Buan, Lánaimseartha
Is mian le Coláiste na hOllscoile Corcaigh duine a cheapadh ina Léachtóir le Nua-Ghaeilge, fé bhun an bhaic, i bpost Buan Lánaimseartha.Beidh an ball foirne acadúil i mbun teagaisc, scrúdaithe, dualgas riaracháin agus dualgais eile de réir mar is cuí don phost faoi stiúir ghinearalta Cheann Roinn na Nua-Ghaeilge.
Faoi réir ag cuspóir na hOllscoile chun bheith mar institiúid dírithe ar thaigde, beidh sé mar dhualgas ar bhaill foirne acadúla go léir tabhairt faoin taighde agus beidh an taighde mar chuid dá gcuid teagaisc agus oibre ar mhaithe leis an ollscoil, an disciplín agus an pobal.
Is cóir a thabhairt faoi deara go bhféadfadh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus/nó grinnfhiosrúchán idirnáisiúnta póilíneachta a bheith mar chuid den phróiseas roghnúcháin.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in COC féin. D’fhonn teacht ar phacáiste eolais mar aon le sonraí iomlána an phoist, na critéir roghnúcháin agus an próiseas chun iarrratas a dhéanamh, féach ar https://ore.ucc.ie/. Is féidir leis an Ollscoil, de réir a cuid socruithe féin, ceapachán nó ceapacháin bhreise a dhéanamh mar thoradh ar an gcomórtas seo ach an próiseas a bheith tugtha chun críche.
Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla faoi rún a phlé leis an gCeann Roinne, an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Guthán: 021 4902665, Ríomhphost: ailbhe.nighearbhuigh@ucc.ie
This position is being filled as part of UCC Futures - Future Humanities.
What is UCC Futures – Future Humanities
The Future Humanities Institute (FHI) is the new interdisciplinary research institute for the humanities in UCC and represents one of the constituent areas of the UCC Futures initiative. The FHI seeks to promote, build and sustain research excellence in the arts and humanities by forging interdisciplinary relationships across the College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences, the wider University and beyond. As the home of artistic research, critical methodologies and historical and cultural analysis, the Future Humanities Institute will drive research on the critical societal challenges that face Ireland, humanity and the planet in the 21st century.
The Institute brings together arts and humanities scholars from a broad range of disciplines to pursue transdisciplinary research. While involving researchers, schools and departments and centres from across all four Colleges, from a governance and resource perspective the FHI is aligned with the College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences.
The Future Humanities Institute is the home of the Radical Humanities Laboratory (RHL), six College-wide research clusters, and will also serve as the umbrella institute for a number of affiliated research centres and institutes. Through the broad spectrum of activities pursued by the various components of the Institute, it will strengthen collaborative humanities research culture building on the dynamic and bottom-up research capacity of CACSSS in tandem with the strategic goals and expertise in the Radical Humanities Laboratory.
The FHI will also be the home of interdisciplinary humanities led projects funded through national and international sources.
Duties of the post
Faoi réir ag cuspóir na hOllscoile chun bheith mar institiúid atá dírithe ar thaigde, beidh sé mar dhualgas ar bhaill foirne acadúla go léir tabhairt faoin taighde agus beidh an taighde mar chuid dá gcuid teagaisc agus oibre ar mhaithe leis an ollscoil, an disciplín agus an pobal. Beidh an ball foirne acadúil i mbun teagaisc, scrúdaithe, dualgas riaracháin agus dualgais eile de réir mar is cuí don phost faoi stiúir ghinearalta Cheann Roinn na NuaGhaeilge.
Ba cheart na róil agus na dualgais atá leagtha amach thíos a thuiscint i gcomhthéacs na Reachtanna cuí agus áit ar bith a mbíonn difear sa tuiscint sin, is iad na forálacha reachtúla atá sa chéad áit. Ar mhaithe le soiléireacht, na gnéithe cuí de na reachtanna nach bhfuil cuimsithe sna ranna uimhrithe, cuirtear iad mar aguisín i gcló iodálach faoi gach fo cheannteideal.
