Coistíocht

Obair an Bhoird
Is coiste staitiúideach é Bord na Gaeilge a cuireadh ar bun faoi Chaib. E, Mír 8 de Phríomh-Staitiúid Choláiste na hOllscoile Corcaigh agus tháinig i bhfeidhm i mí Meithimh 2008.
Leagann an Bord polasaí síos maidir le cur chun cinn na Gaeilge i saol an Choláiste. Tá sé ráite i bhFéilire an Choláiste gur mian leis na hÚdaráis "go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn i ngnáthshaol an Choláiste i measc na foirne agus i measc na mac léinn."
Tagann na moltaí atá á ndéanamh faoi hocht gcinnteideal:
Inmheánach
- Oiliúint Phraiticiúil sa teanga labhartha
- Timpeallacht Ghaeilge
- Cúrsaí acadúla agus gníomhaíochtaí trí Ghaeilge
- Ollscolaíocht Ghaeilge sa Ghaeltacht
Seachtrach - An tÚdarás um Ard-Oideachas
- Ollscoil na hÉireann
- Reachtaíocht Teanga in Éirinn
- Aontas na hEorpa
Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh na ballraíochta (cf. Caib. E, Mír 8, Príomh-Staitiúid COC):
- Baill ex-officio (5)
- Baill tofa ag an gCoiste Rialaithe (2)
- Baill ainmnithe ag an gComhairle Acadúil agus tofa ag an gCoiste Rialaithe (2)
- Baill tofa ag na ceithre Choláiste Acadúla (4)
- An Rúnaí (i láthair)
- Baill a comhthoghtar (2)
Maireann tréimhse oifige an Bhoird cúig bliana.
Ballraíocht an Bhoird 2019-2024
(a) BAILL EX-OFFICIO:
An tUachtarán, An tOll John O'Halloran
Oifig an Uachtaráin
Cathaoirleach an Choiste, An Dr Ciarán Ó Gealbháin
Roinn an Bhéaloidis
An Cláraitheoir Eatramhach, An tOll Stephen Byrne
Oifig an Chláraitheora
An tOll Pádraig Ó Macháin
Roinn na Nua-Ghaeilge
An tOll John Carey
Roinn na Sean- & Meán-Ghaeilge
Katie Halpin-Hill
Aontas na Mac Léinn
(b) BAILL TOFA AG AN gCOISTE RIALAITHE:
Mr Michael Delargey
Dr. Dermot O’Mahoney
(c) BAILL AINMNITHE AG AN gCOMHAIRLE ACADÚIL AGUS TOFA AG AN gCOISTE RIALAITHE:
An Dr Ciara O’Toole
Scoil na dTeiripí Cliniciúla
An tOll Cathal O’Connell
Scoil na Staidéar Sóisialta Feidhmeach
(d) BAILL AINMNITHE AG NA CEITHRE CHOLÁISTE ACADÚLA:
An Dr Seán Ó Conaill
Roinn an Dlí
An Dr Caoimhín Ó Muirí
Roinn na Sean-Ghaeilge
Dr John MacSharry
Coláiste an Leighis agus na Sláinte
Dr Jerry Reen
Coláiste na hEolaíochta, na hInnealtóireachta 7 na hEolaíochta Bia
(e) BAILL CHOMHTHOFA:
An Dr Orla Ní Dhubhghaill
Brian Ó Donnchadha, Uas.
An Rúnaí: Dr Caitríona Ní Churtáin