Teagasc agus Scrúdúchán | Taighde | Ionchur
Teagasc agus Scrúdúchán
- Cur le agus cabhrú le teagasc, measúnú agus scrúdúchán, atá bunaithe ar thaighde, ar chúrsaí ag leibhéal na fo- agus na hiarchéime agus, más cuí, le haghaidh daoine fásta agus cúrsaí oideachais leanúnaigh;
- Maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail taighde le haghaidh clár fo- agus iarchéime;
- Tabhairt faoi mhodúil a fhorbairt agus a mheas ar bhonn rialta i dtaca le hábhar, soláthar agus cúrsaí measúnaithe;
- Páirt a ghlacadh i bhforbairt tionscnamh curaclaim nua;
- Feabhas sa teagasc agus san fhoghlaim a léiriú agus modheolaíochtaí nuálacha a chur i bhfeidhm laistigh de Roinn na Nua-Ghaeilge agus laistigh d’aonaid acadúla eile san Ollscoil, de réir mar is cuí;
- Caighdeáin acadúla a chothú laistigh dá d(h)isciplín féin.
- Cúnamh ina gcuid staidéir a thabhairt do mhic léinn agus iad ag freastal ar a gcuid gnáthléachtaí ach comhairle a chur orthu agus teagasc neamhfhoirmiúil a sholáthar mar aon le scrúduithe ó am go ham agus ar bhonn tréimhsiúil, agus nithe eile nach iad a mheasann an léachtóir gur chun tairbhe iad;
- ina theannta sin, déanfaidh an léachtóir na socruithe a mheasann sé/sí a bheadh oiriúnach chun bualadh le mic léinn a bhfuil ceisteanna ar leith acu.
Taighde
- Tabhairt faoi thaighde agus scoláireacht thorthúil agus cur chun cinn an eolais a chothú, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí taighde agus an taighde a fhoilsiú sna foilseacháin phiarmheasúnaithe chuí, i saothair chruthaitheacha nó i modhanna eile scoláireachta atá oiriúnach don disciplín.
- Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn taighde iarchéime;
- Tabhairt faoi thionscnaimh a chruthóidh ioncam taighde le haghaidh an disciplín de réir mar is cuí;
- Plé le gníomhaíochtaí scoláireachta eile a bhaineann leis an disciplín taighde.
Ionchur
- Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí riaracháin na roinne/na scoile agus i saol acadúil an Choláiste agus na hOllscoile ar an gCampas;
- Ballraíocht ar choistí a ghlacadh de réir mhianta na hOllscoile;
- Naisc a fhorbairt le comhlachtaí gairmiúla agus le gníomhaireachtaí seachtracha, de réir mar is cuí;
- An disciplín a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den Ollscoil agus cur le saol intleachtúil na hOllscoile agus na sochaí i gcoitinne.
- Dualgais phoist eile de réir mar is cuí a chomhlíonadh a gheofar ó cheann an disciplín/na roinne/na scoile
- dualgais riaracháin agus dualgais eile a chomhlíonadh a thabharfar dó/di ar bhonn dlíthiúil laistigh dá roinn nó dá (h)aonad acadúil eile;
- freastal ar chruinnithe na Comhairle Acadúla ach é/í ina b(h)all; páirt a ghlacadh sna coistí go léir ar a mbeidh sé/sí ceaptha ag an Údarás Rialaithe nó ag an gComhairle Acadúil, agus cabhrú agus comhoibriú leis an Údarás Rialaithe i slite réasúnta eile de réir mhianta an Choiste Rialaithe, ar mhaithe le cúrsaí smachta agus dea-iompair i measc na mac léinn, nó ar mhaithe le gnóthaí laethúla na hOllscoile.
Ní liosta eisiach ná iomlán an liosta thuas agus tá seans ann go leagfaí dualgais réasúnta eile ar an té a cheapfar. Ní mór do gach ball foirne a bheith solúbtha, comhoibritheach agus gairmiúil ó thaobh riachtanais an phoist de chomh maith le riachtanais an Disciplín/na Roinne/na Scoile, an Choláiste agus na hOllscoile. Tá mór-athchóiriú ar bun ag an Ollscoil ar a cuid struchtúr inmheánach agus seans ann go dtiocfaidh athruithe ar eagrú a cuid gníomhaíochtaí amach anseo.
Selection Criteria
Beifear ag súil go mbeidh na nithe seo leanas ag an iarrthóir rathúil:
Cáilíochtaí | Teagasc agus Scrúdúchán | Taighde | Ionchur | Eile
Cáilíochtaí
Riachtanach
- Beidh dochtúireacht i ndisciplín ábhartha ag iarrthóirí nó beidh siad ar tí tráchtas dochtúireachta i ndisciplín ábhartha a chur isteach;
Teagasc agus Scrúdúchán
Riachtanach
- An taithí teagaisc chuí nó fianaise ar acmhainneacht teagaisc;
- Taithí ar thopaicí a theagasc i nGaeilge ag an tríú leibhéal.
Inmhianaithe
- Cumas chun cur le réimse clár teagaisc ag leibhéal na fo- agus na hiarchéime laistigh agus lasmuigh den raon saineolais;
- Cruthúnas a léiriú maidir le feabhas i dteagasc atá bunaithe ar thaighde;
- Cruthúnas go dtuigtear teicneolaíochtaí teagaisc nua-aimseartha agus go bhfuiltear sásta iad a úsáid chomh maith leis an acmhainneacht chuí a léiriú maidir le teagasc nuálach agus forbairt curaclaim;
- Cruthúnas gur féidir mic léinn a theagasc, a spreagadh agus a mhaoirsiú agus gur féidir smaointe agus coincheapa a chur in iúl i dtimpeallacht teagaisc agus foghlama.
Taighde
Riachtanach
- Fianaise ar an dul chun cinn cuí i gcúrsaí taighde ach saothar foilsithe nó torthaí taighde eile a bhaineann le disciplín na Gaeilge a léiriú.
Inmhianaithe
- Acmhainneacht chun maoiniú a thiomsú ó dheontais taighde iomaíocha nó ó fhoinsí eile de réir mar is cuí;
- Taithí ar mhaoirsiú taighde nó acmhainneacht chun amhlaidh a dhéanamh;
- Cruthúnas ar ghníomhaíocht scoláireachta eile;
- Cumas agus toilteanas chun comhoibriú le comhghleacaithe ar thionscadail taighde, de réir mar is cuí don disciplín.
Ionchur
Riachtanach
- Taithí riaracháin nó fianaise ar chumas chun cur le riarachán acadúil;
- Acmhainneacht chun páirt ghníomhach a ghlacadh i saol intleachtúil iomlán na hOllscoile, an disciplín acadúil agus na sochaí i gcoitinne.
Inmhianaithe
- Taithí nó acmhainneacht a léiriú maidir le páirt a ghlacadh sna comhlachtaí/cumainn acadúla agus ghairmiúla ábhartha de réir mar is cuí.
Eile
Riachtanach
- Dea-scileanna cumarsáide agus idirphearsanta;
- Sár-chumas sa Ghaeilge idir scríobh agus labhairt;
- Fianaise ar chumas chun oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann;
- Cumas agus toilteanas chun oibriú i dtimpeallacht chomhoibritheach;
- Tuiscint agus comhbhá a léiriú i dtaca le cúiseanna imní na mac léinn;
- Tiomantas d’fhorbairt fhadtéarmach an disciplín.
The University, at its discretion, may undertake to make an additional appointment(s) from this competition following the conclusion of the process.
Salary Information
Is féidir an ceapachán a dhéanamh ar Scála Tuarastail Léáchtóirí: Faoi bhun an Bhaic €43,028 - €73,909 (Scála B) / €45,116 - €70,327 (Scála A).
Applications for this post
How to apply
Applications for this post are received through UCC's online application portal by selecting 'Academic UCC Futures' in the search by vacancy type field.
Queries relating to the online application process should be referred to uccfuturesrecruitment@ucc.ie, quoting the job title.
What to include in your application
Applications should consist of your academic CV and a cover letter demonstrating your academic and research achievements. We would also like to hear about your research ambitions and how your academic and research profile aligns with the UCC Futures - Future Humanities initiative.
Details of the following should also be included, as appropriate:
- Publications
- Research Interests
- Grants and Funding
- Teaching Interests and Abilities
- Teaching Objectives and Methods
Who to contact
Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Tel: 021 4902665, Email: ailbhe.nighearbhuigh@ucc.ie
Deadline for applications
Candidates should apply, in confidence, before 12pm (Irish Local Time) on Tuesday, 25 August 2026.
No late applications will be accepted.
Equality statement
University College Cork is committed to being a fully inclusive global university which actively recruits, supports and retains colleagues from all sectors of society. Equality, Diversity and Inclusion (EDI) are core values under our UCC Strategic Plan 2023-2028. UCC holds a Bronze Athena SWAN award in recognition of our commitment to advancing equality in higher education. We value diversity as well as celebrate, support and thrive on the contributions of all our employees and the communities they represent. We are proud to be an equal opportunities employer and encourage applications from everybody, regardless of age, care-giving status, disability, ethnicity, gender and/or gender identity or expression status, nationality, marital status/civil partnership, pregnancy and maternity, race, religion/creed, and/or sexual orientation. We are committed to supporting all staff through flexible working schemes, family-friendly policies, training and development, and staff networks. We value the enrichment that comes from a diverse community and seek to promote equality, prevent discrimination and protect the human rights of each individual in line with equality legislation. We encourage applicants to consult our Dignity and Respect Policy and learn more about our EDI related initiatives.